Daly ag déanamh ar Strasbourg agus Andrews ag brath ar an mBreatimeacht

Tá an uile shuíochán sa toghchán Eorpach i mBaile Átha Cliath líonta agus an comhaireamh ag dul ar aghaidh fós sna hionaid eile

Daly ag déanamh ar Strasbourg agus Andrews ag brath ar an mBreatimeacht

Is í an Teachta Dála de chuid Independents4Change Clare Daly a ghnóthaigh an tríú suíochán sa toghchán Eorpach i mBaile Átha Cliath agus í chun tosaigh ar iarrthóir Fhianna Fáil Barry Andrews, a fuair an suíochán deireanach sa toghlach.

Ní bheidh Andrews ag dul chun Parlaimint Strasbourg nó go bhfágfaidh an Bhreatain an tAE, má tharlaíonn sin. 

Bhuaigh Clare Daly an tríú suíochán agus 87,770 sa deireadh aici. 68,952 vóta a bhí ag Andrews sa cheathrú háit. 

D’éirigh le Daly dul chun tosaigh ar Andrews nuair a díbríodh an feisire de chuid Shinn Féin, Lynn Boylan, tar éis an 15ú  comhaireamh.

Cuireadh an comhaireamh ar fionraí aréir i ndiaidh aighneas faoinar cheart vótaí Boylan a dháileadh seachas an dá shuíochán a líonadh scun scan.

Socraíodh vótaí Boylan a roinnt, rud a chuir Clare Daly chun cinn ar Andrews.

Níos túisce inniu, ghabh an tAire Stáit sa Roinn Rialtais Áitiúil John Paul Phelan a leithscéal as mí-eolas a scaipeadh faoi cheist dháileadh na vótaí i mBaile Átha Cliath. Dúirt John Paul Phelan ar maidin nár cheart vótaí Boylan a dháileadh, ach dúirt sé ina dhiaidh sin gurbh amhlaidh gur “cás mea culpa” aige é.

Ó dheas, beidh an t-iaruachtarán ar CLG agus Gaeilgeoir líofa Seán Kelly ag filleadh ar pharlaimint na hEorpa den tríú téarma.

Toghadh an Feisire Eorpach de chuid Fhine Gael i dtoghlach an Deiscirt ar an naoú comhaireamh.

Tháinig an Ciarraíoch sa chéad áit le 118,444 vóta céadrogha agus é gar don chuóta – 119,866 – ar an gcéad chomhaireamh.

Beidh suíochán chomh maith ag iarrthóir Fhianna Fáil Billy Kelleher a fuair 84,083 vóta céadrogha.

Tá Kelleher sa dara háit sa toghlach cúig shuíochán agus é chun tosaigh ar an iarrthóir de chuid Independents4Change TD, Mick Wallace. Beidh sé ina throid go bun an angair don suíochán deireanach agus an feisire Eorpach Gaeltachta de chuid Shinn Féin Liadh Ní Riada, a fuair 79,072 vóta céadrogha, chun tosaigh ar Grace O’Sullivan ó Chomhaontas Glas a fuair 75,946, Malcolm Byrne,  Fianna Fáil, a fuair 69,166 vóta, agus an feisire eile de chuid Fhine Gael Deirdre Clune a fuair 64,605 vóta.

Cuireadh tús arís ar maidin le comhaireamh na vótaí i dtoghchán Eorpach Bhaile Átha Cliath tar éis an aighnis idir na hiarrthóirí a d’fhág gur cuireadh an comhaireamh ar fionraí aréir.

Nuair a cuireadh stop le cúrsaí tar éis an 14ú comhaireamh aréir, bhí Barry Andrews chun tosaigh ar Clare Daly don tríú suíochán sa toghlach. 

Toghadh cheana féin i mBaile Átha Cliath Ciarán Cuffe ó Chomhaontas Glas agus Frances Fitzgerald, Fine Gael. Toghadh Mairéad McGuinness i dtoghlach an Láir Tíre- an Iarthuaiscirt, mar a bhfuil an neamhspleách Luke ‘Ming’ Flannagan sa dara háit agus an dara hiarrthóir de chuid Fhine Gael, Maria Walsh sa tríú háit.

Meastar go bhfuil tréimhse eile san Eoraip i ndán do Matt Carthy ó Shinn Féin atá chun tosaigh ar an neamhspleách Peter Casey agus Saoirse McHugh, Comhaontas Glas.

Tá nach mór gach ceann den 949 suíochán sna toghchán áitiúla líonta agus Fianna Fáil ar an bpáirtí is mó le sciar 26.9% den vóta agus 277 suíochán acu.

Ó thuaidh, chuir an Alliance cor gan choinne i gcúrsaí polaitíochta sna Sé Chontae nuair a bhain a gceannaire Naomi Long suíochán amach i bParlaimint na hEorpa.

D’éirigh le Long, beagnach 106,000 vóta céadrogha a fháil, díreach taobh thiar de Shinn Féin agus an DUP. Fágann bua Long go bhfuil dhá cheann de na trí shuíochán ó thuaidh ag páirtithe atá i gcoinne an Bhreatimeachta.

Fuair an Alliance a dhá oiread vótaí agus a fuair Páirtí Aontachtach Uladh, 53,052, a bhí ag cosaint an tríú suíochán.

143,112 an cuóta a bhí sa toghcheantar agus níor shroich aon iarrthóir é sin ar an gcéad chomhaireamh.

Mar a rinne sí in 2014, ba í Martina Anderson, Sinn Féin, ba mhó a fuair vótaí céadrogha agus d’éirigh léi a suíochán a choinneáil.  Diane Dodds an DUP a fuair an suíochán eile.

Fág freagra ar 'Daly ag déanamh ar Strasbourg agus Andrews ag brath ar an mBreatimeacht'