Daltaí as Coláiste na Coiribe agus Coláiste Ghobnait Inis Oírr ag ceiliúradh ag comórtas gnó

Rachaidh daltaí as Coláiste na Coiribe i gcathair na Gaillimhe agus daltaí as Coláiste Ghobnait, Inis Oírr, ar aghaidh chuig Craobh Náisiúnta Chlár na gComhlachtaí Údarás na Gaeltachta 

Daltaí as Coláiste na Coiribe agus Coláiste Ghobnait Inis Oírr ag ceiliúradh ag comórtas gnó

Focal Eile, Coláiste Ghobnait, Inis Oírr, Patrick Ó Domhnaill, Ruairí Dack agus Ruth Ní Shamsún

Bronnadh na duaiseanna ag comórtas fiontraíochta do scoileanna Gaeltachta sa Ghaillimh ar dhaltaí a rinne aip nuálach Ghaeilge agus ar dhaltaí a chruthaigh seirbhís a chuireann portráidí de láimh ar fáil atá bunaithe ar ghrianghraif.

Daltaí as Coláiste na Coiribe i gcathair na Gaillimhe agus daltaí as Coláiste Ghobnait, Inis Oírr, a bhí ag ceiliúradh ag an mbabhta ceannais réigiúnach den chomórtas de chuid Údarás na Gaeltachta a bhí ar siúl i Seanscoil Sailearna in Indreabhán.

Rachaidh siadsan ar aghaidh chuig Craobh Náisiúnta Chlár na gComhlachtaí Údarás na Gaeltachta. 

Focal Eile is ainm do ghnó dhaltaí Choláiste Ghobnait, Inis Oírr, a chruthaigh aip nuálach a cheadaíonn do dhuine an cluiche ‘Crochadóir’ a imirt trí Ghaeilge ar a fhón póca.

Photraits is ainm do thogra dhaltaí Choláiste na Coiribe a chruthaigh áis a dhéanfaidh portráid de ghrianghraf de dhuine.

Photraits, Coláiste na Coiribe, Gaillimh, Miriam Nic an Úcaire, Rachel Ní Earchaí, Éabha Ní Chonghaile

Ghlac 750 dalta idirbhliana Gaeltachta, as Corcaigh, Gaillimh, Dún na nGall, Ciarraí, Maigh Eo, an Mhí agus Port Láirge páirt i mbliana i gClár na gComhlachtaí a bhíonn á reáchtáil ag Údarás na Gaeltachta i gcomhar le Junior Achievement Ireland (JAI).

Beidh buaiteoirí chraobh na Gaillimhe in iomaíocht le buaiteoirí na gceantar eile i gCraobh Náisiúnta Chlár na gComhlachtaí a bheidh ar siúl in Óstán Chósta Chonamara ar an 2 Aibreán.

Fág freagra ar 'Daltaí as Coláiste na Coiribe agus Coláiste Ghobnait Inis Oírr ag ceiliúradh ag comórtas gnó'