Dalta ó scoil lán-Ghàidhlig maraithe i dtimpiste in Albain

Tá cailín eile a bhí ag spraoi leis an gcailín a maraíodh ag teacht chuici féin san ospidéal i nGlaschú anois

Dalta ó scoil lán-Ghàidhlig maraithe i dtimpiste in Albain

Maraíodh go tragóideach Kayla MacDonald, as an Dún Beag, baile beag taobh amuigh den Óban in Albain, nuair a thit lomáin adhmaid uirthi i gcoill i Meadarloch in iarthar na tíre inné.

Bhí an cailín ocht mbliana d’aois ar saoire i Meadarloch lena muintir. Cainteoir líofa Gàidhlig a bhí inti a d’fhreastail ar an scoil lán-Ghàidhlig i gCreag Tarail Bhig i nGaeltacht na hAlban.

Tugadh chuig an ospidéal i nGlaschú i héileacaptar cailín eile, 12 bliain d’aois, a bhí in éineacht le Kayla MacDonald nuair a thit an t-adhmad orthu.

Tuairiscítear gur tharla an timpiste ar an gcnocán Beinn Lora, áit a mbítear ag siúl go minic. Tá obair fhoraoiseachta ar siúl ar an gcnocán faoi láthair agus is ar an láthair oibre a bhí an bheirt chailíní nuair a tharla an timpiste. Tuairiscítear freisin go raibh fál timpeall ar an láthair oibre ach gur éirigh leis na cailíní dul isteach faoi.

Tá fiosrúchán oifigiúil curtha ar bun ag Pòileas na h-Alba le fáil amach céard go díreach a tharla sa timpiste.

Dúirt muintir an chailín bhig i ráiteas a d’eisigh siad aréir gur cailín ‘speisialta, lán spraoi’ a bhí ina n-iníon agus go ‘lasfadh a gáire seomra ar bith’.

Eisíodh rabhadh faoin obair fhoraoiseachta i scríbhinn do mhuintir na háite le cúpla seachtain anuas.

Fág freagra ar 'Dalta ó scoil lán-Ghàidhlig maraithe i dtimpiste in Albain'