San aguisín atá aige sa leabhar iontach beathaisnéise uaidh, Over The Bar, tá cur síos ag Breandán Ó hEithir ar Bill Doonan an Chabháin.
De réir dealraimh, bhain Bill le clann de chuid an lucht siúil a chuir fúthu i gcontae an Chabháin agus peileadóir ana-nádúrtha a bhí ann. Fánaí ceart ab ea é chomh maith agus tar éis dó dul leis an arm sa tír seo, oileadh mar fhear raidió é. Bhí Bill corrthónach, áfach, agus fonn cogaíochta air. Ba san Eoraip agus in áiteanna eile a bhí na cogaí móra ag an am agus, dá réir, thréig Bill Arm na hÉireann, d’ardaigh a sheolta agus chuaigh le hArm Shasana.
I bhfómhar an bliana 1943 agus an cogadh i ndeisceart na hIodáile ina theas, bí Bill Doonan mar fhear raidió lena aonad. Domhnach áirithe i mí Meán Fhómhair, ní raibh aon radharc ar Bill. Bhí sé bailithe leis gan tásc ná tuairisc. Ba léir dona chomhghleacaithe nach lámhachta a bhí sé toisc go raibh sánas sa choimhlint ag an am. Bhí sé ag dul dóibh fios fátha an scéil a dhéanamh amach.
Chuathas ag cuardach agus thángthas ar Bill Doonan sa deireadh. Fiú ansan, ba dheacair a aird a mhealladh. Bhí sé in airde ar chrann, ar thaobh cnoic agus ba dhóigh leat gur fé gheasa a bhí sé. Agus seans go raibh leis, mar tar éis mórán iarrachta agus tástála, bhí an saighdiúirín singil Doonan tar éis teacht de dhroim toinn raidió ar chraoladh ó Pháirc an Chrócaigh den dara leath de chluiche ceannais na hÉireann idir an Cabhán agus Ros Comáin.
Bhí Bill Doonan róthábhachtach agus rólárnach san iarracht chogaidh chun armchúirt a bhagairt air agus thug sé na cosa leis. Tamall ina dhiaidh sin d’imir Bill Doonan sacar ar feadh bliana le Lincoln City agus bhuaigh sé dhá chraobh uile-Éireann leis an gCabhán, ceann acu sna Polo Grounds i 1947 agus ceann eile bliain ina dhiaidh sin i bPáirc an Chrócaigh féin.
Má chuireann aoinne aon cheist go deo ort, a dúirt Breandán Ó hEithir ina leabhar, fé bhrí agus anam agus éirim Chumann Lúthchleas Gael, cuimhnigh ar Bill Doonan, an fánaí aonair ar thaobh cnoic, cogadh dearg ina thimpeall agus é aige baile ceart.
Chuimhníos ar Bill Doonan tráthnóna inné ach a bhfaca gaisce imreoirí an Chabháin i bPáirc na Lúthchleasaithe. Chuimhneofá leis ar na mílte duine ón gCabhán agus iad aige baile ina dtithe féin. Dream daoine is ea muintir an Chabháin atá glan scuabtha as a meabhair chun caide, agus dála Bill Doonan i 1943, iad ag brath ar na meáin chumarsáide chun scéal an iontais a chlos.
Ba thrua agus is trua go bhfuil an rian atá fágtha ag an aicíd ghránna sin ar an mbliain 2020 ach ní dócha go bhfuil san ag déanamh puinn tinnis do dhaoine in áiteanna ar nós Cill Droim Feartáin, Cill na Seanrátha, Cill na Leice agus Dún an Rí inniu. Is iad an Cabhán curaidh Uladh tar éis trí bliana is fiche ag feitheamh agus ní fhéadfadh aoinne é sin a cheilt anois orthu.
Bhí macallaí na staire i ngach póirse an deireadh seachtaine seo. Ba phribhléid cheart dom féin bheith i láthair i bPáirc an Chrócaigh Dé Sathairn do chomóradh Dhomhnach na Fola.
Ní dócha gur fiú puinn eile a rá fé bhua Átha Cliath tar éis an tsearmanais ach gur ag dul i dtreo na foirfeachta atá lucht na ngeansaithe gorma gach aon lá a chuireann siad chun páirce anois. Ní fheicim aon ní ag teacht idir iad agus a séú craobh uile-Éireann as a chéile an mhí seo chughainn.
Ba dhealbh agus ba dhearóil an radharc iad imreoirí chontae na Mí, áfach, an fhoireann is déanaí go bhfuil a bputóga scaoilte amach ar an mbán chuchu ag Áth Cliath.
Díreach agus mé ag fágaint Pháirc an Chrócaigh oíche Dé Sathairn, bhí comhrá agam leis an údar Michael Foley, fear inste scéil agus iriseoir cruthanta a chuir roimis go mbeadh scéal Dhomhnach na Fola i mbarr a ngoib ag oiread daoine agus a chuirfeadh spéis ann. Corcaíoch ó Chill an Mhuilinn lastoir de Mhaigh Eala is ea Michael agus nuair a bhíos ag labhairt leis coicíos roimis sin i bPáirc Uí Chaoimh, bhí sé lán de cheol, ní nach ionadh tar éis a mbua ar Chiarraí.
Oíche Dé Sathairn, áfach, taibhsíodh dom go raibh ualach na staire ag luí go trom air. Thuig sé níos fearr ná aoinne go mbeadh geansaí Thiobraid Árann na bliana 1920 mar lóchrann agus mar lón anama ag imreoirí an lá dár gcionn. Bhí Áth Cliath agus Maigh Eo cáilithe do bhabhtaí leathcheannais na hÉireann agus bhí contae an Chabháin fós san áireamh. Don té a ghéilleann don athdhúchas, do mhacallaí na muintire, do ghuth na staire ag glaoch aniar orainn de shíor, bhí go leor ann le bheith ag breith chughat féin mar Chorcaíoch.
1920 redivivus má bhí a leithéid riamh ann.
Dála na farraige, faigheann an stair a cantam féin i gcónaí agus don gcéad uair ó 1935, tá Tiobraid Árann inniu ina ríthe ar Chúige Mumhan athuair. Is ag iomadú a bheidh a lucht leanúna agus ag treisiú a bheidh a misneach feasta.
Focal scoir faoin stair agus faoin mbliain sin, 1935. B’in í an bhliain nár thóg Ciarraí páirt i gcraobh na Mumhan chuige. De bharr aighnis idir an IRA agus rialtas De Valera a bhain le príosúnaigh poblachtánacha i gCampa an Churraigh ag an am, thug Ciarraí bua gan choimhlint do Thiobraid Árann i gcraobh na Mumhan agus níor imríodh aon chluiche craoibhe laistigh den gcontae ach an oiread.
Tá ceacht staire ann do lucht na liodán agus na filíochta a bhí le clos thar teora anoir i gCorcaigh le coicíos anuas, gur nós le foirne Chiarraí féiríní a thabhairt uathu anois is arís – laethanta geala glórmhara ag contaetha eile sa chúige. Tiobraid Árann i 1935, Port Láirge i 1957, Corcaigh i 1983, An Clár i 1992 agus Corcaigh arís coicíos ó shin.
Deir ceachtanna seo na staire linn gur fés na foirne a bhuann gan choinne atá earraíocht a bhaint as laethanta sin an iontais níos déanaí sa chraobh. Trí aitheantas a thabhairt do cheachtanna na staire i bPáirc Uí Chaoimh inné, scrígh imreoirí Thiobraid Árann a gcaibidil féin ins na hannála.
A chonách san orthu!
Fág freagra ar 'Dála na farraige, faigheann an stair a cantam féin i gcónaí…'