Dáiví agus Góiliat, leon agus luch i dTiobraid Árann

Mar is gnáth beidh dianchomórtas ann do chraobh chlubanna na Mumhan agus seaimpíní cúig chontae láidir san iomaíocht

Dáiví agus Góiliat, leon agus luch i dTiobraid Árann

Tá an aimsir ag dul in olcas agus cluichí ag teacht go tiubh agus go tréan dos na foirne is fearr sa tír atá fós ina seasamh. Tá na cluichí cúige tosnaithe, imreoirí ag dul amach ag traenáil I ndrochaimsir ar dhrochpháirceanna.. 

Mar is gnáth beidh dianchomórtas ann do chraobh chlubanna na Mumhan agus seaimpíní cúig chontae láidir san iomaíocht.  

Bhí an-chríoch againn i gcraobh na hÉireann 2021 agus an-choimhlint go deo i gcúpla cluiche idir foirne a bhí an-chothrom. 

Cé a dhéanfaidh dearmad ar chluiche leathcheannais na hÉireann go luath i mbliana? Am cúiteamh gortuithe beagnach thart agus Naomh Tomás na Gaillimhe dhá chúilín chun tosaigh ar ríthe an chomórtais, Baile Héil. Géilleann foireann na Gaillimhe poc saor ar thaobh na láimhe deise den chúl agus níos mó ná fiche a haon méadar amach. Seasann beagnach trí cheathrú de leads na Gaillimhe os chomhair TJ Reid a bhí á thógaint. Is beag seans, a cheapamar, go scórálfadh sé an cúl. Dar ndóigh bháigh sé an sliotar san eangach agus bhuaigh Baile Héil an cluiche nó b’fhéidir gur cheart dom a rá gur sciob siad leo an bua. 

Trí seachtaine ina dhiaidh sin bhí an cluiche ceannais againn agus an uair seo Baile Héil ar a slí chuig an tríú Craobh na hÉireann i ndiaidh a chéile agus iad dhá chúilín chun tosaigh ar Bhaile Gunnair Phort Láirge. Bhí 62 nóiméad ar an gclog nuair a bhain an t-ionadaí Harry Ruddle cáil amach dó le cúl iontach na cinniúna. Bhí bua stairiúil faighte aige dó féin, dá chlub agus dá chontae (an chéad chraobh club na hÉireann ag club as Port Láirge). Ceartas dúchais b’fhéidir. 

Bhuel má bhíonn leath den fhuadar agus den spleodar siúd againn sna míonna dorcha amach romhainn beimid sásta go leor. Beidh chéad aicsean na bliana sa Mhumhain amárach agus seaimpíní nua Thiobraid Árann, Cill Ruáin ag tabhairt aghaidh ar Bhaile Gunnair – seaimpíní Phort Láirge naoi n-uaire as a chéile, agus seaimpíní na Mumhan agus na tíre. Is dócha gur Dáiví agus Góiliat nó leon agus luch atá i gceist anseo. An t-aon bhuntáiste beag, más buntáiste é, atá ag Cill Ruáin ná go bhfuil faobhar orthu agus fuinneamh thar a bheith nua agus úr acu ó bhuaigh siad craobh an chontae seachtain ó shin. Sin a bhfuil de bhuntáistí acu, measaim. Is dócha go bhfuil an chuid is mó des na buntáistí ag Bhaile Gunnair, iad breá úr ón gcluiche deireanach craoibhe a bhí acu dhá mhí ó shin (leamh a déarfadh daoine eile), iad lán le taithí, féinmhuinín agus neart réaltaí acu. Níor léir aon easpa díocais orthu sa gcluiche ceannais i gcoinne Chnoc Síon. Tá mórán taithí acu ar a bheith ag imirt in aimsir gheimhriúil. Tá tuiscint mhaith acu ar cé chomh deacair is atá sé craobh na Mumhan a bhuachaint is cé chomh hard is atá an caighdeán. 

Maidir le Cill Ruáin is dócha gur féidir a rá nach bhfuil aon bhrú orthu agus nach bhfuil aon rud le cailliúint acu. Is féidir leo dul amach agus imirt leis an tsaoirse agus an tuiscint go bhfuil sprioc na bliana seo sroichte acu cheana féin agus iad ina seaimpíní sa chontae den chéad uair le seacht mbliana is tríocha. Ar an taobh eile de, tuigeann siad gur foireann eagraithe, láidir iad Baile Gunnair agus go mbeidh orthu bheith i mbarr a maitheasa chun buachaint orthu. Mar is eol dúinn go maith níl in aon rud ach seal agus tiocfaidh deireadh le ré na bhfathach seo am éigin ach ní dóigh liom gur amárach a tharlóidh é sin. 

Beidh an cluiche le feiceáil ar TG4. 

Fág freagra ar 'Dáiví agus Góiliat, leon agus luch i dTiobraid Árann'