Dáithí de Mórdha ceaptha ina Chlár-Reachtaire le RnaG

Tiocfaidh de Mórdha i gcomharbacht ar Lúsaí Uí Bheaglaoich a d’éirigh as an bpost i mBaile na nGall ag deireadh na bliana seo caite

Dáithí de Mórdha ceaptha ina Chlár-Reachtaire le RnaG

Tá Dáithí de Mórdha ó Dhún Chaoin ceaptha ina Chlár-Reachtaire le RTÉ Raidió na Gaeltachta i mBaile na nGall i gCorca Dhuibhne. Tagann de Mórdha, atá ag obair le fada in Ionad an Bhlascaoid i nDún Chaoin, i gcomharbacht ar Lúsaí Uí Bheaglaoich, a d’éirigh as ag deireadh na bliana seo caite.

Beidh de Mórdha, atá ina cholúnaí rialta ag Tuairisc.ie, i mbun obair thuairisceoireachta, léiriúcháin agus láithreoireachta ar chláracha éagsúla de chuid Raidió na Gaeltachta, cláracha nuachta agus siamsaíochta ina measc. Tugann Clár-Reachtairí RnaG cúnamh maidir le soláthar seirbhísí eile de chuid RTÉ freisin.

Críochnóidh de Mórdha a chuid oibre in Ionad an Bhlascaoid an tseachtain seo agus rachaidh sé i mbun oibre sa stiúideo réigiúnach i mBaile na nGall ag tús na míosa seo chugainn. Dúirt sé le Tuairisc.ie go bhfuil sé ag súil leis an bpost nua.

“Tá suim agam san obair, bhíos ag déanamh rudaí beaga anseo agus ansiúd don raidió cheana féin. Bhí mé ag plé le go leor turasóirí agus mé ag obair san ionad, beidh sé go deas a bheith ag plé le mo phobal féin agus mo mhuintir féin amach anseo,” a dúirt sé.

Tá de Mórdha i mbun PhD i láthair na huaire san Roinn Bhéaloidis agus Nuatheicneolaíochta i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Tá taighde á dhéanamh aige ar chartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta i mBaile na nGall.

Fág freagra ar 'Dáithí de Mórdha ceaptha ina Chlár-Reachtaire le RnaG'