Dairena Ní Chinnéide ceaptha ina scríbhneoir cónaithe in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath

Tá súil ag an bhfile Gaeltachta ceardlanna a chur ar fáil agus an doras a oscailt do dhaoine ‘a mbeadh eagla orthu scríobh i nGaelainn roimhe seo’

Dairena Ní Chinnéide ceaptha ina scríbhneoir cónaithe in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath

Tá Dairena Ní Chinnéide, as Gaeltacht Chorca Dhuibhne, ceaptha ina scríbhneoir cónaithe in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath don bhliain acadúil 2017-18.

Is iarmhac léinn de chuid na hOllscoile í Ní Chinnéide a bhain BA amach i Léann na Cumarsáide ann. Tá Ard-Dioplóma i Staidéar an Aistriúcháin ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, aici freisin.

Dúirt Ní Chinnéide le Tuairisc.ie go bhfuil tús curtha lena cuid oibre cheana féin aici, ach go bhfuil sí ag súil le teacht na mac léinn ag tús na míosa seo chugainn.

“Beidh cruinniú agam i gceann seachtaine leis an gclár oibre a phlé agus a leagan amach, ach tá an-chuid tuairimí agam faoi cad is féidir le duine i ról mar seo a dhéanamh do na mic léinn. Tá súil agam ceardlanna a chur ar fáil agus an doras a oscailt do dhaoine a mbeadh eagla orthu scríobh i nGaelainn roimhe seo.

“Beidh eagrán den iris Scáthán ag teacht amach arís i mbliana agus beidh deis ag na mic léinn a gcuid scríbhneoireachta a fhoilsiú ansin agus beidh siad in ann a rá gur scríbhneoirí foilsithe iad. Beidh léachtaí agus rudaí eile ar siúl freisin, ach ba mhaith liom a bheith ar fáil d’éinne atá ag iarraidh labhairt liom faoin scríbhneoireacht Ghaelainne,” a dúirt Ní Chinnéide.

Thosaigh Ní Chinnéide féin ag scríobh i nGaeilge 20 bliain ó shin agus deir sí go bhfuil “cúpla rud foghlamtha” aici le linn na tréimhse sin.

Is file í a bhfuil roinnt cnuasach foilsithe aici, ina measc An Trodaí agus Dánta Eile, Máthair an Fhiaigh agus Bleachtaire na Seirce. Scríobh sí an leabhar Labhraíonn Fungie faoin deilf cháiliúil anuraidh.

Fág freagra ar 'Dairena Ní Chinnéide ceaptha ina scríbhneoir cónaithe in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath'