‘Daidí, níl an teilí in ann thú a chloisteáil’

AG TÓGÁIL CLAINNE: Chaill an Ghaillimh sa chluiche mór in ainneoin na bpaidreacha ach ar a laghad tá Peppa Pig fós ann

GAA Hurling All Ireland Senior Championship Final, Croke Park, Dublin 6/9/2015 Kilkenny vs Galway 7 year old Eimear Commins from Piltown Mandatory Credit ©INPHO/Morgan Treacy
 ©INPHO/Morgan Treacy

“Tá súil le Dia a’m go mbuafaidh Gaillimh,” a dúirt Beainín na Naíonáin bheaga agus í ag dul a chodladh tráthnóna Dé Sathairn seo caite. “Breathnaigh,” a dúirt sí agus chroch sí suas a lámh aníos ó na pluideachaí. Bhí an corrmhéar is an méar láir trasna ar a chéile aici.

Gheall mé go gcoinneoinn mo mhéaracha féin trasnaithe ar a chéile freisin agus dúirt muid paidir bheag do Ghaillimh.

An lá arna mhárach, ghéaraigh ar an teannas i gcaitheamh an lae. Bhí bratachaí crochta ar thithe agus ar shiopaí an bhaile. Bhí méarachaí trasnaithe ar a chéile ar fud an chondae agus den chéa duair riamh, bhí rogha ar fáil, Gaeilge nó Béarla, sa tráchtaireacht teilifíse ar an gcluiche ceannais iománaíochta ó RTÉ.

I dteach s’againne, bhí trí rogha ar fáil. D’fhéadfá éisteacht leis an gcluiche i mBéarla, i nGaeilge nó le beirt thráchtairí an tseomra suí. Is dóigh nach bhféadfá rogha dháiríre a thabhairt ar thráchtaireacht an tseomra suí. Rogha éigeantach, seans, dá mbeifeá ag iarraidh téarma a bhaisteadh air agus é a dhíol mar bhundle teilifíse.

“Cá’l na daoine sin uilig, Daidí?” a d’fhiafraigh príomhthráchtaire an tseomra suí nuair a thosaigh an cluiche. “Sin é anois Páirc an Chrócaigh,” a d’fhreagair an fear imníoch a bhí suite ar chorr an toilg, an babaí ag dreapadh ar a chloigeann, gan súil a bhaint den teilifís.

Go tobann, tháinig béic ón mbosca tráchtaireachta sealadach a bhí socraithe suas ar an taobh thall den tolg ag an tráchtaire eile, nó, ‘an cailín mór beag’ mar is fearr léi féin go dtagrófaí di. “Tá mé ag iarraidh Peppa Pig!”, a dúirt sí agus práinn ina glór. Níor thuig éinne cén bhaint láithreach a bhí ag an bpíosa eolais sin leis an gcomórtas a bhí amach romhainn ar an scáileán.

Lean an imirt ar aghaidh is lean na ceisteanna ar aghaidh in intinn na ndaoine. An mbeadh Gaillimh in ann fanacht chun tosaigh? An mbeadh an lámh in uachtar arís ag Cill Chainnigh? “Cén fáth a bhfuil na hataí aisteacha sin ar na daoine atá ag spraoi?” an cheist phráinneach a bhí ag príomhthráchtaire an tseomra suí. Agus níos práinní fós, “cén uair a bheas seans ag na daoine eile a ghabháil ag spraoi?”

Ba ghearr, áfach, go raibh deireadh leis na ceisteanna. ‘Daidí, níl an teilí in ann thú a chloisteáil,’ a mhínigh príomhthráchtaire an tseomra suí agus imní ina glór.

Bhí sé uilig thart go ceann bliana eile. Chaithfeadh go raibh corrdhuine i gCill Chainnigh ag guí freisin.