Dá mbeinn ag cur cúpla scilling síos anois ar cén fhoireann a bhainfidh an Fómhar…

Tá Christy Ring, an t-aon Dia iomána amháin a bhí ag ár gcolúnaí, mar thánaiste anois ag Henry Shefflin, ach seans gurb iad Tiobraid Árann a bheidh sna flaithis i mbliana

Pictiúr: ©INPHO/Donall Farmer
Pictiúr: ©INPHO/Donall Farmer

Agus CLG ag déanamh dianmhachnamh ar chóras a cheadódh na comórtais go léir a reáchtáil taobh istigh de bhliain an fhéilire is léir go gcaillfidís seoid de lá dá socrófaí cluichí ceannais na gclub a imirt i mí na Nollag. Ach sin díospóireacht do lá níos faide anonn, is dócha.

Is trua go raibh an dá chraobh ar Lá ’le Pádraig chomh haontaobhach sin i mbliana. Ba an-ócáid í agus bhí atmaisféar iontach sa staid roimh an dá chluiche. Ach bhí sé soiléir ag leath ama sa dá choimhlint cé acu de na foirne a bhuafadh.

Sheas an taithí ollmhór atá ag imreoirí cáiliúla Bhaile Héil dóibh ach chabhraigh mí-úsáid seilbhe ar fad Chill Mocheallóg leo, go háirithe sa chéad leath.

Tríd is tríd, bhí imreoirí Cill Chainnigh i bhfad níos fearr sa dara leath agus theip ar iarracht na Luimníoch go luath sa dara tréimhse imeartha. 

Táim cinnte go bhfuil Cill Mocheallóg níos fearr ná mar a léirigh siad i gceanncheathrú CLG. Tá meascán maith imreoirí acu ach faraor is turas fada deacair é filleadh arís ar an staid seo. Ní fada go dtosóidh na cluichí craoibhe contae arís agus sin é an uair is fearr a thuigfidh siad a achrannaí is atá an bóthar fada go dtí an ardchathair. 

Sna cluichí idirchontae, tagann an chéad chuid de shraith Iomána Allianz chun críche an tseachtain seo. Tá sé suimiúil go bhfuil seaimpíní na hÉireann 2013 agus 2014 i mbaol a ndícháilithe agus iad ag imirt a chéile i bPáirc Uí Nualláin ar an Domhnach.

Tá fógra báis na gCat á scríobh cheana ach fanfaimid tamall eile sula dtabharfaimid breithiúnas orthu. Fuaireadar léasadh ó Bhaile Átha Cliath agus Tiobraid Árann agus ní minic a tharlaíonn sé sin. Níl aon dabht ach go mbeidh fhoireann Bhrian Cody faoi bhrú i mbliana d’uireasa na n-imreoirí iontacha atá éirithe as, ach beidh buachaillí Bhaile Héil arís acu, chomh maith le Richie Power agus Eoin Larkin. Beidh siad i bhfad níos fearr ná mar a léirigh siad go dtí seo.

Deir an laoch Henry Shefflin go mbeidh sé ag déanamh cinnidh taobh istigh de seachtain cé acu an leanfaidh sé air mar imreoir idirchontae nó nach leanfaidh. I mo thuairimse crochfaidh sé suas a gheansaí idirchontae agus leanfaidh sé air leis an gclub. Ní bhfuair sé áit bhuan ar an bhfoireann anuraidh, agus cé go mbeidh na Cait ábhairín níos laige i mbliana ní dóigh liom go bhfaigheadh sé áit i measc an chúigear dhéag a thosóidh sna cluichí craoibhe. Níor sheas sé amach ar Lá ’le Pádraig agus ceapaim go bhfuil a rás rite ag an leibhéal seo.

Chomh fada le mo chuimhne, ní raibh againn, i gCorcaigh pé scéal é, ach an t-aon Dia iomána amháin, agus b’in é Christy Ring. Is dócha go gcaithfimid glacadh leis go bhfuil sé mar thánaiste anois ag Henry atá amuigh leis féin ar bharr an liosta.  

Dá mbeinn ag cur cúpla scilling síos ag deireadh mhí an Mhárta ar cén fhoireann a thabharfaidh corn Liam Mhic Cárthaigh leo sa bhfómhar, is ar fhoireann Éamoinn Uí Shé a bheinn ag brath. Chuireadar tús lag leis an tsraith ina gcéad chluiche i gcoinne Bhaile Átha Cliath, ach tá siad ag dul i bhfeabhas gach seachtain ó shin. Tá buíon dheas d’imreoirí nua ag teacht chun cinn agus ó tá formhór imreoirí 2014 fós ag imirt, caithfidh go bhfuil an painéal is láidre sa tír acu i mbliana. 

Beidh fianaise bhreise againn tar éis chluichí an deireadh seachtaine seo.

Fág freagra ar 'Dá mbeinn ag cur cúpla scilling síos anois ar cén fhoireann a bhainfidh an Fómhar…'