Dá mbeifeá-sa i mbróga Enda Kenny faoi láthair…

Níor shásaigh Buiséad gach duine riamh, agus teipfidh ar iarracht eile Dé Máirt

Dá mbeifeá-sa i mbróga Enda Kenny faoi láthair…

Abair gur Taoiseach tú, atá i gceannas ar rialtas mionlaigh. Agus abair go nglactar leis agus sibh ag dul ag dréachtú cáinaisnéise go bhfuil thart ar 1 billiún sa bhreis le caitheamh agaibh in 2017.

Tá moltaí faoin dóigh ar chóir breis airgid a chaitheamh ag teacht ó ’chaon taobh. Thar aon rud eile ba mhaith leat beartais a fhógairt a shásóidh an oiread daoine agus is féidir.

Seo a leanas samhail réasúnta den chaint a chloisfeá mar Thaoiseach, agus de na roghanna a bheadh le déanamh ag do rialtas dá mbeifeá-sa i mbróga Enda Kenny faoi láthair.

Abair i dtosach báire go dtugann an roinn airgeadais le fios go gairid roimh an mBuiséad nach 1billiún ach thart ar 1.2 billiún atá ar fáil dáiríre chun cur le caiteachas nó chun cáin a laghdú.

Seo a leanas meastachán samhailteach den chaiteachas a bheadh ort a phlé le (a) le hairí rialtais i do pháirtí féin, (b) le h-airí  neamhspleácha agus (c) le príomhpháirtí an fhreasúra..

Tá barúil thíos faoi chostas gach beartas a chuirfí faoi do bhráid, agus faoin iarmhéid a d’fhágfaí dá gcuirfí i bhfeidhm é. Gan dabht, ní cruinn-fhigiúirí airgeadais atá i gcló thíos ach buillí faoi thuairim atá réasúnta cóngarach don fhírinne iomlán.

  1. Tuigeann tú féin agus gach aire nach bhfuil aon dul as agaibh ach an pinsean a ardú faoi mar a mhol Teachta glic áirithe as Luimneach. Abair gur ardú 5 sa tseachtain atá beartaithe, cé nach n-íocfar é go dtí lár na bliana. Costas: 100 milliún [Iarmhéid: 1.1bn]
  2. Dúirt an tAire Airgeadais le cruinniú rialtais go gcaithfí tús a chur le laghdú ar an Táille Shóisialta Uilíoch (nó USC). Tá faoisimh eile ar cháin beartaithe aige freisin. Costas: 200 milliún. [900m]
  3. Chuir an tAire Sláinte i gcuimhne dá chomrádaithe rialtais go bhfuil liostaí feithimh na n-ospidéal ag síneadh i gcónaí, agus go bhfuil airgead breise de dhíth go géar ar sheirbhísí éagsúla.  D’iarr sé 600m i dtosach báire. An t-íosmhéid atá riachtanach, dar leis: 300 milliún. [600m]
  4. Tá cabhair éigin tuillte ag na feirmeoirí, a dúirt an tAire Talmhaíochta nuair a thosaigh sibh ag cur is ag cúiteamh. Mhol sé caiteachas breise 200m ar dheontais bhreosla agus scéimeanna éagsúla. An t-íosmhéid a shásódh an t-aire: 100 milliún [500m]
  5. Is léir dúinn ar fad, arsa an tAire Oideachais, go bhfuil an daonra ag méadú, agus go mbeidh orainn múinteoirí scoile breise a earcú. Glacann sibh go léir leis go gcaithfear an t-íosmhéid atá uaidh a chur ar fáil: 30 milliún. [470m]
  6. Ní call dom a rá, a dúirt an tAire Tithíochta libh, go mbeidh orainn níos mó a chur ar fáil le caitheamh ar na beartais éagsúla a theastaíonn chun teacht i gcabhair ar dhaoine óga atá ag iarraidh teach a cheannach, nó lóistín a aimsiú. Tá na sonraí éagsúla i bpáipéar tiubh a chuir sé os bhur gcomhair. An t-íosmhéid sa bhreis a theastaíonn, dar leis: 200 milliún.  [270m]
  7. Caiteachas breise eile nach féidir a sheachaint, cibé socrú a dhéanfar faoi mhaoiniú Uisce Éireann: an bhearna a fhágfar toisc nach mbeidh táillí uisce á n-íoc: Íosmhéid: 100 millliún [170m].
  8. Níl aon dul as agaibh ach géilleadh d’iarratas phríomhpháirtí an fhreasúra go gcuirfí airgead breise ar fáil don chóras oideachais tríú leibhéal. Is léir pé scéal é an cruachás airgeadais atá ag bagairt ar choláistí áirithe.  Íosmhéid 100 milliún [70m]
  9. Gabhaim mo leithscéal, a deir an tAire Post agus Fiontar libh, níl tada curtha i leataobh againn chun déileáil le Brexit agus le díluacháil sterling. Beidh orainn fóirithint ar chomhlachtaí atá ag easpórtáil earraí chun na Breataine. Níl aon rogha againn, a deir sí libh. An t-íosmhéid a theastaíonn: 50 milliún. [20]

Cad a déarfá-sa mar Thaoiseach le cruinniú rialtais ag an bpointe seo? Rud éigin mar seo, b’fhéidir:

“A dhaoine uaisle, níl seans ar bith ann go mbeidh gach dream atá ag áitiú orainn breis airgid a chaitheamh sásta leis na beartais seo. Níl fágtha anois againn ach 20 milliún. Breathnaímis arís eile ar na figiúirí.”

Cuireann Cathal Mac Coille ‘Morning Ireland’ i láthair ar RTE Raidió a hAon

Fág freagra ar 'Dá mbeifeá-sa i mbróga Enda Kenny faoi láthair…'

  • Pól Ó Braoin

    Tabharfaidh mise m’uimhir a haon duit más rud é go mbíonn athrú slí bheatha sna blianta beaga amach anseo uait a Chathail… :)