Dá mbeadh peann sa leithreas, bheadh tús curtha agam le húrscéal nua

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: An tseachtain seo: áis iontach iad sean-albaim ghrianghraf do dhuine a mbeadh ábhar inspioráide uaidh – agus sin é an fáth gur cheart do scríbhneoir a mbeadh saothar idir lámha aige cheana féin fanacht glan orthu

Dá mbeadh peann sa leithreas, bheadh tús curtha agam le húrscéal nua

Dúirt mé seo cheana agus déarfaidh mé arís é: sa leithreas a bhíonn cuid de na smaointe is fiúntaí ag scríbhneoirí. B’ann a bhí mé i mo shuí an oíche faoi dheireadh nuair a rith smaoineamh liom d’úrscéal úrnua.

Tharla go raibh mé tar éis a bheith ag breathnú ar albam grianghraf i dteannta mo mháthar díreach roimhe sin. Sa bhliain 1983 a tógadh na grianghraif, i ndeisceart na Fraince, áit a raibh cór a raibh mo mháthair páirteach ann ar camchuairt. Ocht mbliana d’aois a bhí mise agus sé bliana d’aois a bhí mo dheartháir óg an samhradh sin, agus thaistil muid go ceantar an Drôme in éineacht le cór mo mháthar. 

Níor bhreathnaigh mé ar na grianghraif sin leis na cianta. Bhí dearmad déanta agam go raibh cuid a bhí dubh agus bán ina measc, cinn a thóg ball eile den chór, duine a raibh tuiscint ar leith aige nó aici, ba léir, ar cheird na grianghrafadóireachta. Bhí mé faoi dhraíocht ag an gcaoi ar éirigh leis an ngrianghrafadóir anaithnid seo (níor chuimhin liomsa ná le mo mham cé a thóg na pictiúirí dubha agus bána) daoine a ghabháil ar cheamara i ngan fhios dóibh féin, ach baineadh siar asam nuair a tharla mé ar ghrianghraf díom féin agus mé i mo shuí in ucht mná a dtabharfaidh mé D. uirthi agus a bhí ag druidim le tríocha bliain d’aois, déarfainn, nuair a tógadh na grianghraif seo. Spéirbhean a bhí in D. a raibh sé de nós aici bolg le gréin a dhéanamh le taobh na linne snámha gan an chuid uachtarach dá bicíní uirthi.

Bhí mise go hiomlán i ngrá léi. 

Fan soicind anois, a Alex, a deir tú, nach fear thú a bhfuil dúil aige i bhfir amháin?

Go díreach glan. Mar sin féin, tá mé céad faoin gcéad cinnte go raibh mé meallta ag D. nuair a bhí mé ocht mbliana d’aois. Ach tá mé céad faoin gcéad cinnte, leis, go raibh dúil agam freisin in J., fear ar comhaois le D., ball eile den chór. Níl J. le feiceáil ach i gceann amháin de na grianghrafanna dubha agus bána – brístí gearra air, faraor, seachas na bristí snámha teanna úd nach mbínn in ann mo shúile a bhaint díobh agus J. ag tumadh isteach sa linn snámha a raibh D. ag déanamh brollach le gréin lena taobh.

Is iomaí leabhar a scríobhadh faoi dhúil urchóideach dhaoine fásta i bpáistí, ach nach mbeadh sé spéisiúil úrscéal a scríobh faoina mhalairt, dúil shoineanta pháiste i nduine – nó i ndaoine – fásta?

Ach níorbh í sin an t-aon cheist a bhí ar m’aigne agus mé i mo shuí sa leithreas an oíche cheana. Rith sé liom go bhfuil mé féin sé bliana níos sine anois ná mar a bhí mo mháthair an samhradh úd, agus go bhfuil rudaí ar eolas agam – agus go leor machnaimh déanta agam orthu – a bhí fós le tarlú nuair a tógadh na grianghraif sin. Cá raibh m’athair an samhradh sin? An raibh rud éigin ar siúl cheana féin an t-am sin idir mo mháthair agus stiúrthóir an chóir, fear a mbeadh caidreamh aici leis tar éis do mo thuismitheoirí scaradh óna chéile? Agus cén fáth go gcaitheadh D. lá agus oíche i dteannta mo mháthar, i mo theannta féin agus i dteannta mo dhearthár óig nuair nach raibh aon ghanntanas fear dathúil ar comhaois léi féin sa chór? Céard ba chúis leis an bhféachaint uaigneach sin ar a haghaidh go seasta?

Dá mbeadh peann sa leithreas, is dóichí ná a mhalairt go gcuirfinn tús le húrscéal nua ar an bpointe boise, ar an bpáipéar leithris féin – ach tar éis leathuair an chloig ag machnamh rith sé liom go bhfuil úrscéal eile idir lámha agam le nach mór trí bliana anuas agus go bhfuil an leabhar sin le críochnú sula gcuirfidh mé tús le haon saothar eile.

An ceacht atá le baint as an scéal seo: más scríbhneoir thú, bí cúramach le sean-albaim ghrianghraf. Beidh orm aghaidh a thabhairt ar an siopa soláthairtí oifige ar ball chun cóipleabhar breá nua a cheannacht do na nótaí mo chéad úrscéil eile.

Fág freagra ar 'Dá mbeadh peann sa leithreas, bheadh tús curtha agam le húrscéal nua'

  • Ruth

    Go raibh maith agat as ucht an ailt seo a chur ag gáirí os ard mé.

  • Mise Áine

    Tuigim do chás! Go n-eirí leat na nótaí a bhreacadh síos…táim ag súil go mór leis an scéal sin a léamh…:-)