Dá mbeadh orm rogha a dhéanamh, b’fhearr liom go bhfaigheadh mo mháthair bás ó Covid-19 ná ón uaigneas

CUIMHNE AGUS DEARMAD: Colún míosúil faoin ngalar Alzheimer. An mhí seo: tá an cúram a thugtar do sheandaoine ar bharr liosta na rudaí a mbeidh dianathmhachnamh le déanamh orthu nuair a bheidh ráig seo an Covid-19 thart

Dá mbeadh orm rogha a dhéanamh, b’fhearr liom go bhfaigheadh mo mháthair bás ó Covid-19 ná ón uaigneas

Is mór an faoiseamh dom é nach bhfuil mo mháthair, a bhfuil galar Alzheimer uirthi, i dteach altranais go fóill. Ach oiread le hÉirinn, tá slad á dhéanamh ar áitritheoirí agus ar chúramóirí araon ag an ngalar Covid-19 i dtithe altranais san Ísiltír, mar a bhfuil cónaí ar mo mham.

Sa tír sin, níl na srianta a cuireadh i bhfeidhm d’fhonn an coróinvíreas a choinneáil faoi smacht chomh docht agus atá in Éirinn. Tá cead ag an mbeirt churamóirí a thugann aire do mo mham cúpla uair an chloig in aghaidh na seachtaine leanúint ar aghaidh lena gcuid oibre. Téann mo dheartháir óg ar cuairt uair sa tseachtain agus níos minice ná a mhalairt bíonn a chéile agus mac s’acu ina chuideachta. Is léir, freisin, nár athraigh an coróinvíreas nós seanbhunaithe na gcomharsan bualadh isteach gan cnag a thabhairt ar an doras.

Tuigim go bhfuil an baol ann go dtolgfadh mo mháthair an víreas ó dhuine den dornán daoine a thugann cuairt uirthi go rialta agus go mbeadh sí i bhfíorchontúirt ansin, de réir na staitisticí, ach tá áthas an domhain orm nach bhfuil sí fágtha ar an trá fholamh.

Ní chuirfidh mé aon fhiacail ann. Ar ndóigh, guím fad saoil ar mo mháthair. Ach dá mbeadh orm rogha a dhéanamh idir dhá dhíogha, b’fhearr liom go bhfaighfeadh sí bás ón Covid-19 ná ón uaigneas.

Dá mbeadh sí i dteach altranais, an coróinvíreas rábach ann ach gan cead ag gaolta nó cairde cuairt a thabhairt uirthi, seans go bhfaigheadh sí bás ón dá rud.

Is léir go bhfuil an cúram a thugtar do sheandaoine ar bharr liosta na rudaí a mbeidh dianamhachnamh le déanamh orthu nuair a bheidh ráig seo an Covid-19 thart, óir ar an drochuair is dóichí ná a mhalairt nach í seo an phaindéim dheireanach a bhuailfidh an cine daonna.

Rith sé liom go minic le seachtainí beaga anuas gurbh fhearr cur chuige mhuintir dheisceart na hEorpa – mar a mbíonn mórchuid seandaoine ina gcónaí lena gclann – ná nós iarthuaisceart na hEorpa seandaoine a mbíonn cúram uathu a chruinniú le chéile i dtithe altranais, áit a mbeidís sáinnithe agus i gcontúirt mhór dá dtarlódh paindéim eile. Ar an lámh eile, táthar ann a mhaíonn gurb í an dlúth-theagmháil laethúil a bhíonn ag seandaoine i ndeisceart na hEorpa lena gclann agus lena ngarchlann ba chúis leis an luas diamhrach a bhí faoi scaipeadh an víris i dtíortha ar nós na hIodáile agus na Spáinne.

Fós féin, más é an dá mhar a chéile é, nach é bealach mhuintir dheisceart na hEorpa an cur chuige is daonna? Nárbh fhearr bás a fháil i measc clann agus cairde ná scoite amach ón saol i mbarda dúnta? 

Is maith a thuigim, ar ndóigh, go mbeadh impleachtaí móra ag cur chuige a bheadh bunaithe ar chúram baile ar mo shaol féin; bheadh orm beart a dhéanamh de réir mo bhriathair, slán a fhágáil le mo shaol sa Bhrasaíl agus leis na daoine atá ag brath orm anseo agus bogadh abhaile le haire a thabhairt do mo mham – nó ar a laghad ar bith, le bheith níos cóngaraí di an chéad uair eile a bhuailfeas paindéim éigin sinn.

Ceist chasta í sin, atá fite fuaite leis an gceist íogair eiticiúil úd a bheidh orainn ar fad a fhreagairt, inár nduine is inár nduine agus mar shochaí, nuair a bheidh an phaindéim seo thart: cé hiad na íobairtí is féidir a iarraidh go féaráilte orthu siúd atá i mbarr a sláinte d’fhonn na daoine is leochailí inár measc a choinneáil slán?

Fág freagra ar 'Dá mbeadh orm rogha a dhéanamh, b’fhearr liom go bhfaigheadh mo mháthair bás ó Covid-19 ná ón uaigneas'

  • Sorcha Grisewood

    Alt an-shuimiúil agus ceapaim go bhfuil an ceart agat- is bás an-uaigneach é bás ó Covid-19 agus caithfidh sé bheith i bhfad níos fearr bás a fháil i measc do dhaoine muinteartha! Is múinteoir Bunscoile mé i nGaelscoil agus táim ag déanamh cúrsa san iriseoireacht ag an am céanna. Chonaic mé do sloinne agus cheap mé ansin go gcaithfidh tú bheith ón Ísealtír- tá Gaeilge den scoth agat agus i bhfad níos fear ná atá agamsa, mise ag iarraidh feabhas a chur ar ag léamh altanna ar Tuairisc.ie!!!