Dá mbeadh deichniúr Teachtaí Dála tuaithe ag troid ar ár son, mar atá ag Arlene Foster in Westminster…

Rud bunúsach amháin atá ár bhfágáil ar an bhfaraor géar trína chéile – dlí an mhargaidh agus gan aon dream againn chun cur ina choinne

Dá mbeadh deichniúr Teachtaí Dála tuaithe ag troid ar ár son, mar atá ag Arlene Foster in Westminster…

An chuid againn atá inár gcónaí faoin tuath, go mór mór sa nGaeltacht, shílfeá scaití nach dtéann lá thart gan drochscéal eile a theacht chugainn ón dream atá in ainm is a bheith i gceannas orainn.

An phraiseach atá déanta acu d’fhorbairt an leathanbhanda faoin tuath an ceann is deireanaí acu.

Is é easpa an leathanbhanda, tithíocht agus cúrsaí sláinte na trí mhórfhadhb atá ag an tír seo faoi láthair.

Ní ar an gcósta thiar amháin, ar ndóigh, atá easpa leathanbhanda fiúntach ag goilliúint ar dhaoine. Bhí scéal i nuachtán an lá faoi dheireadh ag cur síos ar fhear a bhfuil cónaí air i bhfoisceacht 30 míle do Bhaile Átha Cliath agus é ag casaoid ar an drochsheirbhís atá aigesean.

Scríobh fear eile litir chuig an Irish Times agus scéal cráite aige féin. I bhfoisceacht dhá mhíle d’Inis i gcontae an Chláir atá cónaí air. Cuimhnigh gur gaireadh Baile Cumarsáide don Todhchaí ar Inis sa mbliain 1997. Má gaireadh is beag an mhaith don fhear seo é.

Tá sé ag iarraidh gnó idirnáisiúnta a choinneáil ag imeacht ón mbaile agus é fánach aige go minic. Caitheann sé cuid mhaith dá chuid ama ag gabháil a leithscéil le custaiméirí atá thar lear aige.

Bíonn an t-idirlíon scortha ar fad air minic go leor i rith na bliana. Na ba a d’ith an cábla a deirtear leis, na luchóga a chreim na cártaí sa mbosca teileafóin nó an ghaoth a bhris an tsreang.

Ní nach ionadh, ní mó ná sásta atá sé leis an rialtas agus is é an dearcadh céanna atá aige ar an bhfreasúra chomh fada agus a bhaineann sé leis an tseirbhís idirlín.

Ar ndóigh níl an t-ábhar seo ag cur lá imní ar an dream atá ina gcónaí sna cathracha. Tá seirbhís shásúil leathanbhanda acusan agus, mar a dúradh in alt eile nuachtáin, is beag trua atá acu don mhilliún duine agus os a chionn, atá ag fanacht le fada le seirbhís.

Ba chuma faoi sin dá mbeadh eagraíocht fhuinniúil tuaithe againne a chuirfeadh an scéal go cnámh na huillinne ach níl. Dá mbeadh deichniúr Teachtaí Dála tuaithe againn ag troid ar ár son mar atá ag Arlene Foster in Westminster is gearr a bheidís ag baint croitheadh as lucht na cumhachta sa taobh seo den tír.

Ba é Denis Naughten an crann seasta a bhí againn go dtí gur shíl sé gur comhrá dinnéir ab fhearr a chuirfeadh an chúis chun cinn. Chuirfeadh sé an Táin Bó Cuailgne i gcuimhne dhuit: ‘comhrá ceann adhairte a tharla idir Méabh, bainríon Chonnacht , agus Ailill Molt’.

Nach i gcontae dúchais Naughten, Ros Comáin, a tharla an comhrá sin?

Níl díol trua is mó in Éirinn inniu ná na daoine atá gan teach gan áras agus gan iad in acmhainn teach a cheannach, na hothair ar na tralaithe ospidéil agus an chuid againn atá ag fanacht leis an leathanbhanda.

Rud bunúsach amháin atá ár bhfágáil ar an bhfaraor géar trína chéile – dlí an mhargaidh.

Seo é an dlí ceanna a chuir na mílte móra chun báis le linn an Ghorta agus a d’fhág teaghlaigh amuigh faoin sioc agus faoin sneachta aimsir na dtiarnaí talún.

Is é an dlí é a tharraing Mary Harney agus an Páirtí Daonlathach chucu féin nuair a fuair siadsan beagán cumhachta.

Fiú amháin na Tráchtairí Móra sna meáin chumarsáide tá cúpla duine acu ag tosú ag tuiscint anois nach bhfuil réiteach gach faidhbe i ndlí an mhargaidh. Tá siad ag admháil sa deireadh go ndearnadh botún mór náisiúnta nuair a rinneadh príobháidiú ar chóras cumarsáide na tíre gur fágadh i dtuilleamaí cuideachta infheistíochta sinn.

Léigh mé alt le duine acu an lá faoi dheireadh i dtaobh an ábhair seo. Frithbheartach ceart den eite dheis é ach fiú amháin eisean tá léas den solas feicthe aige.

Bhí an lá ann, a dúirt sé, nuair a chuireadh an stát infreastruchtúr ar fáil as acmhainní an stáit féin nó trí chomhlachtaí fostáit. Luaigh sé an chaoi ar chuir Bord Soláthair an Leictreachais leictreachas ó cheann ceann na tíre.

‘Simpler days’ a thug sé ar an am sin. Saol casta anois é, a dúirt sé. Thagair sé do rialacha an Aontais Eorpaigh faoi chabhair stáit—bró mhuilinn eile atá orainn ar ndóigh.

Mar sin féin thuig an frithbheartach seo go bhfuil cás an leathanbhanda ina phrácás chomh mór anois go mb’fhéidir go mbeadh ar an stát líonra a thógáil as an nua agus smacht a choinneáil air.

Bheadh ciall leis sin ach tá idé-eolaíocht Fhine Gael agus Fhianna Fáil chomh láidir is gur deacair dó tarlú. Ag tabhairt aire atá siadsan do lucht an stocmhalartáin, do mhuintir na gcreach-chistí, do na bancanna, do na tiarnaí talún nua-aimseartha agus don scaoth súmairí, idir dhlíodóirí, cheantálaithe agus thráchtairí sna meáin chumarsáide a thuigeann go rímhaith nach bhfuil olc i dtír nach fearrde iadsan é.

Fág freagra ar 'Dá mbeadh deichniúr Teachtaí Dála tuaithe ag troid ar ár son, mar atá ag Arlene Foster in Westminster…'