Dá mbeadh an toil ann d’fhéadfaí fadhb na tithíochta a réiteach

Faraor tá leas lucht an airgid chun tosaigh ar riachtanais an phobail ag Fine Gael agus Fianna Fáil

Dá mbeadh an toil ann d’fhéadfaí fadhb na tithíochta a réiteach

Mar a bheadh “maidhm” ann is in olcas a rachaidh géarchéim na ndaoine gan dídean, dar leis an bhfeachtasóir tithíochta, Peter McVerry, ach fós níl comhartha ar bith ann go bhfuil an Rialtas sásta glacadh leis gur theip go huile is go hiomlán ar na polasaithe tithíochta a thug siad isteach le blianta beaga anuas.

Tá líon na ndaoine atá gan dídean ceart nó buan ag dul i méad i gcónaí: bhí 9,846 duine, agus 3,826 páiste ina measc, in iostas práinneach i mí Bealtaine na bliana seo. Chomh maith leis sin ar fad, tá daoine a bhíonn gan dídean go sealadach – de bharr drochíde sa bhaile, mar shampla – agus daoine eile a baineadh den liosta nuair a fuair siad áit shealadach.

Agus, níos measa fós, is ar éigean go bhfuil tithe sóisialta ar bith á dtógáil, agus níor cuireadh aon áit chónaithe ar fáil i mbliana ar scéimeanna rialtais.

Mar sin féin, is minic go ndéanann an tAire Tithíochta Eoghan Murphy fógraí go mbeidh – sea, go mbeidh – tithe ar fáil go luath. Ach ní thagann rud ar bith riamh as na fógraí seo ach tuilleadh fógraí.

Is cuma cén tslat tomhais a úsáidtear, chaithfeá teip a thabhairt ar pholasaithe an Rialtais, agus má tá an ceart ag McVerry go bhfuil ‘an mhaidhm’ an bealach chugainn, is cinnte go bhfuil sé thar am athrú polasaí a thabhairt isteach.

Cén fáth nach féidir leis an Rialtas dul i ngleic leis an bhfadhb seo, nó cén fáth gur ar éigean go bhfuil malairt polasaí ag Fianna Fáil ina leith? (Deirim ‘ar éigean’ toisc gur ghéill Darragh O’Brien an tseachtain seo go gcaithfí airgead mór a chaitheamh chun teacht ar réiteach na faidhbe).

Ní hamadáin iad na polaiteoirí seo, ach tá siad faoi gheall ag idé-eolaíocht an tsaormhargaidh. Mar sin tá gach scéim de chuid an rialtais dírithe ar chabhair a thabhairt don earnáil phríobháideach le réiteach na faidhbe a aimsiú.

Mar sin, fiú i dtaobh tithe sóisialta, teastaíonn ón Rialtas gurbh í an earnáil phríobháideach a chuirfeadh na tithe sin ar fáil.  Agus tugtar talamh poiblí do chomhlachtaí príobháideacha ar an gcoinníoll go gcuirfidh siad céatadán beag de na tithe a thógfar ar leataobh mar thithíocht shóisialta. Ní éiríonn leis mar pholasaí, ach mar sin féin níl an rialtas sásta é a athrú.

Dá bharr sin, tá daoine á mbrú isteach in áitribh ar cíos, agus tá an meánráta náisiúnta níos airde anois ná mar a bhí riamh – €1,304 in aghaidh na míosa.

I dtíortha eile, an Fhrainc is an Bheilg, mar shampla, tá cearta ag daoine a bhfuil tithe ar cíos acu ionas nach féidir iad a chaitheamh amach go héasca.

Ach in Éirinn is féidir daoine a chur amach má tá an teach nó an t-áitreabh le díol, le cur ar fáil do ghaolta, nó le deisiú. Níl aon smacht ar na leithscéalta seo fiú: braitheann sé ar fhocal an úinéara.

Faoi láthair, mar is eol dúinn, tá a lán morgáistí, a thug na bainc amach do dhaoine le háitribh a cheannach lena ligean ar cíos, á ndíol anois leis na creach-chistí.  Tá na tionóntaí á ndíbirt, mar atá na daoine sin a cheannaigh tithe ach a bhfuil deacrachtaí acu leis an morgáiste a íoc.

’Sé an rud is measa, agus is scannalaí, ná go mbíonn na bainc, a bhfuil lámh mhór ag an stát iontu, sásta na háitribh a dhíol ar lascaine leis na creach-chistí agus go ndiúltaíonn siad a dhíol ar na téarmaí céanna do na húinéirí reatha.

Is fiú cuimhneamh go raibh géarchéimeanna tithíochta ann cheana, agus gur réitigh muid na fadhbanna nuair a thóg na húdaráis áitiúla tithe sóisialta go forleathan. Is léir gurb é seo an t-aon réiteach ar an bhfadhb anois chomh maith.

Ach níl an Rialtas sásta é seo a dhéanamh toisc nach n-oireann sé do lucht an airgid a thacaíonn leis Rialtas. Agus an chúis chéanna is bun leis an leisce atá ar Fhianna Fáil a leithéid a mholadh.

Thógfadh sé cuid mhaith ama, fiú dá gcuirfí dlús leis an bpróiseas láithreach, na tithe atá riachtanach a thógáil. San idirlinn tá cosaint ag teastáil ó thionóntaí agus ó dhaoine a bhfuil deacrachtaí acu le haisíocaíochtaí.

Mar sin, mar atá molta ag Peter McVerry, tá gá le dlí nua a d’fhágadh go meádh sé neamhdhleathach duine a fhágáil gan áitreabh ceart cónaithe nuair a dhíoltar teach. Is cóir freisin sa chás go ndíolann banc fiacha le creach-chiste go mbeadh an ceart ag an té ar leis nó léi an morgáiste an t-áitreabh sin a cheannach ar na téarmaí céanna.

Dá mbeadh an Rialtas, nó Fianna Fáil atá ag tacú leo, dáiríre faoi fhadhb na tithíochta a réiteach, thabharfaidís polasaí den chineál seo isteach. Ach go fóilleach ar aon chuma, tá leas lucht an airgid chun tosaigh ar riachtanais an phobail.

Fág freagra ar 'Dá mbeadh an toil ann d’fhéadfaí fadhb na tithíochta a réiteach'

  • Seán Mac Gearailt

    “Faraoir tá leas lucht an airgid chun tosaigh ar riachtanais an phobail ag FG agus FF.” Sin bun agus barr na faidhbe. Ní móide go dtiocfaidh feabhas ar an scéal go luath ach oiread.

  • Mánus

    Déan anailís SWOT (strengths, weaknesses, opportunities, threats) ar thodhchai na Gaeilge mar theanga phobail sa 21ú aois agus is éasca a fheiceáil gur deis mór í an géarchéím tithíochta seo chun comharchumann tithíochta LánGhaeilge a bhunú i gcathair nó i mbaile mór éigin.