Dá lorgódh an Pápa comhairle na nGael, cad a déarfaí leis…

Agus an Pápa Proinsias ag teacht chun na hÉireann, chuireamar ceist don tsraith seo ar dhaoine éagsúla cén chomhairle a chuirfidís air dá lorgódh sé a leithéid uathu

Dá lorgódh an Pápa comhairle na nGael, cad a déarfaí leis…

Gearóid Ó Tuathaigh, staraí

Beidh ar an bPápa rudaí a rá faoi chúrsaí timpeallachta agus gur chuid den aon chlann amháin an cine daonna um an dtaca seo ós rud é gur cruinniú le haghaidh an teaghlaigh atá i gceist. Ach anuas air sin, ba cheart dó rud éigin a rá faoi na rudaí atá ag teacht amach in aghaidh an lae. Beidh air rud éigin a rá a thabharfaidh le tuiscint go mbeidh beart de réir a bhriathair ar an gclár aige. Mura ndéanann sé sin, is baolach go mbeidh daoine an-díomách ar fad, go speisialta daoine nach mbeidh i láthair ach a bheidh ag faire amach do céard a déarfaidh sé. Mar sin beidh ráiteas le déanamh aige faoin gcruinne agus faoin dtimpeallacht agus déarfainn go bhfuil sin sa script aige cheana féin ach beidh air rud éigin práinneach a rá mar gheall ar an ngéarchéim ina bhfuil an eaglais i dtaobh na scannal atá tagtha chun cinn i gceart anois. Mura ndeir sé sin, nó má bhíonn sé ar aon bhealach débhríoch nó seachantach, beidh daoine an-díomách mar gheall ar an bPápa féin agus mar gheall ar an turas.

Máirín Ní Ghadhra, Craoltóir le Raidió na Gaeltachta

Tuigeann tú, a Athair Naofa, go bhfuil go leor in Éirinn feargach agus gortaithe ag an mbealach ar chaith an Eaglais leo le glúnta. Aithin sin trí aghaidh a thabhairt ar an rúndacht. Beidh tú ag caint le pobal a bhfuil droim tugtha ag go leor acu leis an gcreideamh. Tá an milleán sin den chuid is mó ar údaráis na hEaglaise féin. Go dtí go gcreideann daoine go bhfuil sin athraithe ní bheidh aon rath uirthi. Agus is leatsa na hathruithe sin a thionscnamh agus a chur i bhfeidhm.

An tEaspag Fiontán Ó Monacháin

Beidh fáilte ag formhór mhuintir na hÉireann romhat nuair a thiocfas tú an deireadh seachtaine seo chugainn.  Táimid ag tnúth le do chuairt le fada an lá.  Ná bí róbhuartha faoi na hiarrachtaí ag roinnt bheag daoine drochmhisneach a chur ort.

Is maith le muintir na hÉireann an íomhá tharraingteach, shéimh, uiríseal atá cruthaithe agat ó roghnaíodh mar Phápa thú roinnt blianta ó shin.  Is maith linn go bhfuil tú amuigh i measc an phobail, go bhfuil tú ag meascadh le chuile dhuine, uasal agus íseal.  Is maith le daoine go dtugann tú aird ar an té atá in ísle bhrí, daoine bochta, daoine atá tinn, aon duine atá ag fulaingt.  Is maith le daoine gur duine sona, gealgháireach thú, go bhfuil tú lán le fuinneamh agus go bhfuil tú ag iarraidh muid a mhúscailt inár gcreideamh chomh maith le dúshláin a chaitheamh romhainn.

Ba mhaith linn thú a chloisteáil ag úsáid cúpla focal Gaeilge.  Más féidir leis an mBanríon é a dhéanamh – tuige nach féidir leis an bPápa Proinsias blas Chonamara a bheith aige freisin!  Ba bhreá le muintir na hÉireann go dtiocfadh tú ar ais ar chuairt thréadach don tír seo ar fad am éicint sula dtéann tú in aois rómhór le bheith ag taisteal.  Dhéanfadh sé maitheas do thuaisceart na tíre dá mbeadh an t-am agat cuairt a thabhairt air, chomh maith le Chruach Phádraig, Máméan i sléibhte Mhám Tuirc, chomh maith le Inis Cealtra i gCo. An Chláir in nDeoise Chill Dalua!

Táimid fíorbhuíoch díot mar go bhfuil tú ag teacht againn.  Tá céad míle fáilte romhat, a Athair Naofa.  Go gcuire Dia agus Muire, Máthair Dé Chnoc Mhuire a mbeannachtaí ar do thréad-chuairt orainn anseo in Éireann an tseachtain seo agus ar obair do láimhe i gcónaí.

Máire Treasa Ní Cheallaigh, iriseoir agus síceolaí spóirt 

Is í an chomhairle a thabharfainn don Phápa ná stáisiúin raidió na hÉireann a fháil ar na haipeanna atá aige ar an iPhone agus éisteacht le cláir chúrsaí reatha agus nuachta, go gcloisfeadh sé céard atá á rá ag an ngnáthphobal. Tá daoine gortaithe go dona, agus údar acu. Tá damáiste déanta do dhaoine agus beidh drochlorg aige orthu ar feadh a saol ar fad, agus cé nach leigheasfaidh tada é sin, bheadh leithscéal agus cúiteamh ina thús maith.

Chloisfeadh sé freisin gnáthChaitlicigh, nach raibh aon eispéireas diúltach acu, ach atá anois ag streachailt leis an gcreideamh agus leis an eaglais mar gheall ar an méid atá cloiste acu, agus ba cheart dó theacht ar bhealach éigin chun teachtaireacht a thabhairt do na daoine seo atá ag iarraidh fanacht leis an eaglais, ach a mhothaíonn nach bhfuil siad ag fáil mórán tacaíochta. Téann sé sin ar fad ar ais go dtí an leithscéal atá macánta, fírinneach, agus cúiteamh de chineál a eagrú go sciobtha.

Fág freagra ar 'Dá lorgódh an Pápa comhairle na nGael, cad a déarfaí leis…'

  • Beannocht

    Déarfainn leis feabhas a chur ar a chuid Gaeilge agus cáilíocht a fháil sa bPleanáil Teanga – neart postanna sa réimse seo faoi láthair.

  • Mairéad

    Deirfinn leis gan teacht ag an “World Meeting of Families” toisc an iomairce “families” in Éirinn fós ag fulaingt de bharr mí-úsáid choiriúil na reiligiúnach ón a eaglais Rómhánach Chaitliceach nár ionchúisíodh riaimh.
    Mholfainn dó na cúig imleabhar ollmhór den “Child Abuse Commission’s Report” a chuartú i bpoll bréan na Vatacáine.
    http://www.childabusecommission.ie

  • Johnie Mór

    Brain drain droim ar ais an ea? ach cogar bhfuil dóthain Béarla aige? Ní bhfaighidh tú jab Gaeilge mura bhfuil Béarla cliste agat!