Dá fheabhas é James Nesbitt ní féidir leis sárshaothar a dhéanamh de Bloodlands 

Cé nach bhfuil sé gan a mhaitheasaí féin is coirdhráma nós imeachta atá againn anseo agus gan mórán nuálach faoi 

Dá fheabhas é James Nesbitt ní féidir leis sárshaothar a dhéanamh de Bloodlands 

Faoi mar a thuigfeá ón ainm is baile beag cois cuain é Baile Loch Cuan. 

Ceann de na rudaí is suaithinsí faoin áit ná go seolann bád farantóireachta ón áit trasna Loch Cuan chuig Port an Pheire. Ní mhaireann an turas ach tarrac ar dheich nóimint; dá mbeadh ort tabhairt faoi ar an mbóthar thógfadh sé breis agus uair an chloig go leith. 

Sa chéad ghála den mhionsraith teilifíse Bloodlands (BBC1, Dé Luain) címid bleachtaire Tom Brannick (James Nesbitt) ag tabhairt faoin gceantar mar go bhfuil cairt imithe i bhfarraige agus tuairisc faighte go bhfuil an fear gnó áitiúil Pat Keenan (Peter Balance) a bhí inti fuadaithe. Lena chinntiú go bhfuilimid ar cipíní insítear dúinn go raibh an fear céanna ard go maith san IRA tráth dá raibh agus go bhfuil baint aige leis an gcoiriúlacht eagraithe. Nuair a chíonn Brannick pictiúr de Samson agus Goliath, crainn tógála cháiliúla Bhéal Feirste, baintear hap as. Ní deir sé faic lena chomhghleacaí Niamh McGovern (Charlene McKenna).

De réir a chéile a dhéantar an t-uisce fé thalamh a nochtadh. Goliath a baisteadh ar fheallmharfóir/dúnmharfóir sraithe a bhí i mbun creiche i 1998, tráth a rabhthas ag iarraidh an próiseas síochána a thabhairt ar an bport. An chuma ar an scéal go raibh sé/sí ag iarraidh iad siúd ar an dá thaobh a bhainfeadh barrthuisle as an bpróiseas a chur de dhroim seoil, bean Brannick ina measc. Bhíothas in amhras gur bhall de na póilíní é.

Tá an cás imithe i bhfuaire le blianta, é féin imithe in aois agus a iníon tagtha in inmhe. Cé go bhfuil na Trioblóidí fós ina néal os cionn an phobail, go mórmhór iad siúd a chur an t-am corrach sin díobh, tá dream aníos anois ná cuimhin leo corraíl agus foréigean na tréimhse.

An é go bhfuil Goliath fillte? An mbeidh Brannick in ann an tsúil ribe a chur air? Vae linn.  

Atmaisféar tuarúil atá againn ón tús mar sin agus sinn ag leanúint na beirte i mbun bleachtaireachta. Cuid den bhunaíocht míshásta go bhfuilid ag tochailt in eachtraí stairiúla. Deinim amach go bhfuil sé fuirist cuid de chastaíocha an scéil a thuar cheana féin. Dar liom gur go liobarnach tútach a thráchtar ar Bhéal Feirste na staire agus Béal Feirste an lae inniu. An leagan Ladybird den stair agus den tsochaí á thabhairt ar mhaithe le lucht féachana an BBC ar an taobh eile de Mhuir Éireann. 

Tugann Nesbitt taispeántas tomhaiste, ábalta uaidh. Carachtar dúnéaltach ach é caithiseach ina shlí féin atá á léiriú aige. É ciaptha ag a bhfuil tarlaithe agus diongbháilte i mbun a phoist. Éirímid tógtha le póilín óg (McKenna) chomh maith. An ghlúin óg atá ag maireachtaint fé scáth na staire ach gan a bheith i ngéibheann aici. Í cumasach agus breá in ann slaiseanna a chaitheamh lena comhghleacaithe fireanna.  

Cé go mb’fhéidir nach mbeidh tionscal turasóireachta Thuaisceart Éireann róbhuíoch den léiriú gruama a dhéantar ar an gceantar, bhaineas súp as na seatanna den tírdhreach, ceantar Bhaile Loch Cuan, ach go háirithe. 

Cé nach bhfuil sé gan a mhaitheasaí féin is coirdhráma nós imeachta atá againn anseo gan mórán nuálach faoi. 

Fág freagra ar 'Dá fheabhas é James Nesbitt ní féidir leis sárshaothar a dhéanamh de Bloodlands '

  • Fearn

    An ea nach bhfaca tú ach an chéad ghála, a Bhreandáin, slán a bhéas tú? Ná meas an cluiche roimh an fhead clabhsúir.
    Ach ceart agat, is coirdhráma é seachas fógraíocht do Bhord Turasóireacht na 6 gcontae!

  • Sean Fennell

    Shíl mise a mhór dó!
    Dráma cróga, suimiúil…agus tá mé cinnte go mbeidh cúpla casadh sa scéal.
    Níos fearr ná leathchuid den ráiméis ar an bhosca!