Dá fhad a théann an madra rua beirtear sa deireadh air…

Tugann Ben Foster taispeántas iontach uaidh mar Lance Armstrong i scannán faoi atá ar a chroí díchill éalú óna mháithreacha fáisnéise

The Program

The Program
Stiúrthóir: Stephen Frears
Cliar: Ben Foster, Chris O’Dowd, Jesse Plemons, Dustin Hoffman, Laura Donnelly, Guillaume Canet.

Faoi 2005 bhí an domhan faoi gheasa ag Lance Armstrong. Lucht leanúna dílis ós na ceithre hairde ag tabhairt urraim dó agus iad den tuairim gur laoch dochloíte é, ná féadfadh an ailse féin an ceann is fearr a fháil air. Is deacair an rith le brothall sin a thuiscint anois, go mórmhór agus íde na muc agus na madraí tugtha d’Armstrong go leanúnach ó thug sé a mea culpa ar chlár Oprah Winfrey dhá bliain ó shin.

Thug Armstrong an svae leis sa Tour de France seacht mbliana as a chéile ó 1999. Gaisce dochreidte nár deineadh riamh cheana agus a chuir sa Táin é. An rud a chuir an dlaoi mhullaigh ar an scéal, áfach, ná go raibh sé i ndiaidh teacht chuige féin tar éis drochbhabhta ailse. Ina theannta sin ar fad, bhí cumann carthanachta ailse curtha ar bun aige agus é féin ag caint go deisbhéalach, mothúchánach faoi. Ba leasmháthair a thógfadh ort é bheith tógtha leis féin agus a ghníomhartha gaisce.

Bhí saineolaithe ag monabhar ó 1999 ar aghaidh agus iad amhrasach faoin dul chun cinn a bhí déanta ag an Meiriceánach. Chinntigh a stádas, a shaibhreas, a chumhacht agus a phearsantacht bhagarthach gur thug sé na cosa leis ar feadh na mblianta. Dá fhad a théann an madra rua, beirtear sa deireadh air agus bhí na hÉireannaigh mar mháistrí conairte.

Déanann an táirge seo scéal sin na rothaíochta agus na ndrugaí a ríomh go cruinn mar aon le léargas a thabhairt ar phearsantacht Armstrong. Dála an scannáin The Walk (2015) agus Man on Wire (2008), tá an saothar drámaíochta seo ag rómhar san iomaire céanna le clár faisnéise a chuaigh roimhe. Ba shaothar cumasach, cuimsitheach é The Armstrong Lie (2013) agus an cheist a thosódh ag ráthaíocht i d’intinn ar an bpointe ná an bhfuil gá le leagan drámatúil. Ina theannta sin, tá blas láidir na faisnéise ar an táirge seo óir tá sé ag brath go mór ar thuairsic USADA (eagraíocht frithdhrugaí Mheiriceá) agus leabhar le David Walsh, Seven Deadly Sins: My Pursuit of Lance Armstrong.

Tosaíonn an scannán seo i lár na nóchaidí agus Armstrong ag tabhairt faoin Tour de France. Ar an bpointe boise, tosaítear ag trácht ar dhrugaí sa spórt. Ansin buaileann an ailse é agus, ar shlí, seo an chuid is cumhachtaí den scannán agus Armstrong ag dul i ngleic le galar a chloígh é nach mór. Is ina dhiaidh sin a thosaíonn na buanna agus na ráflaí.

Ach oiread le go leor táirgí a bhíonn ag iarraidh cuntas cruinn a thabhairt ar thréimhsí fada, casta, éiríonn an saothar ana-phlódaithe agus eipeasóideach. Tá sé deacair don drámatúlacht agus do na carachtair guailleáil isteach ina lár. Cé, gan amhras, go bhfuil an scóip cúngaithe, ba cheart é a bheith cúngaithe tuilleadh; féach an ghaisce a dhein an stiúrthóir céanna le The Queen (2006) agus Philomena (2013). Léargais mhóra i scéalta beaga. É sin nó sraith teilifíse a dhéanamh agus ligint do na heachtraí agus na carachtair forbairt ar a mbogstró.

Cuirtear an tÉireannach David Walsh (O’Dowd ) os ár gcomhair mar chéile comhraic Armstrong (ní dhéantar aon tagairt in aon chor do Paul Kimmage). Tugann O’Dowd taispeántas ábalta uaidh i ról nach bhfuil chomh dúshlánach sin.

‘Sé Foster, in ainneoin na scríbhinne, a thugann an lá leis. Éiríonn leis dul ceangailte ina charachtar agus é a chur ina steillbheatha os ár gcomhair. Is neach gránna, mórchúiseach bagarthach é ach ní bhaintear an daonnacht ar fad as agus tá seo le feiscint nuair a bhíonn an ailse idir chamáin, agus ag an deireadh nuair atá sé in umar na haimléise.

Taispeántas iontach ón gceann feadhna i scannán atá ar a chroí díchill éalú óna mháithreacha faisnéise.

Fág freagra ar 'Dá fhad a théann an madra rua beirtear sa deireadh air…'