Dá bhféadfaí Corn Uí Riada agus Club na Féile a mheascadh, bheinn ann!

Agus Oireachtas na Gaeilge 2019 buailte linn, chuir Tuairisc.ie ceist ar roinnt daoine aitheanta faoina gceangal le mórfhéile na nGael, a bheidh ar siúl in Óstán an City West an tseachtain seo. Is í Sinéad Ní Uallacháin, craoltóir aitheanta le Raidió na Gaeltachta, a chuireann tús leis an tsraith

Dá bhféadfaí Corn Uí Riada agus Club na Féile a mheascadh, bheinn ann!

1. Céard is cuimhin leat faoi do chéad Oireachtas?

Cathair na Mart 2007 – Is cuimhin liom gur baineadh siar asam, ní raibh tuiscint cheart agam ar choincheap na féile agus ní raibh cliú agam go mbeadh oiread daoine i láthair!

2. An rud is fearr faoin Oireachtas:

Seisiúin bheaga amhránaíochta gan choinne; nuair a chíonn tú cairde nach bhfuil feicthe agat le tamall; an liú a chloiseann tú nuair a fhilleann buaiteoir Chorn Uí Riada ar phríomhbheár an ionaid!

3. An rud is measa faoin Oireachtas ……..

Fágaint slán le cairde agus an t-aistear (fada) abhaile ar an Domhnach, gan trácht ar ghormacha an Luain.

4. Baile Átha Cliath arís?

Cinnte, níl locht ar bith agam air. Tá sé fairsing, oiriúnach agus ní féidir le héinne éalú uait ach an oiread!

5. Comhairle don té atá ag freastal ar a chéad Oireachtas

Labhair le strainséirí! (a mhalairt de chomhairle a tugtar de ghnáth…)

6. Club na Féile nó Corn Uí Riada?

Úúú, seo ceann deacair – dá bhféadfaí an dá ócáid a mheascadh, bheinn ann!

Seo leat isteach chuig athghlaoch Chorn Uí Riada agus bailigh leat chuig Club na Féile ina dhiaidh.

7. Dá mbeifeá i bhfeighil ar an Oireachtas, céard iad na hathruithe a dhéanfá?

Thaitin sé liom nuair a bhíodh na Gradaim Chumarsáide ar siúl i rith na Bealtaine, leithscéal chun teacht le chéile, dhá bhabhta sa bhliain!

8. Céard is comhartha Oireachtas maith ann?

Gáirí geal a bheith ort laethanta ina dhiaidh agus tú ag cuimhneamh siar ar eachtraí a tharla le linn an deireadh seachtaine!

9. Céard iad na seifteanna atá agat le teacht slán as an Oireachtas?

Comhluadar! Bí cinnte a bheith timpeallaithe ag daoine maithe an tseachtain dár gcionn!

10. Cén tOireachtas ab fhearr leat agus cén fáth?

Thaitin Cill Airne 2017 liom. Bhí cairde maithe i mo theannta gur bhraitheas sábháilte leo agus bhíos gnóthach le cúraimí oibre!

Fág freagra ar 'Dá bhféadfaí Corn Uí Riada agus Club na Féile a mheascadh, bheinn ann!'

  • Niall na Naoi bPiontaí

    Táimse ag tnúth leis an Oireachtas i mbliana ó mo theaichín anseo san Oileán Sciathánach – iontas é go mbím in ann 7 a leithéid a theicneolaíocht ann! Ach an rud a thaithin liom an uiridh ná seanduine sin a shuigh chun amhrán a chasadh ach nach é a am! :-)