Cyril Ramaphosa, a scrúdaigh airm dhíchoimisiúnaithe an IRA, tofa ina Uachtarán ar an Afraic Theas

Iarghníomhaí frith-chinedheighilte agus fear gnó é Cyril Ramaphosa a bhfuil aithne sa tír seo air mar gheall ar a bhaint leis an bpróiseas síochána

Cyril Ramaphosa, a scrúdaigh airm dhíchoimisiúnaithe an IRA, tofa ina Uachtarán ar an Afraic Theas

Tá Cyril Ramaphosa tofa ina uachtarán ar an Afraic Theas i ndiaidh do Jacob Zuma éirí as inné.

Tá aithne sa tír seo ar Ramaphosa mar dhuine den bheirt fhear ar leagadh de chúram orthu airm an IRA a scrúdú lena dheimhniú go raibh siad curtha ó mhaith.

Le linn tréimhse chinniúnach sa phróiseas síochána ó thuaidh rinne Ramaphosa, a bhí ina rúnaí ginearálta ar an ANC, agus iaruachtatán na Fionlainne Martti Ahtisaari iniúchadh ar stórais airm dhíchomisiúnaithe an IRA.

In 2000, d’fhógair an bheirt imscrúdaitheoirí gur chreid siad go raibh iarracht mhacánta á déanamh ag an IRA ar son phróiseas na síochána.

Iarghníomhaí frith-chinedheighilte agus fear gnó é Ramaphosa , atá 75 bliain d’aois, a shamhlaítear leis an eite réasúnta fhorásach den pháirtí.

Déanfar Ramaphosa a insealbhú gan mhoill ach ó tharla móramh mór a bheith ag a pháirtí, an ANC, níl ina cheapachán ach séala oifigiúil.

Chuir éirí as oifig Jacob Zuma deireadh leis an aighneas mór atá san ANC le tamall.

Chuaigh cúrsaí eacnamaíochta in olcas le linn ré Zuma agus cuireadh caimiléireachta ina leith, líomhaintí a shéan sé go láidir. Bhí vóta mímhuiníne i Zuma le bheith inniu ann murach go raibh sé éirithe as.

Bhí an lá le Ramaphosa i dtoghchán binbeach ceannaireachta san ANC an Nollaig seo caite. Dúirt Ramaphosa go raibh an Afraic Theas ag teacht ó thréimhse éiginnte, dhorcha ach go raibh ré nua roimpi.