Curtha in iúl ag Kyne nach gcuirfear deireadh le próiseas tairisceana aersheirbhís Oileáin Árann

Bhí cruinniú ag Aire Stáit na Gaeltachta tráthnóna le polaiteoirí dháilcheantar Ghaillimh Thiar ag ar pléadh ceisteanna éagsúla faoin bpróiseas conspóideach

Seán Kyne
Seán Kyne

Thug an tAire Stáit Gaeltachta Seán Kyne le fios ag cruinniú inniu nach raibh sé i gceist aige an próiseas tairisceana d’aersheirbhís Oileáin Árann a tharraingt siar. Dúirt an tAire, áfach, go bhféadfaí breathnú athuair ar cheist chonspóideach tháillí na seirbhíse taobh istigh den phróiseas atá ar bun faoi láthair.

Tháinig sé chun solais ag an gcruinniú freisin nach bhfuil aon socrú déanta fós maidir leis na costais a bhainfeadh le soláthar Aerfort na Mine don aersheirbhís nua.

Bhí cruinniú tráthnóna ag an Aire Stáit le polaiteoirí dháilcheantar Ghaillimh Thiar chun ceist na haersheirbhíse a phlé. Dúirt an tAire sa Dáil Dé Céadaoin nach raibh aon chinneadh déanta aige faoina raibh i ndán don phróiseas tairisceana don tseirbhís aeir.

Mhaígh Seán Kyne sular ceapadh ina Aire é gur cheart an próiseas a fógraíodh i mí Aibreáin a chaitheamh i dtraipisí agus tosú as an nua.

Dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív agus an Seanadóir de chuid Shinn Féin Trevor Ó Clochartaigh, a bhí beirt i láthair ag an gcruinniú tráthnóna in oifigí Roinn na Gaeltachta sna Forbacha, gur pléadh ceithre mhórcheist leis an Aire.

Anuas ar cheist Aerfort na Mine, pléadh ceist an chineáil seirbhíse a bheadh i gceist. Tá muintir Oileáin Árann míshásta leis an bpróiseas tairisceana toisc go gceadófar tairiscint  a bheadh bunaithe ar sheirbhís héileacaptair. Thug an tAire le fios dá raibh i láthair ag an gcruinniú nach bhféadfaí tús áite a thabhairt sa phróiseas do sheirbhís eitleáin mar gheall ar chúinsí dlí.

Pléadh freisin ceist na dtáillí a ghearrfaí ar an tseirbhís. Dúirt an tAire Kyne aghaidh a thabhairt ar an gceist áirithe sin taobh istigh den phróiseas tairisceana atá ar siúl faoi láthair. Tá imní ar mhuintir Oileáin Árann go bhféadfaí na táillí a ardú nuair a bheadh tús á chur leis an tseirbhís nua. Dúradh ag an gcruinniú freisin go bhféadfaí breathnú arís ar líon na n-eitiltí atá á mholadh mar chuid den phróiseas. Dúirt an Teachta Dála Ó Cuív go raibh dóchas aige go réiteofaí ceist na dtáillí, ach go háirithe.

“Fáiltím go mór roimh an gcinneadh breathnú arís ar cheist na dtáillí. Is rud mór é sin. Tá an táille atá molta as cor ar fad. Ba cheart dul ar ais go dtí na táillí a bhí ann go dtí seo. Dúirt an tAire go bhféadfaí an méid sin a dhéanamh taobh istigh den phróiseas seo,” a dúirt sé.

Dúirt Ó Cuív go raibh súil aige go “dtiocfar ar réiteach go luath” faoin gcostas a bhainfeadh le soláthar Aerfort na Mine. Mhaígh sé nach raibh aon fhianaise ann nach bhféadfaí tairiscintí a lorg do sheirbhísí eitleáin amháin.

Dúirt an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh go mbeidh sé an-deacair an próiseas tairisceana féin a chríochnú.

“Caithfear a chinntiú go mbeadh socrú de chineál éigin ann ar a laghad ar an gcaighdeán céanna leis an tseirbhís atá ann faoi láthair. Caithfear teacht ar réiteach maidir le haerfort na Mine. Caithfear breathnú ar na roghanna agus teacht ar réiteach. Níl aon chosúlacht ar an scéal go bhfuil aon réiteach amháin ag teacht chun cinn ar na ceisteanna seo,” a dúirt Ó Clochartaigh.

Is é an 17 Meitheamh an sprioc do thairiscintí don aersheirbhís.

Is é seo an dara próiseas tairisceana don aersheirbhís a cuireadh ar bun le cúpla bliain anuas.

Bhain conspóid mhór le fógra na bliana seo caite gurbh iad Executive Helicopters Limited a roghnaíodh le seirbhís aeir a chur ar fáil do mhuintir Árann.

Chuir muintir Árann feachtas ar siúl an uair sin ag éileamh gur seirbhís eitleáin ó Aerfort na Mine in Indreabhán go dtí na hoileáin a bheadh ann seachas seirbhís héileacaptair as an gCarn Mór sa Ghaillimh.

Ba é toradh na conspóide sin ná gur fhógair iar-aire stáit na Gaeltachta, Joe McHugh, ar an 25 Meán Fómhair 2015, go raibh deireadh curtha aige leis an bpróiseas tairisceana don aersheirbhís agus go raibh próiseas nua á chur ar bun aige.

Is do sheirbhís aeir as Aerfort na Mine amháin atá tairiscintí á lorg mar chuid den phróiseas tairisceana nua a fógraíodh i mí Aibreáin.

Chuir muintir Árann i gcoinne an phróisis nua chomh maith agus iad míshásta nár dúradh nach bhféadfaí seirbhís héileacaptair a sholáthar.

Bhíothas buartha leis go dtiocfadh ardú ar tháille na seirbhíse i ndiaidh an chomórtais.

Is fiú suas le €3.6 milliún an conradh nua ceithre bliana.

Fág freagra ar 'Curtha in iúl ag Kyne nach gcuirfear deireadh le próiseas tairisceana aersheirbhís Oileáin Árann'