Cúrsaí tithíochta, Údarás na Gaeltachta, gaeloideachas agus reachtaíocht teanga le plé agus an Dáil ag filleadh 

Agus deireadh tagtha le sos an tsamhraidh, beidh neart le plé ag polaiteoirí mar a bhaineann sé le cúrsaí teanga agus Gaeltachta sna míonna amach romhainn 

Cúrsaí tithíochta, Údarás na Gaeltachta, gaeloideachas agus reachtaíocht teanga le plé agus an Dáil ag filleadh 

Cé gur ar an mBuiséad atá le fógairt an mhí seo chugainn a bheidh aird na bpolaiteoirí an tseachtain seo agus an Dáil le filleadh, beidh reachtaíocht agus polasaithe tábhachtacha a bhaineann leis an nGaeilge agus an Ghaeltacht le plé i dTeach Laighean sna míonna amach romhainn chomh maith. 

Bhí sé geallta ag an Rialtas go bhfillfeadh toghchán Údarás na Gaeltachta mí an Mheithimh na bliana seo, nuair a bhí na toghcháin Eorpacha agus áitiúla á reáchtáil, ach cuireadh an vóta don Údarás siar nuair a theip ar an Rialtas an reachtaíocht a dhréachtú in am. Chuir Aire Stáit na Gaeltachta Thomas Byrne an bille os comhair na Dála díreach roimh shos an tsamhraidh agus beidh tuilleadh plé le déanamh ar an reachtaíocht sa tréimhse amach romhainn sula rithfear í. 

Faoin struchtúr nua atá beartaithe do Bhord an Údaráis 16 comhalta a bheidh i gceist, seachas 12 mar atá faoi láthair, agus déanfaidh an pobal deichniúr díobhsan a thoghadh. Roghnófar an seisear eile a bheidh ar an mbord trí chomórtas poiblí. 

Dúradh roimhe seo nach mbeadh cead ag aon duine atá ina chomhairleoir contae, Teachta Dála, Seanadóir nó Feisire Eorpach a bheith ina bhall den Bhord, ach fuarthas réidh leis an gcosc sin agus beidh cead ag comhairleoirí contae seasamh sa toghchán. 

Cé gur ar fhilleadh an toghcháin is mó a dhíríonn an reachtaíocht, tá leasuithe inti chomh maith a mhaítear a thabharfaidh tuilleadh cumhachtaí d’Údarás na Gaeltachta maidir le cúrsaí tithíochta. Deirtear inti go bhféadfadh an tÚdarás talamh a dhíol, nó a thabhairt ar lámh ar shlí eile, le comhlacht tithíochta ceadaithe nó le húdarás tithíochta ar mhaithe le tithíocht a sholáthar sa Ghaeltacht. 

Tá ráite ag an Aire Stáit gur mhaith leis tuilleadh a dhéanamh sa mbille i dtaobh cheist na tithíochta. Dúirt sé go mbeidh breis leasuithe le moladh aige ar an reachtaíocht nuair a thiocfaidh sí os comhair na Dála arís agus is cinnte go mbeidh an freasúra ag moladh athruithe chomh maith. 

Níl sna cumhachtaí breise don Údarás ach cuid den réiteach atá geallta ag an Rialtas ar an ngéarchéim tithíochta sa nGaeltacht, áfach. Táthar ag fanacht go fóill ar na dréacht-treoirlínte pleanála don Ghaeltacht a gheall an tAire Tithíochta Darragh O’Brien dhá bhliain ó shin. Tá geallta freisin go dtabharfar aird ar cheist na Gaeltachta sa mbille pleanála agus tithíochta atá á cur tríd Teach Laighean i láthair na huaire ach tá díomá léirithe ag Conradh na Gaeilge agus BÁNÚ nach bhfuil na leasuithe atá molta sa reachtaíocht sin sách láidir. 

Chuir lucht an ghaeloideachais fáilte fhaiteach an tseachtain seo caite roimh an scéal a d’fhógair an tAire Oideachais Norma Foley go raibh Gaelcholáiste le déanamh d’iarbhunscoil Bhéarla i ndeisceart chathair Bhaile Átha Cliath, ach tá feachtais fós ar bun ar fud na tíre atá ag lorg go gcuirfí rogha oideachais lán-Ghaeilge ar fáil ina gceantar. 

Tá imní léirithe faoi chur chuige na Roinne Oideachais maidir le bunú scoileanna lán-Ghaeilge nua, go háirithe ó léiríodh go bhfuil céatadán na ndaltaí a fhaigheann a gcuid oideachais trí Ghaeilge ag laghdú, ach táthar ag súil go dtabharfaidh an Roinn aghaidh ar an bhfadhb sna míonna amach romhainn. 

Tá polasaí don oideachas Gaeltachta i bhfeidhm ó 2017 agus tá an Roinn ag obair ar pholasaí cosúil leis do scoileanna lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht ó 2021. Tuigtear go bhfuil an obair thaighde don pholasaí sin curtha i gcrích agus eolas le cur os comhair páirtithe leasmhara ag cruinniú an tseachtain seo. Is faoin Roinn a bheidh sé ansin an polasaí a fhorbairt bunaithe ar sin, ach tá amhras ann an bhfeicfear é roimh dheireadh na bliana. 

Plean amháin gur dócha go bhfeicfear go luath é ná an Plean Náisiúnta Earcaíochta, an plean chun an sprioc gur cainteoirí Gaeilge a bheidh in 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí faoi dheireadh 2030 a bhaint amach. 

Tá an plean curtha le chéile ag an gCoiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge, bunaithe ar thaighde ó Ollscoil na Gaillimhe, agus cuireadh faoi bhráid Aire na Gaeltachta é níos luaithe i mbliana. Dúirt an tAire Stáit Thomas Byrne go bhfoilseofaí é sa bhfómhar. 

Mar chuid den phlean níor mhór d’Aire Stáit na Gaeltachta spriocdháta a leagan síos faoina gcuirfear gach seirbhís phoiblí sa Ghaeltacht agus don Ghaeltacht ar fáil i nGaeilge. Caithfear spriocdháta eile a leagan síos faoina mbeidh gach oifigeach poiblí atá lonnaithe sa Ghaeltacht ag obair trí mheán na Gaeilge. 

Is cosúil go nglacfar sa bplean sin leis an maíomh nach earcaigh nua amháin atá i gceist leis an sprioc gur cainteoirí Gaeilge a bheidh in 20% de na daoine a earcófar chuig an tseirbhís phoiblí amach anseo agus go mbeidh cead daoine atá ag obair sa tseirbhís cheana féin a chur san áireamh chomh maith. 

Tá an t-athbhreithniú ar fheidhmiú na chéad deich bplean teanga Gaeltachta le foilsiú roimh dheireadh na bliana chomh maith. Tá an t-athbhreithniú neamhspleách déanta ag an gcomhlacht Barr Feabhais Teo.  

Tá imní léirithe ag lucht pleanála teanga nach bhfuil a fhios acu céard atá i ndán dóibh ná don chóras agus deireadh le teacht le tréimhsí roinnt de na pleananna laistigh de bhliain nó dhó. 

Bhí sé i gceist ag Roinn na Gaeltachta féin tabhairt faoin athbhreithniú in 2021 ach beartaíodh an obair a chur ar athló an uair sin de bharr phaindéim an Covid-19 agus d’éiligh na hoifigigh pleanála teanga ansin go ndéanfaí athbhreithniú neamhspleách ar a gcuid pleananna. 

Agus deireadh le teacht le tréimhse an Rialtais, bíodh sin i mbliana nó in earrach na bliana seo chugainn, deir Ard-Rúnaí Conradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, go mbeidh an Conradh ag éileamh ar an Rialtas na gealltanais a rinneadh maidir le cúrsaí teanga sa gClár Rialtais a chomhlíonadh, go háirithe maidir le polasaí cuimsitheach don Ghaeilge sa chóras oideachais, ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal. 

“Beidh muid ag díriú go mór ar an mBuiséad ach freisin ar bhille an Údaráis, atá ag teacht chuig deireadh an phróisis reachtaíochta faoi láthair. Tá muid ag iarraidh go dtabharfaí cumhachtaí tithíochta breise don Údarás chun cinntiú go mbeidh sé in ann dul i ngleic leis an ngéarchéim tithíochta sa Ghaeltacht. 

“Tá muid ag súil freisin leis an bPlean Náisiúnta Earcaíochta. Tá súil againn go mbeidh sé uaillmhianach go leor mar beidh a lán ag teastáil chun an sprioc 20% a bhaint amach,” arsa de Spáinn. 

Fág freagra ar 'Cúrsaí tithíochta, Údarás na Gaeltachta, gaeloideachas agus reachtaíocht teanga le plé agus an Dáil ag filleadh '