Cúrsaí teanga agus dúchais le plé ag deireadh seachtaine Pheadair Uí Dhónaill i nGaeltacht Dhún na nGall

'Oileánaigh – Céimeanna Chun Tosaigh' an téama a bheidh ann do dheireadh seachtaine Pheadair Uí Dónaill a bheidh ar siúl in Árainn Mór an mhí seo chugainn

Cúrsaí teanga agus dúchais le plé ag deireadh seachtaine Pheadair Uí Dhónaill i nGaeltacht Dhún na nGall

Beidh an tríú deireadh seachtaine in onóir an fhir ildánaigh Peadar Ó Dónaill ar siúl in Árainn Mhór, Dún na nGall an mhí seo chugainn. 

Is é an téama a bheidh le hócáid na bliana seo, a bheidh ar siúl ón 14 go dtí an 16 Meáin Fómhair, ná ‘Oileánaigh – Céimeanna Chun Tosaigh’. I measc na gcainteoirí, beidh Bernadette McAliskey, iarfheisire parlaiminte in Westminster, Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh, Ethel Buckley, Leas-Ardrúnaí ar An Ceardchumann Seirbhísí, Tionsclaíoch, Gairmiúil agus Teicniúil (SIPTU), Des Geraghty, ceardchumannach agus iarFheisire Eorpach, agus John Boyle, iarUachtarán ar Chumann Múinteoirí Éireann.

Dúirt Nora Flanagan, duine den choiste eagraithe, go ndéanfaidh na cainteoirí plé ar an dóigh go dtig le cúrsaí teanga agus oideachais dearcadh nua a chothú ar shaol na n-oileán sa lá atá inniu ann. “Agus muid ag ceiliúradh Bliain na Gaeilge, tagann an seanfhocal Gaeilge ‘Tír gan Teanga, Tír gan Anam’ i gcuimhne dúinn, agus an dóigh go bhfuil an teanga ag croílár ár ndúchais agus ár gcultúir,” ar sise.

Beidh ceolchoirm ann chomh maith leis an gcaint agus cuirfear ceardlann fidléireachta ar fáil.

Is mar scríbhneoir a mbaineann a chuid úrscéalta le saol na cosmhuintire i nDún na nGall is fearr aithne ar Ó Dónaill. Roimhe sin bhain sé cáil amach mar cheardchumannach agus b’eisean a d’eagraigh an céad sóivéid in Éirinn, i Muineachán. Ba Phoblachtach sinsearach é a throid i gCogadh na Saoirse agus ar thaobh na bPoblachtach i gCogadh na gCarad. Bhí sé ar Chomhairle Airm an IRA agus ina eagarthóir ar an iris liteartha The Bell a thug misneach agus treoir do go leor scríobhneoirí nua.

Rugadh Ó Dónaill taobh amuigh den Chlochán Liath i Rosa Dhún na nGall in 1893. Agus é ina fhear óg, chaith sé tamall de bhlianta ag teagasc in Árainn Mhór. Cúpla mí i ndiaidh Éirí Amach na Cásca, d’eagraigh sé ceardchumann do lucht na bprátaí ón oileán a bhí ag dul go hAlban. D’fhág sé an mhúinteoireacht le dul leis an cheardchumannachas, ach mhair riamh dáimh aige le hÁrainn Mhór. Fuair sé bás i mBaile Átha Cliath i 1986.

– Tá tuilleadh eolais faoi dheireadh seachtaine Pheadair Uí Dhónaill ar fáil ach glaoch ar Chomharchmann Oileán Árainn Mhór ag 074 9520533

Fág freagra ar 'Cúrsaí teanga agus dúchais le plé ag deireadh seachtaine Pheadair Uí Dhónaill i nGaeltacht Dhún na nGall'