Cúrsaí reatha ar TG4? Níos mó ceisteanna ná freagraí…

Is deacair léamh ar an gcur chuige nua atá beartaithe ag TG4 ó thaobh cúrsaí reatha de

Cúrsaí reatha ar TG4? Níos mó ceisteanna ná freagraí…

Frithbhuaic de shaghas a bhí againn nuair a thosaigh na scéalta ag eascairt as Baile na hAbhann faoi na forbairtí atá beartaithe do chúrsaí nuachta/reatha an stáisiúin. Is fada caint, agus éileamh, ar bhreis cláracha cúrsaí reatha, 7 Lá eile sa tseachtain, mar shampla. Nuair a thug an ceannasaí nua faoina chuid oibre le flosc, agus nuair a tháinig deireadh le 7 Lá, bhí dóchas ann go raibh forbairtí suntasacha ar na bioráin.

Tá dualgas reachtúil ar RTÉ uair an chloig in aghaidh an lae a sholáthar do TG4. Sin seacht n-uaire in aghaidh na seachtaine, sciar maith ama do stáisiún beag ar bhuiséad teoranta. Ach faoi mar a dúirt ar an suíomh seo cheana, ní léir i gcónaí cá bhfuil an uair an chloig seo, go mór mhór nuair a thógann tú Nuacht TG4 as an áireamh.

Tuigeadh dúinn go rabhthas chun iarraidh ar RTÉ luí amach orthu féin agus go mbeifí ag cur go mór leis an soláthar clár cúrsaí reatha. Má cuireadh plean uaillmhianach faoina mbráid, ní foláir nó gur thug údaráis RTÉ an t-eiteach dó mar tá an chuma ar an scéal gur beart athbhrandála is mó atá i gceist leis an méid atá geallta.

Is deacair léamh ar an gcur chuige atá luaite leis an gclár nua a chraolfar sa bhliain nua: láithreoirí, iriseoirí srl. a mhealladh le híocaíocht bhreise.

‘Nixer’ a bheidh anseo d’iriseoirí RTÉ/TG4 agus RTÉ RnaG agus gan oiread is duine amháin breise fostaithe, nó níos tábhachtaí, gan aon duine ag plé go leanúnach agus go príomha leis an gclár. Cá bhfágann sinn an clár ó taobh físe, stíle agus cinntiú caighdeáin? Chun go mbeadh clár ceart cúrsaí reatha agat, ní foláir foireann bheag ar a laghad a bheith ann agus iad ag treabhadh leo ó cheann ceann na seachtaine i mbun taighde agus taighde. Sin mar a bhristear scéalta, nó an amhlaidh gur cloigne cainte agus corrphacáiste atá chugainn athuair?

Cén sórt buiséad a bheidh ag an gclár nua? Cad iad na híocaíochtaí a bheidh ar fáil dos na hiriseoirí lena chinntiú go mbeidh éileamh acu ar an obair?

Faoin gcur chuige atá á lua, is deacair a shamhlú go mbeifear ag imeacht rómhór ó mhúnla an stiúideo agus ráineodh go mbeadh an táirge nua an-chosúil leis an gceann a cuireadh de dhroim seoil.

Idir an dá linn beimid gan clár cúrsaí reatha rialta go dtí mí Eanáir. Bhí 7 Lá imithe roimh thoghchán na Breataine agus ó shin toghadh ceannaire nua ar Fine Gael, agus Taoiseach. Cad a dhéanfaí dá bhfógrófaí olltoghchán sa bhfómhar? An Continuity 7Lá d’aon oíche amháin?

Cé go bhfuil an t-ainm nua ar nuacht Ghaeilge RTÉ – Nuacht TG4 ar RTÉ – ciotach go maith, tá i bhfad níos mó i gceist ná athrú ainm. Go dtí seo ba leagan Gaeilge den nuacht Bhéarla a bhíodh sa bhfeasachán seo. Dá bhrí sin bhíodh Nuacht TG4, go pointe, ceangailte ag na cinntí a bhíodh déanta maidir le scéalta/iriseoirí. Is é an giolla a bhíodh ina mháistir ar shlí. Anois beidh an feasachán sin ag freagairt dos na cinntí eagarthóireachta atá déanta do Nuacht TG4. B’fhéidir go mbeadh an tsaoirse ann an tSúil Eile sin a sholáthar saor ó laincis.

Tá ceisteanna go leor le cur agus le freagairt. Ach ná bímis ag súil leis an iomarca ceisteanna ná freagraí ó TG4, go dtí tús 2018, ar aon nós.

Fág freagra ar 'Cúrsaí reatha ar TG4? Níos mó ceisteanna ná freagraí…'

  • Páid Ó Donnchú

    Nach cuma faoi caighdeán na cláracha, tá TG4 anois ina bó bheannaithe. Cé nach mbhreatnaítear mórán uirthi mar nach dtuigtear í, ní féidir í a cháineadh.

  • Seosamh Mac Ionnrachtaigh

    Is gá athbhreithniú a dhéanamh ar chúrsaí ó sheachtain go seachtain dar liom héin.

  • Seosamh Mac Ionnrachtaigh

    Tá na hÚdaráis chuí fós ag déanamh neamhaird air seo. Is mór go deo an náire é.