Cúrsaí Covid ag cur as don Pro 14

Cúige Laighean atá ar bharr Ghrúpa A, ceithre chluiche buaite acu, ceithre phointe bónais acu agus fiche pointe sa mhála acu

Cúrsaí Covid ag cur as don Pro 14

Pictiúr: INPHO/Bryan Keane

Is cinnte go bhfuil lucht leanta rugbaí na tíre seo in ísle brí de bharr lagiarracht na foirne idirnáisiúnta i bPáras an deireadh seachtaine seo caite. Go deimhin nuair a bhreathnaítear ar an gcur chuige sin in éineacht leis an taispeántas a tugadh sa gcorn domhanda anuraidh meabhraíonn sé díreach cé chomh mór agus a baineadh dár gcáil le cúpla bliain anuas, tráth a mbíodh foireann rugbaí na hÉireann ar bharr thábla fhoirne rugbaí an domhain.

Beidh aird faoi leith ar Bhabhta 5 den Pro 14 an deireadh seachtaine seo ó tharla nach bhfuil aon chluiche idirnáisiúnta á imirt. Beidh fáil dá bharr sin ag na cúigí ar a gcuid imreoirí a bhí ar an bpainéal idirnáisiúnta ach nár imir i gcoinne na hIodáile ná na Fraince le coicís.

Bhí muid ag súil go gcuideodh sé sin le leithéidí Chúige Chonnacht nár imir an deireadh seachtaine seo caite mar gur cuireadh an cluiche i gcoinne Treviso ar athlá de bharr Covid-19. Bhí foireann na Gaillimhe le himirt as baile i gcoinne Dragons na Breataine Bige, foireann a chaill trí chluiche as ceithre cinn go dtí seo. Ach don dara deireadh seachtaine as a chéile tá cluiche na gConnachtach ar athlá arís de bharr Covid-19 a bheith ar sheachtar imreoirí de chuid na Dragons.

Inniu freisin bhí Cúige Mumhan le himirt as baile i i gcoinne Treviso ach díreach mar a tharla seachtain ó shin tá an cluiche sin ar athlá de bharr Covid-19.

Cúige Laighean atá ar bharr Ghrúpa A. Bhuaigh siad ceithre chluiche, ceithre phointe bónais acu go dtí seo agus fiche pointe sa mála acu. Ábhar iontais a bheas ann amárach mar sin má éiríonn leis na Ospreys, foireann a chaill i gcoinne Zebre seachtain ó shin. Sea, bua eile do na curaidh agus pointe bónais eile, b’fhéidir.

Ar an Luan, cuirfidh Cúige Uladh, dream atá sa dara háit i nGrúpa A lena gceithre bhua as ceithre chluiche go dtí seo, fáilte go Béal Feirste roimh Ghlaschú. Tá foireann na hAlban ar thóir a ndara bua sa gcomórtas ach níor bhuaigh siad cluiche ar bith fós agus iad ar an mbóthar. Ní dóigh liomsa go mbeidh siad in ann é sin a athrú an deireadh seachtaine seo.

Tá seans maith go mbeidh an bua ag an dá chúige atá ag imirt an deireadh seachtaine seo.

Fág freagra ar 'Cúrsaí Covid ag cur as don Pro 14'