Cúrsaí athbheochana teanga le plé ag Éigse na Brídeoige in Uíbh Ráthach

Tá clár breá spleodrach agus cuimsitheach curtha amach d’Éigse na Brídeoige 2017

Cúrsaí athbheochana teanga le plé ag Éigse na Brídeoige in Uíbh Ráthach

Ní túisce a bhíonn an Nollaig Bheag, nó Nollaig na mBan, mar is fearr le daoine áirithe a thabhairt uirthi, imithe uainn go mbítear ag smaoineamh, ar na bólaí seo ach go háirithe,  ar Éigse na Brídeoige, a tionóltar i gceantar Gaeltachta Uíbh Ráthaigh timpeall ar  Lá le Bríde gach bliain.

Mar is dual do lucht eagraithe na féile seo, tá clár breá spleodrach agus cuimsitheach curtha amach acu d’Éigse na Brídeoige 2017, a thionólfar i nDeisceart Uíbh Ráthaigh ón 3–5 Feabhra. Go deimhin is í seo an 25ú Éigse dá leithéid.

Díreofar ar chúrsaí teanga agus go háirithe an bua a bhaineann leis an dátheangachas i saol an duine ar chlár na bliana seo.

Beidh ceathrar ealaíontóirí – Louis Mulcahy, Lisbeth Mulcahy, Ríonach Ní Néill agus Áine Uí Cheallaigh –  ag tabhairt léargais dúinn ar a saol oibre, a gcleachtas oibre agus tábhacht an dátheangachais dóibh.

Beidh Adrian Cain, oifigeach oidhreachta  ó Oileán Mhanainn, i measc an phainéil cainteoirí a bheidh ag plé todhchaí na teanga in Uíbh Ráthach. Tá tuiscint faoi leith ag Adrian ar na cúinsí a bhaineann le hathbheochan  teanga mar gur tar éis don chainteoir dúchais deireanach (Ned Maddrell)   ar Oileán Mhanainn bás a fháil i 1974 a   tháinig borradh faoi ghluaiseacht na  teanga ar an Oileán.  Tá siad ann a déarfadh go bhfuil an Gaeilge Mhanann ag teacht chun cinn go mór le fiche éigin bliain nó mar sin agus go háirithe ó bunaíodh an Bunscoill Ghaelgagh ar an oileán i Meán Fómhair 2001.  Tá an athbheochan seo ag tarlú in ainneoin gur fhógair  UNESCO go raibh an Mhanannais ‘caillte’ in 2009.

Chomh maith leis na díospóireachtaí faoi chúrsaí teanga, beidh, mar a bhíonn i gcónaí, an ceol agus na hamhráin lárnach in imeachtaí na hÉigse le linn an deireadh seachtaine ar fad. Ar na himeachtaí sin tá ceolchoirm le Albiez (Cormac Breatnach, Laoise Kelly agus Tola Custy), taifeadadh poiblí ar na hamhráin agus an ceol sa chnuasach Binneas agus seisiúin le Tim Dennehy, Seán Garvey agus ceoltóirí áitiúla.

Má tá tú meáite ar bhualadh ó dheas don Éigse, is féidir leat tuilleadh eolais a fháil ó: Fíona de Buis, 087 2931463 nó  fdebuis@eircom.net

Fág freagra ar 'Cúrsaí athbheochana teanga le plé ag Éigse na Brídeoige in Uíbh Ráthach'

  • Róisín Ni G

    An-clár mar is gnáth.