Cúrsaí ag socrú síos sa chraobh i ndiaidh eipic iomána

Agus craobhacha na gCúigí thart ba cheart go mbainfeadh Corcaigh agus Loch Garman áit amach sna babhtaí ceathrú ceannais

Cúrsaí ag socrú síos sa chraobh i ndiaidh eipic iomána

An bhfuil aon deireadh le cumas Bhrian Cody an cíoná a tharraingt as cúl a ghlaice?

Bhí níos mó i gceist ná a bheith sásta gur bhuaigh sé Cluiche Ceannais Chúige Laighean an Satharn seo caite. Bheadh a fhios agat óna chuid gothaí go raibh sé sásta freisin go raibh díoltas faighte aige ar Henry Shefflin agus an gus bainte as. B’fhéidir go bhfuil cuid den áibhéil ansin agus go bhfuilim dulta thar fóir ach sin mar a facthas domsa é.

Bhí an bua tuillte ag Cill Chainnigh agus ní hé an chéad uair é ar theip ar an nGaillimh nuair a bhíodar láidir go maith mar rogha na coitiantachta.

Ar an Domhnach, dar ndóigh. bhí eipic iomána againn agus am breise ag teastáil chun Luimneach agus contae an Chláir a scaradh. Ar deireadh Luimneach a fuair an corn ach a leithéid de chluiche a d’imir an Clár. Bhí sé ina choimhlint agus ina chath ceart ó chaitheamh isteach an tsliotair go dtí an deireadh d’am breise. Bhí sé lán de bhuaicphointí agus dráma. Bhí ardtaispeántais ó mhórán imreoirí ón dá thaobh ach Tony Kelly a chuirfinnse ar bharr an liosta fada laochra. A leithéid de cheannaireacht, crógacht agus cruinneas a thaispeáin sé chun an poc taobhlíne sin a chur thar an trasnán chun an cluiche a chothromú. Cluiche na bliana gan dabht.

Beidh dhá contae ag fágáil slán le craobhchomórtas 2022 níos déanaí um thráthnóna.

Sa chéad chluiche beidh Corcaigh ag taisteal go Béal Feirste agus iad mar rogha mhór na coitiantachta. Rinne siad aiséirí míorúilteach leathshlí isteach sna réamhbhabhtaí. Is deacair a chreidiúint go bhfuil siad anois áirithe sa cheathrú háit ag na geallghlacadóirí do chraobh na hÉireann mar mí ó shin bhí an chuma ar an scéal go raibh iománaithe an chontae in umar na haimléise agus go raibh ré Kieran Kingston thart. Anois tá sceitimíní orthu agus orainne a bhíonn ag tacú leo agus is deas páistí a fheiceáil amuigh leis na camáin agus geansaithe an chontae orthu.

Tá ardmholadh tuillte ag leithéidí Conor Lehane, Conor Joyce, Seán O’Donoghue, Séamus Harnedy agus an laoch nua Alan Connolly (cúig chúl faighte aige ina chéad séasúr). Gan trácht ar Kieran Kingston agus a fhoireann bainistíochta.

Aontroim an freasúra agus an cumas iontu a bheith an-mhaith. Bhíodar údarásach ina gcuid imeartha i gcoinne Chiarraí sa chéad leath seachtain ó shin agus farasbarr deich gcúilín acu ag leatham, ach rinne Ciarraí an-teacht aniar agus dá mbeidís níos fearr ag na pocanna saora gach seans gurbh iad a bheadh ag ceiliúradh Chorn Sheosaimh Mhic Dhonncha. Ach is Aontroim a bhí chun tosaigh nuair a shéid Seán Stack an fheadóg dheiridh.

Ag féachaint ar an gcaighdeán ard a bhain leis an imirt sna réamhbhabhtaí i gCúige Mumhan, is deacair cás a dhéanamh d’Aontroim. Tá tosaithe ábalta acu, leithéidí Conal Gunning, James McNaughton, Ciarán Clarke agus Neil McManus. Ach bhí na cúlaithe an-oscailte ar feadh tréimhsí áirithe i gcoinne Chiarraí. Ní bheidh sé éasca ag Corcaigh i Páirc Corrigan ach bheinn ag súil go mbeidh an bua acu.

Tá scéal Loch Garman an-chosúil le ceann Chorcaí, iad an-mhaith don chuid is mó de chluichí na sraithe ach críoch lag acu. Ansin sna réamhbhabhtaí craoibhe bhí an t-ádh dearg orthu comhscór a fháil i gcoinne na Gaillimhe. Chailleadar an cluiche is tábhachtaí (dar le mórán duine) i gcoinne Átha Cliath agus ansin bhí comhscór acu i gcoinne na hIarmhí.

Ansin chuadar isteach sa bhearna bhaoil i bPáirc Uí Nualláin agus shaothraigh siad bua iontach tábhachtach le taispeántas lán de chroí agus díocas chun oibre. Bhí ceannairí acu ar fud na páirce, agus an chuid is mó díobh ann le tamall – Lee Chin, Liam Ryan, Matthew O’Hanlon, Damien Reck, Diarmuid O’Keefe agus Conor McDonald. Chomh maith leis sin bhí tionchar ollmhór ag na hionadaithe – Conal Flood, Mikie Dwyer, Cathal Dunbar agus Charlie McGuckin – nuair a tugadh isteach iad.

Um thráthnóna rachaidh siad go Páirc Aibhistín de Staic i dTrá Lí, iad lán de mhuinín agus leathshúil acu ar chontae an Chláir sa chéad bhabhta eile.

Ach le leithéidí Pádraig Boyle, Jordan Conway, Daniel Collins, Michael Leane agus Shane Conway tabharfaidh Ciarraí a ndóthain le déanamh dóibh. Mar sin féin, is deacair aon chás a dhéanamh d’aon toradh eile anseo seachas bua do na Carmannaigh.

Fág freagra ar 'Cúrsaí ag socrú síos sa chraobh i ndiaidh eipic iomána'