Cúrsaí ag éirí níos casta do na ceithre chúige i gCorn na gCuradh

Is deacair bua do na ceithre chúige a thuar an deireadh seachtaine seo i mBabhta 2, ach tá seans maith ann ar bhua i dtrí cinn

Cúrsaí ag éirí níos casta do na ceithre chúige i gCorn na gCuradh

Dave Heffernan. Pictiúr: ©INPHO/Tommy Dickson

Tar éis lag-iarracht na nÉireannach sa gCorn Domhanda is cinnte gur ábhar gliondair agus cúis dóchais féin mar a d’éirigh leis na cúigí ar fad i mBabhta 1 de Chorn na gCuradh an deireadh seachtaine seo caite. Cé go raibh bua iontach acu ar fad agus pointí bónais ag Cúige Laighean agus Cúige Mumhan, is cinnte gurb iad an dá bhua a bhí ag na hUltaigh agus na Muimhnigh le linn dóibh a bheith ag imirt as baile na buanna ba mhó suntais. Agus cá bhfágfá bua Chonnacht ar Montpellier ar an mBóthar Beag. Bua iontach, in ainneoin gur chaill siad triúr imreoirí chéad rogha díreach roimh thús an chluiche. 

Is iontach go deo é gur éirigh leis na cúigí na pointí sin a shlánú i mBabhta 1, ach an cheist an deireadh seachtaine seo, an mbeidh na ceithre chúige in ann an rud céanna a dhéanamh i mBabhta 2 agus i gcoinne freasúra atá níos láidre i gcúpla cás? 

Den dara deireadh seachtaine as a chéile is iad na hUltaigh is túisce a bheas san iomaíocht agus iad sa mbaile anocht i gcoinne Cleremont na Fraince, foireann eile a raibh bua éasca acu, 53-21, in aghaidh Harlequins i mBabhta 1. Ní hamháin sin ach is iad atá sa séú háit ar thábla an Top 14 faoi láthair. Tá eireaball na bhFrancach san aer acu agus beidh siad thar a bheith muiníneach agus iad ag taisteal go Béal Feirste. Ní leor do na hUltaigh a bheith ag brath ar bhuntáiste an bhaile amháin más leo na pointí a thabhairt leo, beidh gá le tréan-iarracht agus imirt níos fearr ó thús an chluiche ná mar a chonaic muid uathu go dtí seo.

Amárach imreoidh na Connachtaigh a gcéad chluiche sa mbaile sa gcomórtas seo agus is deacair dúshlán níos mó a shamhlú ná imirt i gcoinne foireann a bhí ina gcuraidh ar an gcomórtas seo ceithre huaire, Toulouse. Tá ardmholadh tuillte ag na Connachtaigh de bharr an chaoi ar chuir siad taobh thiar díobh an lascadh a thug Cúige Laighean dóibh coicís ó shin sa bPro 14 agus na deacrachtaí a bhí acu de bharr imreoirí a bheith gortaithe. Fuair siad an lámh in uachtar ar a bhfreasúra seachtain ó shin, ach amárach tá dúshlán ollmhór le sárú acu agus iad ag tabhairt faoi Toulouse as baile. Is deacair toradh ar bith seachas bua d’fhoireann an bhaile a thuar. Má éiríonn leis na Connachtaigh na geallghlacadóirí a bhréagnú, éacht a bheidh ann a mbeifear ag caint air go brách. 

Sa bhFrainc a bheidh na Laighnigh ag imirt freisin amárach agus iadsan ag imirt i gcoinne i Lyon. D’fhéadfadh go mbeadh an cluiche seo ar an gcoimhlint is fearr a bheas againn an deireadh seachtaine seo.

Tá Lyon ar bharr an Top 14 faoi láthair agus gan ach chluiche amháin as naoi gcinn caillte acu sa gcomórtas sin. Ábhar iontais an chaoi ar theip orthu agus iad i gcoinne Northampton i mBabhta 1 den chomórtas seo an Domhnach seo caite. Deis b’fhéidir do na Laighnigh? Cuimhnigh gurb iad na Laighnigh atá ar bharr Ghrúpa A den Pro 14 agus gan cluiche amháin féin caillte acu in aon chomórtas (an Pro 14 ná Corn na gCuradh) ó thús an tséasúir seo. Tá chuile bhuntáiste leis na Francaigh agus seans go mbeidh siadsan ar thóir maithiúnais óna lucht leanta féin, ach ní féidir fir Leo Cullen a chur as an áireamh. Tá a fhios acu má fhaigheann siad na pointí amárach go mbeidh siad leath bealaigh chuig cluiche ceathrú ceannais sa mbaile.

Cuirfidh na Muimhnigh fáilte go Luimneach roimh Racing 92 na Fraince. Beidh foireann an bhaile thar a bheith dóchasach tar éis an tsárthaispeántais a thug siad agus iad as baile i mBabhta 1 nuair a fuair siad an ceann is fearr ar na Ospreys, 32-13.

Caithfidh siad a bheith an-chúramach i gcoinne fhoireann a bhfuil leithéidí Donnacha Ryan agus Simon Zebo sa bpainéal acu agus beidh Racing iad féin sách dóchasach de bharr an greadadh (30 -10) a thug siad do Saracens i mBabhta 1. Ach is i bPáras a d’imir siad an cluiche sin agus níor chuir curaidh an chomórtais mórán dá gcéad rogha imreoirí chun páirce. Beidh iontas ormsa mura mbeidh an lá le foireann an bhaile.

Is deacair bua do na ceithre chúige a thuar arís an deireadh seachtaine seo. Mar sin féin, tá seans maith ar bhua i dtrí cinn de na cluichí, cé nach mbeidh sé éasca.

Fág freagra ar 'Cúrsaí ag éirí níos casta do na ceithre chúige i gCorn na gCuradh'