Cúrsaí ag dul in olcas níos tapúla ná mar a bhí á thuar againn – Dr Tony Holohan 

An Covid-19 tolgtha ag 1222 duine eile ar an oileán seo inniu 

Cúrsaí ag dul in olcas níos tapúla ná mar a bhí á thuar againn – Dr Tony Holohan 

Tá cúrsaí an choróinvíris ag dul in olcas ar an oileán seo. Bhásaigh 13 duine ó thuaidh den teorainn le 24 uair an chloig agus deimhníodh gurbh é an víreas ba shiocair bháis ag ceathrar eile a bhásaigh le déanaí. Fágann sin go bhfuil 1,183 duine curtha den saol ag Covid-19  sa réigiún sin ó thús na paindéime. Fógraíodh go raibh an galar tolgtha ag 640 duine eile, sin 61,437 duine ar fad ón Márta. Tá 427 othar san ospidéal ag an víreas agus 30 acu in ionaid dianchúraim.

Ó dheas den teorainn fógraíodh go raibh 582 cás den ghalar againn inniu agus go raibh seisear eile tar éis bháis dá bharr. Tá 2,149 duine curtha den saol ag an víreas an taobh seo anois agus é tolgtha ag 78,254 duine. 198 othar atá san ospidéal ag Covid-19 agus 34 acusan atá in aonaid dianchúraim.

Dúirt an Príomhoifigeach Sláinte an Dr Tony Holohan inniu go raibh cúrsaí ag dul in olcas an-tapa: “Fianaise atá i bhfigiúirí an lae inniu go bhfuil cúrsaí ag dul in olcas níos tapúla ná mar a bhí á thuar againn. Má bhíonn daoine cúramach anois is féidir linn tionchar an ghalair sna seachtainí seo romhainn a mhaolú agus daoine atá leochaileach a chosaint.”

Fág freagra ar 'Cúrsaí ag dul in olcas níos tapúla ná mar a bhí á thuar againn – Dr Tony Holohan '