Cúrsaí ag athrú in iardheisceart na hÚcráine agus feachtas frithionsaithe ar na bacáin

Má éiríonn leis na hÚcránaigh na Rúisigh a dhíbirt ón gceann droichid agus cathair Kherson a athghabháil beidh buntáistí móra acu

Cúrsaí ag athrú in iardheisceart na hÚcráine agus feachtas frithionsaithe ar na bacáin

Dhá láthair chogaidh

Is iad an cath i Donbas agus an cath san iardheisceart, timpeall chathair Kherson, an dá chath is tábhachtaí sa chogadh san Úcráin faoi láthair.

I Donbas, tar éis do na Rúisigh dul chun cinn suntasach a dhéanamh nuair a ghlac siad seilbh ar chathair Lysychansk d’éirigh leo bogadh to tapa go dtí fronta nua idir Siversk agus Bakhmut, ach le trí seachtaine anuas níl ach dul chun cinn ar scála beag déanta acu ar an bhfronta seo.

Ag an am céanna fuair na hÚcránaigh roicéid airtléire nua, ar a dtugtar HiMARS, ó na Meiriceánaigh agus bhain siad an-úsáid as na roicéid seo chun ionsaithe a dhéanamh i gcoinne armlanna Rúiseacha a bhí lonnaithe sna háiteanna atá faoi sheilbh na Rúise. Mar gheall ar na hionsaithe seo tá laghdú tagtha ar líon ionsaithe airtléire na Rúise. Léiríonn íomhánna satailíte ó NASA an laghdú sin.

Ionsaithe Airtléire i Donbas – 15 Iúil
Ionsaithe Airtléire i Donbas – 23 Iúil    

Is féidir a mheas go bhfuil deacrachtaí soláthair ag na Rúisigh sa cheantar faoi láthair ach is féidir a shamhlú chomh maith go dtiocfaidh siad ar réiteach na faidhbe seo i gceann tamaill.

Mar gheall ar na HiMARS bhí ar na Rúisigh an chaoi ina n-eagraíonn siad a gcuid fórsaí airtléire ar an talamh a athrú. Roimh theacht na roicéad, chomhchruinnigh siad batairí airtléire le chéile chun an méid is mó dá sliogáin a scaoileadh le targaidí, ach ina dhiaidh sin bhí na comhchruinnithe seo i mbaol ionsaithe ó na HiMARS. Tuairiscítear go bhfuil na batairí á scaipeadh ag na Rúisigh sa cheantar anois. 

Tá níos mó béime á cur acu faoi láthair ar ionsaithe coisithe chun seilbh a ghlacadh ar thalamh ar an bhfronta idir Siversk agus Bakhmut. Toisc nach bhfuil an méid céanna ionsaithe airtléire á ndéanamh ag na Rúisigh is féidir leis na hÚcránaigh cosaint níos treise a dhéanamh.

Nuair a ghlac na Rúisigh seilbh ar bhruach thuaidh abhainn an Dnipro timpeall Kherson san iardheisceart ag tús an chogaidh bhí ceann droichid straitéiseach faighte acu. Ba mhór an buntáiste do na Rúisigh an ceann droichid seo mar go mbeidís in ann ionsaithe eile a dhéanamh i dtreo chathair Mykolaiv agus, ina dhiaidh sin, aghaidh a thabhairt ar Odessa.  

Tar éis do na hÚcránaigh a mhaíomh le míonna anuas go raibh siad chun feachtas frithionsaithe a chur ar bun sa cheantar tá comharthaí ann go bhfuil a leithéid ag tarlú anois. Cé go bhfuil na Rúisigh ag iarraidh seilbh a ghlacadh ar thalamh i Donbas, tá siad dírithe ar an bhfód a sheasamh agus cosaint dhaingean a dhéanamh san iardheisceart. A mhalairt atá i gceist leis na hÚcránaigh, tá siadsan ag iarraidh a an fód a sheasamh i Donbas agus talamh a athghabháil san iardheisceart.

Comharthaí san iardheisceart

Le coicís anuas tá i bhfad níos mó ionsaithe diúracán á ndéanamh ag na Rúisigh ar chathair Mykolaiv. Is í Mykolaiv an chathair ina bhfuil an chuid is mó d’fhórsaí na hÚcráine san iardheisceart comhchruinnithe agus an chathair is cóngaraí don fhronta timpeall Kherson. Mar léiriú ar cé chomh tábhachtach is atá an chathair d’úsáid na Rúisigh diúracáin frith-aerárthaí chun an chathair a ionsaí nuair nach raibh aon diúracáin treoraithe acu.

D’fhógair údaráis na hÚcráine sa chathair go raibh siad chun an chathair a dhúnadh ionas go bhféadfaidís gníomhairí de chuid na Rúise a bhí ag tabhairt faisnéise ar thargaidí do na Rúisigh a aimsiú. Ach tá seans ann chomh maith go mbeidh sé seo mar chuid den iarracht chun socruithe an fheachtais frithionsaithe a choimeád faoi cheilt.  Tá Rialtas na hÚcráine ag iarraidh sonraí an fheachtais a choimeád faoi cheilt mar mhol siad do mhuintir na háite gan aon fhaisnéis ar cad atá ag tarlú sa cheantar ó thaobh dul chun cinn an chatha de a sheoladh ar an idirlíon. 

Is minic a luaitear go gcaithfear an láthair chogaidh a ullmhú nó bail a chur uirthi sula dtéann fórsa míleata i mbun catha. Tá na hullmhúcháin seo á ndéanamh ag fórsaí de chuid na hÚcráine san iardheisceart faoi láthair. 

Tá siad tar éis a lán armlann Rúiseach agus ceanncheathrúna de chuid Arm na Rúise sa cheantar a scriosadh. Mar a tharla i Donbas bheidh deacrachtaí soláthair ag na Rúisigh mar gheall air seo. Chomh maith leis sin tá siad tar éis ionsaithe cruinne a dhéanamh ar dhroichid thar abhainn an Dnipro ionas nach mbeadh na Rúisigh in ann trúpaí agus soláthairtí breise a thabhairt isteach sa cheann droichid ar bruach thuaidh na habhann. Tá seans ann go gcruthódh na hionsaithe ar na droichid deacrachtaí do na Rúisigh dá mbeadh orthu éalú ón gceann droichid chomh maith. 

Níos mó ná sé seachtaine ó shín d’éirigh leis na hÚcránaigh roinnt bailte agus sráidbhailte sa cheann droichid a athghabháil tar éis dóibh ionsaithe taiscéalaíochta a dhéanamh. Go príomha bhí na hionsaithe seo mar iarrachtaí chun cosaintí na Rúiseach a scrúdú ach gan amhras bhí siad mar chuid den ullmhúcháin chun bail a chur ar an láthair chogaidh roimh fheachtas frithionsaithe freisin. 

Nuair a chuirtear na heachtraí thuasluaite san áireamh is deacair a mheas nach bhfuil cúrsaí ag athrú san iardheisceart agus nach bhfuil feachtas frithionsaithe tábhachtach ar tí tarlú. Ach toisc go bhfuil na Rúisigh daingnithe i dtrinsí agus go bhfuil loig mhianach leagtha síos acu go forleathan sa cheantar, ní gan dua a chuirfear an feachtas seo ar bun.

Tábhacht an cheantair

Má éiríonn leis na hÚcránaigh na Rúisigh a dhíbirt ón gceann droichid agus cathair Kherson a athghabháil beidh buntáistí suntasacha acu. Go príomha beidh siad in ann an leas a bhaineann leis an gceann droichid straitéiseach a shéanadh ar na Rúisigh agus beidh siad in ann aghaidh a thabhairt ar an gcuid eile den iardheisceart atá faoi sheilbh na Rúiseach. Anuas air sin beidh smacht acu ar sholáthairtí uisce, go háirithe do cheantar na Crimé, ceantar atá faoi sheilbh an Rúise ó bhí 2014 ann, agus beidh sé seo mar bhuntáiste tábhachtach agus iad thart ar an mbord idirbheartaíochta.

Ó thaobh dul chun cinn an chogaidh de beidh athghabháil Kherson mar léiriú do thíortha an iarthair gur féidir leis na hÚcránaigh feachtas frithionsaithe a chur ar bun. Agus má éiríonn leo sa cheantar seo b’fhéidir go n-éireoidh leo sna láithreacha cogaidh eile.

Mura n-éiríonn leo na Rúisigh a dhíbirt ó bhruach thuaidh abhainn an Dnipro beidh an buntáiste go hiomlán ag na Rúisigh agus beidh sé thar a bheith deacair ag na hÚcránaigh dul céim chun tosaigh arís. Níos measa fós ní bheidh mórán buntáistí acu má bhíonn orthu dul chuig an mbord idirbheartaíochta.

 Iar-anailísí míleata le hÓglaigh na hÉireann é údar an ailt seo

Fág freagra ar 'Cúrsaí ag athrú in iardheisceart na hÚcráine agus feachtas frithionsaithe ar na bacáin'

  • Seán Ó Súileabháin

    Dá dtabharfadh NATO, An t-Aontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe tuilleadh airm nua-teicneolaíochta d’Arm na hÚcráine ina áit a bheith ag dul ar aghaidh leis an cur i gcéill chuirfeadh na hÚcránaigh aontaithe iad féin an ruaig ar na Rúisigh.

    Bheadh ceannasaíocht, forlámhas agus saoirse na tíre bainte amach ag muintir na tíre sin.
    Nach bhfuil a fhios ag an saol mór go bhfuil NATO, an t-Aontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe ag fanacht ar shocrú ar bith ionas nach gcuireann an cogadh isteach ar a saol rachmasach caipitileach.

    Tréighfidh An t-Aontas Eorpach, Nato agus Meiriceá an Úcráin i ndeireadh thiar thall lena ‘Blah, Blah’ mar is gnáth.

    Is mise le dóchas mór
    Dónall Mac Billings mór
    Mac na Reablóide teanga

    An Ghaeltacht,
    Príosún Phort Laoise Bloc E

    http://artpickle.com/index.cfm?artpage=webhome&webtab=testsite&webid=11059