Cúrsaí aeráide molta ag daoine óga mar ábhar éigeantach sa chóras oideachais

10 gcinn de mholtaí le dul i ngleic le hathrú aeráide aontaithe ag cruinniú sa Dáil inniu ach díomá ar Chonradh na Gaeilge faoina laghad Gaeilge a bhí á labhairt ann

Cúrsaí aeráide molta ag daoine óga mar ábhar éigeantach sa chóras oideachais

Rinne tionól 157 duine óg as gach cearn den stát 10 gcinn de mholtaí le dul i ngleic le hathrú aeráide nuair a tháinig siad le chéile sa Dáil inniu

RTÉ, i gcomhar le Tithe an Oireachtais, a d’eagraigh ‘Tionól Aeráide na nÓg’, an chéad ócáid náisiúnta a thug deis d’aos óg na tíre géarchéim na haeráide agus an chomhshaoil a phlé.

I ráiteas ar aontaigh baill an tionóil faoi d’iarradar ar “ionadaithe tofa agus ar dhaoine fásta éisteacht” leo.

Dúirt siad nach saineolaithe iad ar ghéarchéim na haeráide agus nach acu a bhí na freagraí ar fad ach gur gnó é “do dhaoine fásta agus go háirithe dóibh sin a toghadh chun ár sochaí a chosaint agus a chur chun cinn”.

D’éilíodar go dtabharfaí cluas d’fhianaise na heolaíochta” agus glacadh lena gcuid moltaí.

Moladh go gcuirfí cosc iomlán ar iompórtáil gás fraiceáilte, go mbunófaí mórfheachtas chun an pobal a chur ar an eolas faoi chúrsaí aeráide agus córas lipéadaithe agus praghsála a thabhairt isteach a thaispeánfadh tionchar aeráide táirgí bia.

Moladh freisin go mbeadh oideachas ar fáil ón mbunleibhéal go dtí an Ardteist agus go mbeadh ábhar nua éigeantach scoile ann a bheadh dírithe ar an athrú aeráide.

Ba é an Ceann Comhairle Seán Ó Fearghaíl, a bhí i bhfeighil imeachtaí an lae sa Dáil. Trí Bhéarla a rinneadh formhór na cainte inniu, seachas an méid a bhí le rá ag an Cheann Chomhairle agus bunbheannachtaí ag roinnt de na daoine óga.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, go raibh díomá air nach ndearna RTÉ níos mó lena chinntiú go mbeadh an Ghaeilge ina cuid den ócáid.

Dúirt sé gur cuireadh deis amú an Ghaeilge a cheangal le mórócáid spreagúil.

Dúirt sé freisin gur léiriú é a laghad Gaeilge a labhraíodh ag Tionól Aeráide na nÓg nach bhfuil “aon cheannaireacht” nó “dea-shampla” ag daoine óga maidir le labhairt na Gaeilge sa Dáil.

Dúirt urlabhraí thar ceann Thithe an Oireachtais le Tuairisc.ie níos luaithe i mbliana go raibh “áthas” orthu a rá “nach i mBéarla amháin a bheadh an ócáid”.

Dheimhnigh Rannóg an Aistriúcháin do Tuairisc.ie inniu go raibh córas ateangaireachta ar fáil d’ócáid an lae sa Dáil.

Seo a leanas na moltaí ar ghlac Tionól Aeráide na nÓg leo.

  1. Ó do shiopa áitiúil go dtí na hollmhargaí móra ba chóir dreasachtaí agus dualgais a chur i bhfeidhm ionas go gcuirfear doirse gloine i bhfearas ar chuisneoirí oscailte.
  2. Ba chóir go gcuirfeadh Éire cosc ar ghás fraiceáilte a iompórtáil agus infheistíocht a dhéanamh i réimsí inathnuaite amháin.
  3. Ba chóir bearta a chur i bhfeidhm a ligfeadh d’earraí Éireannacha a bheith éicea-inbhuanaithe agus ar chostas réasúnta i margadh na hÉireann sa lá atá inniu ann.
  4. Ba chóir cáin chisealaithe a thabhairt isteach ar astaíochtaí ó chuideachtaí móra lena n-áirítear iad sin faoi ETS. Ní mór an cháin seo a mhéadú gach bliain, fad a ísleoidh an tairseach, agus an t-ualach a bhogadh ón duine aonair go dtí na corparáidí.
  5. Ba chóir infheistíocht a dhéanamh i saoráidí tionsclaíochta cnáibe chun úsáid talamh inmharthana, inbhuanaithe agus ailtéarnach a sholáthar d’fheirmeoirí chomh maith le fostaíocht a chur ar fáil do mhuintir na tuaithe in Éirinn.
  6. Ba chóir córas lipéadaithe agus praghsála a thabhairt isteach a thaispeánfadh tionchar aeráide táirgí bia bunaithe ar chritéir ar nós tionchar na pacáistíochta agus an t-achar a tháinig an bia.
  7. Ba chóir go gcuirfeadh Éire cosc dlí ar an éicea-mharú – is éard atá sa mhéid sin cailliúint fhorleathan agus chórasach éiceachóras, lena n-áirítear damáiste aeráide agus cultúrtha.
  8. Ba chóir go gcosnófaí foraoisí agus ba chóir a chinntiú go ndírítear ar 10% ar a laghad den talamh iomlán atá i seilbh daoine ar mhaithe le húsáidí talmhaíochta a choinneáil don fhoraoiseacht.
  9. Feachtas náisiúnta {a eagrú} chun oideachas a chur ar an bpobal maidir leis an ngéarchéim aeráide, na cúiseanna atá léi, na himpleachtaí agus na réitigh.
  10. Oideachas éigeantach “Inbhuanaitheachta” ón mbunleibhéal go dtí an t-ionad oibre lena n-áirítear ábhar nua éigeantach don Teastas Sóisearach agus don Ardteist.

Fág freagra ar 'Cúrsaí aeráide molta ag daoine óga mar ábhar éigeantach sa chóras oideachais'

  • Eoghan Ó Néill

    Súil agam go dtiocfaidh slán abhaile an cailín sin Greta Thunburg agus an fhoireann atá ag treabhadh na dtonn sa bhád seolta anoir faoi láthair.
    Deirfinn go bhfuil lá na dtinte oscailte thart rud a thabharfadh deis do dhaoine retro-fit de shornacha bricí tine a chuir isteach ina n-áit a mbeadh de bhuntaiste acu ná an teas sa toit a tharraingt isteach sna bricí agus í ar a bealach ar aghaidh go dtí an simléar. Is stóras teasa atá sa charn bricí sin a scaoilfeadh goradh thar tréimhse 5/6 uair a chloig i ndiaidh dó na tine.

    Rud beag eile ar ndóigh isea veisteanna teirmeacha le haghaidh laethannta fuara an gheimhridh.