Cúrsa traenála do mhná le reáchtáil chun suim sa chraoltóireacht raidió a spreagadh

Is í an craoltóir Caoimhe Ní Chathail a bheidh i mbun an chúrsa nua do mhná atá á reáchtáil ag Raidió Fáilte

Cúrsa traenála do mhná le reáchtáil chun suim sa chraoltóireacht raidió a spreagadh

Tá Raidió Fáilte le cúrsa traenála speisialta a reáchtáil chun mná a mhealladh i dtreo na craoltóireachta raidió.

Is í an craoltóir Caoimhe Ní Chathail a bheidh i mbun an chúrsa, atá do mhná amháin. Reáchtálfar na ranganna thar cheithre seachtaine agus é mar sprioc go gcraolfaidh gach bean a bheidh ar an gcúrsa clár nua dá cuid féin Lá Idirnáisiúnta na mBan, an 8 Márta, nuair is mná amháin a bheidh ar sceideal Raidió Fáilte.

Deir Ní Chathail, a bhíonn ag craoladh ar Raidió Fáilte agus ar BBC Raidió Uladh agus a bhfuil cláir teilifíse léirithe agus curtha i láthair aici ar BBC agus TG4, gur deis iontach é an cúrsa do mhná ar suim leo cúrsaí craoltóireachta.

“Tá mé ag dúil go mór traenáil raidió a chur ar fáil do na mná seo agus cuidiú leo tús a chur lena n-aistear ar Raidió Fáilte, áit ar fhoghlaim mé féin cuid mhór mar chraoltóir. Is iontach an deis í do mhná a gclár raidió féin a chur le chéile agus is pribhléid domsa a bheith in ann tacú leo.

“Beidh Lá Idirnáisiúnta na mBan iontach againn i mbliana ar Raidió Fáilte, idir na cláracha úra ó lucht an chúrsa agus sceideal speisialta a bheas againn i rith an lae. Lá raidió ar leith a bheas ann!”

I dteannta Chaoimhe, beidh an craoltóir Áine Ní Bhreisleáin, a chuireann Bladhaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta i láthair, ina haoichainteoir ar an chúrsa.

Is í seo an dara bhliain den chúrsa, a chuirtear ar fáil le tacaíocht ón Chiste Craoltóireachta Gaeilge de chuid Scáileán Thuaisceart Éireann, agus deir Raidió Fáilte go raibh an-rath air in 2021.

I mbliana, beidh na seisiúin traenála ar siúl ar an ardán ar líne Zoom gach oíche Mháirt ón 1 Feabhra go dtí an 22 Feabhra idir 7-9in.

Más suim leat a bheith páirteach sa chúrsa nó má tá tuilleadh eolais de dhíth ort, cuir r-phost chuig traenail@raidiofailte.com nó cuir glaoch ar 028 90 310013 (9:30rn go 5:00in).

Fág freagra ar 'Cúrsa traenála do mhná le reáchtáil chun suim sa chraoltóireacht raidió a spreagadh'

  • Fiachra Ó Donnchadha

    Gnéachas lom amach is amach is ea é seo. Tá an cúrsa le reachtáil ar líne. An amhlaidh nach bhfuil sé de cheart ag daoine cur isteach ar an gcúrsa seo toisc rud nach bhfuil aon leigheas acu air – a ngnéas? Is léir gur mar seo atá! B’fhéidir gur cheart do na “fir” neamh-inghlactha seo iad féin “a aithint mar mhná” agus rochtain a bhaint amach ar an gcúrsa seo sa tslí sin. Ní comhionnannas é ar aon chuma ná cúntas diúltú do dhaoine toisc gur mná iad. Ní comhionnannas é ach oiread diúltú do dhaoine toisc gur fir iad. Tá an dá rud le cáineadh dár liomsa.

    Seasaimse go huile agus go hiomlán le comhchearta agus le comhionnannas idir fhir agus mhná. Eitím glan amach do “chomhionnannas” den saghas seo afach. Tá sé chomh holc céanna leis an ngnásmhaireacht a thug gluaiseacht na mban ar an saol sa chéad áit. Níl sé ach roinnt bliain ó shin gur ghlan Gormfhlaith Ní Thuairisc an talamh le fear a thosaigh “Bothán na bhFear” i gContae na Gaillimhe agus gur fáiltíodh go croíúil ar chlár eile, roinnt lá dár gcionn, roimh chliob do mhná i nDún Na nGall. Níl, dár liomsa, faic cearr le ceachtar acu. Ná caitear go doicheallach le ceann acu seachas a chéile.

    Ná diúltaítear do mhná ar bhonn a ngnéas! Ná diúltaítear do fhir ar bhonn a ngnéas! Diúltaigh do dhuine ar bhonn a easpa cumais – sin is comhionnannas ann.