Cúrsa iarchéime nua ar líne do mhúinteoirí iarbhunscoileanna Gaeilge agus Gaeltachta

Tá an cúrsa nua á reáchtáil i gcomhpháirt le COGG agus an Bord Oiliúna agus Oideachais

Cúrsa iarchéime nua ar líne do mhúinteoirí iarbhunscoileanna Gaeilge agus Gaeltachta

Tá cúrsa iarchéime nua do mhúinteoirí in iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta á reáchtáil ar líne ag Coláiste Mhuire Gan Smál.

Díreoidh an cúrsa nua ar mhúinteoirí iarbhunscoile in earnáil an Ghaeloideachais ar mhaith leo oiliúint bhreise a fháil sa teagasc trí Ghaeilge.

‘An Teastas Iarchéime i dTeagasc Ábharbhunaithe san iarbhunscoil Lán-Ghaeilge agus Ghaeltachta’, TTA, is teideal don chlár nua.

Tá an cúrsa seo á reáchtáil i gcomhpháirt le COGG, An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, agus an Bord Oiliúna agus Oideachais (ETB).

I mí Eanáir 2021 a chuirfear tús leis an chéad chúrsa TTA, agus é mar aidhm aige tacaíocht a chur ar fáil do mhúinteoirí a bhíonn ag teagasc in iarbhunscoileanna Lán-Ghaeilge agus Gaeltachta.

Bealach a bheidh anseo chun iarracht a dhéanamh dul i ngleic leis an laghdú atá tagtha ar líon na n-ábhar a bhíonn á dteagasc trí Ghaeilge ag leibhéal na hiarbhunscoile.

Agus an cúrsa á sheoladh, dúirt an tOllamh Eugene Wall, Uachtarán Choláiste Mhuire gan Smál, go raibh “lúcháir” air go raibh “clár iarchéime ar ardchaighdeán” á chur ar fáil d’earnáil oideachais na Gaeilge.

“Tá lúcháir orainn i gColáiste Mhuire gan Smál a bheith ar thús cadhnaíochta maidir leis an nuálaíocht san fhorbairt ghairmiúil leanúnach san earnáil seo,” a dúirt Uachtarán an Choláiste.

Chuir Príomhfheidhmeannach COGG, Muireann Ní Mhóráin, fáilte roimh an chúrsa nua, a thabharfaidh “aghaidh go straitéiseach ar bhearna aitheanta i bhforbairt ghairmiúil múinteoirí” in iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta.

“Deis iontach a bheidh ann do mhúinteoirí na sainchleachtais oideolaíochta don teagasc trí mheán na Gaeilge sa Ghaeltacht agus ar fud na tíre a fhorbairt,” a dúirt sí.

Dúirt stiúrthóir an chláir iarchéime nua, an Dr. T.J. Ó Ceallaigh, léachtóir le Gaeilge i gColáiste Mhuire Gan Smál, go raibh “sainriachtanais ar leith” ag múinteoirí a bhíonn ag teagasc ábhar trí Ghaeilge.

“Ní mór do mhúinteoirí ábhair sa chomhthéacs tumoideachais an t-ábhar a theagasc agus, ag an am céanna, aird a thabhairt ar riachtanais foghlama teanga na ndaltaí agus iad ag tabhairt faoi ábhar acadúil a fhoghlaim trí mheán teanga nua, trí mhionteanga nó trí theanga bhreise.

“Sa chlár iarchéime seo, an TTA, bainfear leas as straitéisí seachadta ar líne chun tacú le forbairt teanga agus le cleachtas oideolaíochta an mhúinteora ábhair ar bhealach comhtháite,” a dúirt an Dr. T.J. Ó Ceallaigh.

Dúirt Paddy Lavelle, Ard-Rúnaí Bhord Oideachais agus Oiliúna Éireann go raibh an “clár nuálaíoch agus idirghníomhach” á fhorbairt chun “tacú” le múinteoirí i scoileanna Gaeltachta, Gaelcholáistí agus Aonaid lán-Ghaeilge.

“Cuirfidh sé ar chumas múinteoirí a gcuid scileanna agus cleachtas féin a fheabhsú, rud a chabhróidh le teagasc agus foghlaim éifeachtach sa suíomh lán-Ghaeilge,” a dúirt sé.

Glacfar le hiarratais ar an chúrsa go dtí an 30 Samhain.

Fág freagra ar 'Cúrsa iarchéime nua ar líne do mhúinteoirí iarbhunscoileanna Gaeilge agus Gaeltachta'