Cúram na Gaeltachta agus an spóirt curtha ar an bPríomh-Aoire Dara Calleary

Tá cúram na Gaeltachta leagtha ar phríomh-aoire den tríú huair as a chéile rud a fhágann nach bhfuil aon chríoch leis an bhfanacht fada naoi mbliana ar aire sinsearach don Ghaeltacht

Cúram na Gaeltachta agus an spóirt curtha ar an bPríomh-Aoire Dara Calleary

Tá cúram na Gaeltachta agus na Gaeilge leagtha ar an bPríomh-Aoire nua Dara Calleary, an tríú huair as a chéile do phríomh-aoire a bheith i bhfeighil gnóthaí Gaeltachta agus Gaeilge.

Beidh an Teachta Dála as Maigh Eo agus leascheannaire Fhianna Fáil freagrach chomh maith as cúrsaí spóirt.

Bhí conspóid mhór ann nuair a fágadh Calleary i dtaobh leis an bpríomh-aoireacht agus Cúige Chonnacht gan aon aire sinsearach.

Fágann na dualgais bhreise a leagadh anocht air nach bhfuil aon chríoch leis an bhfanacht fada naoi mbliana ar aire sinsearach don Ghaeltacht.

Ní raibh an phríomhfhreagracht don Ghaeltacht ar aire sinsearach ó 2011 agus an chluas bhodhar atá tugtha ó shin i leith d’éileamh Chonradh na Gaeilge agus daoine eile ar a leithéid.

Beidh sé ina imní freisin go bhfágfar an Ghaeilge agus an Ghaeltacht in áit na leathphingine toisc na cúraimí sin a bheith curtha ar an té a bheidh ina Phríomh-Aoire Rialtais chomh maith, go háirithe agus comhrialtas trí pháirtí ann.

Ach sólás éigin a bheidh ann do lucht feachtais go bhfuil beirt a bhfuil Gaeilge acu sa roinn a bhfuil cúram na Gaeltachta uirthi agus suim léirithe acu beirt i gcás na teanga.

Bhí Dara Calleary ina urlabhraí Gaeltachta ag Fianna Fáil le linn thréimhse an Rialtais dheireanaigh agus tá roinnt óráidí faoin nGaeilge tugtha ag Catherine Martin sa Dáil.

Is cinnte go mbeifear ag súil go mbeidh ról níos feiceálaí ag Catherine Martin, an tAire Cultúir, Ealaíon, Meán, Turasóireachta, Spóirt agus Gaeltachta, ó thaobh na Gaeltachta ná mar a bhí ag a réamhtheachtaí Josepha Madigan.

Níor bhac Madigan le cúram na Gaeltachta in aon chor a luaithe is a bhí sé tarmligthe aici don iar-aire stáit agus iar-phríomh-aoire Seán Kyne.

Chomh maith leis sin, d’fhág ceapachán Catherine Martin go mbeidh aire sinsearach a bhfuil Gaeilge aici sa roinn a bhfuil cúram na Gaeltachta uirthi den chéad uair le naoi mbliana anuas.

Údar dóchais eile go bhfuil roinnt ráiteas láidir déanta sa Dáil ag leascheannaire an Chomhaontais Ghlais faoin nGaeilge agus faoin nGaeltacht ó toghadh ina Teachta Dála ar dtús í in 2016.

Tá Catherine Martin ar dhuine den bheagán Teachtaí Dála a bhfuil glactha acu leis go bhfuil géarchéim teanga sa Ghaeltacht.

Triúr i measc an 17 aire stáit nua a fógraíodh tráthnóna a bhfuil Gaeilge acu, Thomas Byrne (FF) an tAire Stáit Ardoideachais nua, Ossian Smyth (CG) a ceapadh ina aire stáit sa Roinn Caiteachais Phoiblí agus Patrick O’Donovan (FG) a athcheapadh ina Aire Stáit Oifig na nOibreacha Poiblí.

Ar na daoine a raibh súil acu le haireacht stáit bhí Brendan Griffin (FG) as Ciarraí a bhí ar dhuine den 35 Teachta Dála a thug le fios do Tuairisc.ie aimsir an toghcháin go raibh Gaeilge acu.

Dhiúltaigh beirt eile de na Gaeilgeoirí sin d’aireacht stáit.

Mhaígh an t-iar-aire oideachais as Dún nGall, Joe McHugh (FG), gur dhiúltaigh sé don tairiscint a fuair sé bheith ina aire stáit.

Dúirt sé ag tús na seachtaine nach nglacfadh sé le haon aireacht stáit nach bhféadfadh sé ‘leas Dhún na nGall’ a dhéanamh. Dhiúltaigh Jim O’Callaghan (FF) chomh maith d’aireacht stáit.

Dúirt Callaghan gur shíl gur mó maitheas a dhéanfadh sé d’Fhianna Fáil mar chúlbhinseoir ag déanamh athnuachana ar an bpáirtí.

As Cúige Laighean do 11 de na 17 airí stáit nua a fógraíodh tráthnóna agus as Baile Átha Cliath cúigear acu sin. Ó Chúige Mumhan triúr acu – Niall Collins (FF) agus Patrick O’ Donovan as Luimneach agus Mary Butler (FF) as Port Láirge. Beidh beirt airí stáit ag Cúige Chonnacht, Anne Rabbitte (FF), Gaillimh Thoir, agus Frank Feighan, as Sligeach-Liatroim. Aire Stáit amháin atá ag Dún na nGall, Charlie McConalogue.

Fág freagra ar 'Cúram na Gaeltachta agus an spóirt curtha ar an bPríomh-Aoire Dara Calleary'