Curaidh na Gaillimhe cloíte, An Rinn agus an Cheathrú Rua slán

Caitheann Tuairisc.ie súil siar ar chluichí na gcumann Gaeltachta ar fud na tíre ag an deireadh seachtaine

Curaidh na Gaillimhe cloíte, An Rinn agus an Cheathrú Rua slán

Gaillimh

Tháinig deireadh le ré Mhaigh Cuilinn mar churaidh Chraobh Shinsir Peile na Gaillimhe nuair a fuair An Creagán/Maigh Locha an ceann is fearr orthu sna babhtaí leathcheannais Dé Domhnaigh. Bhí na cúil cinniúnach sa chluiche agus Creagán/Maigh Locha a fuair na trí cinn a thug an bua dóibh, 3-12 in aghaidh 0-16.

Fuair Paddy Kelly péire acusan sa chéad leath chun foireann na Gaeltachta a fhágáil seacht bpointe chun deiridh ag leath ama agus bhí rith an rása leis an gCreagán/Maigh Locha nuair a fuair John Daly an tríú cúl díreach roimh an dara sos uisce. Rinne Maigh Cuilinn teacht aniar san am a bhí fágtha ach bhí an iomarca le déanamh acu agus is iad foireann thuaisceart na Gaillimhe a bheidh sa chluiche ceannais in aghaidh Chora Finne.

Dea-scéal a bhí ag péire eile d’fhoirne Chonamara a bhí ag imirt sa Chraobh Shinsir an deireadh seachtaine seo. Tá An Cheathrú Rua slán sa phríomhghrád go ceann bliana eile tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Bhearna Dé Sathairn. Bhí Bearna chun tosaigh d’fhormhór an chluiche i Ros Muc ach scóráil fir na Ceathrún Rua 1-4 sa cheathrú huaire dheireanach. Ó chic éirice ó Oisín Ó Gríofa a tháinig an cúl a chinntigh go raibh an lá leis an gCeathrú Rua, 1-7 in aghaidh 0-9.

Beidh seans amháin eile ag Bearna a n-áit a choinneáil sa Chraobh Shinsir. Is in aghaidh Sheamróga Chortúin a bheidh siad sa chluiche ceannais dícháilithe tar éis don Spidéal an ceann is fearr a fháil ar Chortún, 0-14 in aghaidh 1-9. D’fhág taispeántas maith sa chéad leath go raibh an Spidéal cúig phointe chun cinn ag leath ama agus cé gur laghdaigh Seamróga Chortúin an bhearna go dtí aon phointe amháin i dtreo dheireadh na himeartha, sheas fir Chois Fharraige an fód.

Sa Chraobh Idirmheánach, beidh Naomh Anna, Leitir Móir i gcluiche ceannais an chontae tar éis dóibh Oileáin Árann a shárú sna babhtaí leathcheannais Dé Sathairn. Ceithre chúl a d’aimsigh Naomh Anna sa chluiche agus bhí an bua acu, 4-7 in aghaidh 0-14. Ba é Iarla Ó Curraoin a d’aimsigh an t-aon chúl sa chéad leath chun Naomh Anna a fhágáil 1-6 in aghaidh 0-5 chun cinn ag leath ama agus scóráil Dylan Seoige, Maitias Eoin Bairéad agus Éamon Ó Loingsigh cúl an duine sa dara leath chun Oileáin Árann a chur de dhroim seoil. Tabharfaidh Naomh Anna agus An Dún Mór Mhic Éil aghaidh ar a chéile anois sa chluiche ceannais.

Bhí an t-ádh le mná Naomh Anna ag an deireadh seachtaine freisin nuair a choinnigh siad a n-áit sa Chraobh Shinsir. Comórtas ciceanna saora a scar mná cheantar na n-oileán agus Ghleann na Madadh/Baile Liam óna chéile tar éis dóibh an cluiche a chríochnú ar comhscór tar éis am breise, 1-7 an taobh. Ba le Naomh Anna a bhí an lá faoi dheireadh.

Corcaigh

Bhain Béal Átha an Ghaorthaidh áit amach i mbabhtaí leathcheannais Chraobh Shinsir Peile A Chorcaí tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Fhánaithe na Claide Dé Sathairn. Bhí fir na Gaeltachta pointe chun deiridh ag leath ama, 0-7 in aghaidh 0-6, ach d’aimsigh siad cúig phointe as a chéile fad agus a bhí Fánaithe na Claide fear gann agus imreoir leo curtha den pháirc ar chárta dubh. D’aimsigh muintir Seartain, Donagh (0-4), Liam (0-2) agus Ben (0-1) pointí do Bhéal Átha an Ghaorthaidh sa chluiche agus bua 0-15 in aghaidh 0-11 acu.

Ní raibh an rath céanna ar fhoireann eile ó Mhúscraí Dé Sathairn nuair a thug Áth Trasna greasáil do Naomh Abán sna babhtaí ceathrú ceannais de Phríomhchraobh Idirmheánach Peile Chorcaí. Farasbarr naoi bpointe a bhí ag Áth Trasna ar deireadh, 1-16 in aghaidh 0-10. Seacht bpointe a bhí idir na foirne ag leath ama agus cé gur dhún Naomh Abán an bhearna sin go dtí cúig phointe ag tús an dara leath, ní raibh fir Bhaile Bhuirne in ann coinneáil le hÁth Trasna as sin go deireadh.

Ciarraí

Idir mhaith agus olc a bhí ag foirne Chorca Dhuibhne i gCraobh Shinsir Peile Chiarraí. Ba é Conor Geaney laoch an Daingin nuair a d’éirigh leis cúl cinniúnach a fháil in aghaidh Chiarraí Láir chun áit a bhaint amach d’fhoireann na Gaeltachta sna babhtaí ceathrú ceannais. Bhí na foirne cothrom, 0-7 an taobh, agus an t-am beagnach istigh i gcluiche géar i bPáirc Aibhistín de Staic ach bhuaigh Geaney an cluiche don Daingean le cúl tar éis dó pas a fháil óna chol ceathrair Paul, a d’aimsigh trí phointe sa chluiche. Scóráil Ciarraí Láir, a d’imir i gcluiche ceannais na bliana seo caite, pointe amháin roimh dheireadh na himeartha ach ní raibh an t-am acu chun teacht aniar a dhéanamh.

Bhí údar díomá ag Ciarraí Thiar sa chluiche roimh cheann an Daingin agus bhí na Crócaigh róláidir don fhoireann dúiche. D’aimsigh Éanna Ó Conchúir cúl den scoth ag fíorthús an chluiche ach d’aimsigh fir Chill Airne na chéad seacht scór eile agus bhíodar 0-8 in aghaidh 1-1 chun tosaigh ag leath ama. Chuir na Crócaigh leis an bhfarasbarr sin luath sa dara leath agus bhí siad seacht bpointe chun cinn nuair a cuireadh deireadh leis an imirt, 0-13 in aghaidh 1-3.

Port Láirge

Tá peileadóirí na Rinne slán i gCraobh Shinsir Peile na nDéise ar feadh bliana eile tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Chumann an tSlánaitheora Dé Domhnaigh. Bhí fir na Gaeltachta chun tosaigh ó thús go deireadh, iad trí phointe chun cinn ag leath ama, 0-6 in aghaidh 0-3, agus dhá phointe a bhí le spáráil acu ar shéideadh na feadóige, 0-9 in aghaidh 0-7.

Dún na nGall

An Tearmann agus Bun Dobhrán a bheidh sa chluiche ceannais dícháilithe i gCraobh Shinsir Peile Dhún na nGall tar éis dóibh cluichí a chailliúint ag an deireadh seachtaine. D’aimsigh Michael Murphy cúig phointe do Ghleann tSúilí a bhuaigh ar an Tearmann sa dara ceann de na cluichí leathcheannais dícháilithe a imríodh Dé Domhnaigh. Bua 0-17 in aghaidh 2-6 a bhí ag Gleann tSúilí tar éis do na foirne a bheith ar comhscór ag leath ama, 0-8 in aghaidh 2-2.

Bhí ábhar faoisimh ag Gleann Fhinne agus bua slachtmhar acu ar Bhun Dobhrán níos túisce Dé Domhnaigh. Farasbarr dhá phointe dhéag a bhí ag fir na Gaeltachta Láir, 3-11 in aghaidh 0-8, agus Ciarán Brady (2) agus Ross O’Mara a fuair na cúil.

Fág freagra ar 'Curaidh na Gaillimhe cloíte, An Rinn agus an Cheathrú Rua slán'