Curacha Árann tagtha go hOllscoil na hÉireann Gaillimh

Seoladh an taispeántas ‘Curacha’ i gCearnóg na hOllscoile mar chuid d’Oíche Chultúir 2021 agus tús á chur le comhpháirtíocht idir OÉ na Gaillimhe agus an t-ionad cultúrtha ar Inis Oírr

Curacha Árann tagtha go hOllscoil na hÉireann Gaillimh

Mic léinn Nidah Ahmad, Ros Comáin_ Saorla Fenton, Luimneach_ Saoirse Gibbons, Liatroim_ Faye Ní Domhnaill, An Cabhán, i gCearnóg na hollscoile.

Tá an 21 curach a bhí ar taispeáint ar Inis Oírr i rith an tsamhraidh tagtha go campas Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Seoladh an taispeántas ‘Curacha’ i gCearnóg na hOllscoile mar chuid d’Oíche Chultúir 2021 agus tús cá chur le ré nua “comhpháirtíochta” idir OÉ Gaillimh agus an t-ionad cultúrtha ar Inis Oírr.

Mar chuid den chomhpháirtíocht nua, deirtear go mbeidh OÉ Gaillimh agus Áras Éanna ag obair le chéile chun na hoileáin agus an cósta thiar a chur chun cinn “mar shuíomh cultúir, teagaisc agus taighde”.

Tá ciste nua curtha ar fáil ag OÉ Gaillimh a chuideoidh le baill foirne agus mic léinn cuairt a thabhairt ar Inis Oírr agus leas a bhaint as áiseanna Áras Éanna.

Ag seoladh an taispeántais dó, dúirt Uachtarán na hOllscoile, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh, go raibh sé “fíorshásta” go raibh tús curtha le “comhpháirtíocht nua” idir an Ollscoil agus Áras Éanna.

Curach maisithe ag John Behan RHA i gCearnóg na hollscoile

“Is minic a bhainim leas as an meafar den ‘churach lán éisc ag teacht chun cladaigh’ ón dán ‘An tEarrach Thiar’ le Máirtín Ó Direáin chun saibhreas agus cumas ár bpobal ollscoile agus ár réigiúin a chur in iúl.

“Táim fíorshásta go bhfuil 21 curach tagtha chun campais chun tús a chur le comhpháirtíocht nua idir an ollscoil agus Áras Éanna.”

Dúirt stiúrthóir ealaíne Áras Éanna, Dara Mac Aoidh, go raibh sé “iontach” go raibh na curacha, a a taispeánadh ar dtús mar cheiliúradh ar 21 bliain d’Áras Éanna, tagtha go dtí an ollscoil.

“Tar éis do na curacha a bheith ar taispeáint ar fud Inis Oírr i rith an tsamhraidh, ta sé iontach anois go mbeidh deis ag pobal na hollscoile, agus ar ndóigh pobal chathair na Gaillimhe, an taispeántas álainn seo a fheiceáil.

“Cuirimid failte mhór roimh an gcomhpháirtíocht nua seo idir Áras Éanna agus OÉ Gaillimh agus muid ag súil le comhoibriú le chéile ar go leor tograí amach anseo chun leasa na hollscoile agus oileán Inis Oírr.”

Uachtarán OÉG an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh & Stiúrthóir Ealaíne Áras Éanna Dara Mac Aoidh ag Seoladh Comhpháirtíochta nua idir OÉG agus Áras Éanna

Mar chuid d’ócáid seolta an taispeántais, rinne mic léinn drámaíochta de chuid OÉ Gaillimh aithris ar rogha dánta le Máirtín Ó Direáin agus bhí an bhuíon ceoltóirí ConTempo Quartet i mbun ceoil.

Curacha Árann, atá é troithe ar fhad, atá le feiceáil sa taispeántas. Bhí sé seachtaine ag an 21 ealaíontóir a ghlac páirt sa taispeántas leis na curacha a mhaisiú ina rogha féin meán.

Is iad na healaíontóirí a bhfuil a saothar ar taispeáint ar na curacha: John Behan, Seán Ó Flaithearta, Seán Cathal Ó Coileáin, Sadia Shoaib, Tom Meskell, Mick O’Dea, Kathleen Furey, Dolores Lyne, Alannah Robins, Naoise Sheridan, Áine Phillips, Margot Quinn, Pat Quinn, Ger Sweeney, Jennifer Cunningham, Tim Acheson, Dara McGee, Breda Burns, Daniel Coleman, Jay Murphy, Cathal McGinley agus Deirdre McKenna.

Beidh na curacha ar taispeáint in OÉ Gaillimh go dtí an 10 Deireadh Fómhair.

Fág freagra ar 'Curacha Árann tagtha go hOllscoil na hÉireann Gaillimh'