Cur síos i dtuarascáil bhliantúil an Rialtais ar ‘dhul chun cinn’ a bpolasaí Gaeilge

Cursaí pleanála teanga agus cúrsaí oideachais luaite i measc na bhforbairtí. Séimhiú ar lár in ‘An Ghaeilge’ i dteideal na míre faoin teanga

Screen Shot 2015-03-10 at 16.41.33

Tugtar tús áite don €500,000 a cuireadh ar fáil i 2014 do chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge sa mhír faoin nGaeilge i dtuarascáil bhliantúil an Rialtais a foilsíodh inniu.

Tá cur síos sa tuarascáil ar dhul chun cinn Chlár an Rialtais ar a bhfuil á bhaint amach ar son na Gaeilge. ‘An Gaeilge (sic) agus an Ghaeltacht’ is teideal don mhír áirithe seo. Screen Shot 2015-03-10 at 16.48.53

Ba é an t-iriseoir Harry Magee is túisce a tharraing aird ar an séimhiú a bheith ar lár in ‘An Ghaeilge’.

Screen Shot 2015-03-10 at 16.38.01

Tagraítear sa mhír faoin nGaeilge do na tuarascálacha maidir le feidhmiú na Straitéise a d’fhoilsigh na ranna stáit éagsúla anuraidh.

Leiriú ab ea na tuarascálacha seo ar chur chuige comhtháite “which will have a positive impact on the Irish language in the long-term”.

Chabhródh an leathmhilliún atá curtha ar leataobh don Straitéis le forbairt seirbhísí réamhscoile agus iarscoile do thusimitheoirí Gaeltachta atá ag tógáil clainne le Gaeilge, le forbairt an chórais sintéise ABAIR, agus le forbairt dhá scéim phíolótach don aistriúchán uathoibríoch.

Luaitear chomh maith go bhfuil tús curtha leis an gcóras pleanála teanga sa Ghaeltacht agus lasmuigh di agus an t-athbhreithniú a rinneadh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla.

Ó thaobh cúrsaí oideachais, tagraítear don obair átá á déanamh ar dhréachtadh curaclaim Gaeilge nua don Teastas Sóisearach agus agus don churaclam comtháite nua don Bhéarla agus don Ghaeilge ag leibhéal na bunscoile. Cuirfear tús leis an gcuraclam seo le linn na scoilbhliana 2016 ach cuirfear ar fáil é do mhúinteoirí i Meán Fómhair na bliana seo.

I measc na rudaí eile a mhaítear gur léiriú iad ar a dhul chun cinn pholasaí Gaeilge an Rialtais, tá an méadú 26% ó 2011 ar líon na ndaltaí atá ag déanamh staidéir ar an nGaeilge Ardleibhéal.

Gealltar chomh maith go gcríochnófar i mbliana an t-athbhreithníu ar shiollabas Ardteistiméireachta na Gaeilge.

 

Fág freagra ar 'Cur síos i dtuarascáil bhliantúil an Rialtais ar ‘dhul chun cinn’ a bpolasaí Gaeilge'