Cur síos beacht ar shaol suimiúil Ken McGrath

Bíonn cuid maith leabhar spóirt ar an dul céanna agus iad leamh go maith. Ní hamhlaidh an scéal i gcás Hand on Heart le Ken McGrath

Cur síos beacht ar shaol suimiúil Ken McGrath

Is fada an lá ó anois ó thosaigh an chaint agus an t-ullmhú don Nollag. Tá fógraí feicthe agam ar na meáin faoi cúrsaí na Nollag le coicís agus an tseachtain seo chonacthas maisiúcháin Nollag sna siopaí.

Ach tá comhartha eile go bhfuil féile bheannaithe na tráchtála ag bagairt orainn agus sin na leabhair spóirt nuafhoilsithe sna fuinneoga ag na siopaí leabhar.

Deirtear go ndíoltar céatadán an-ard de leabhair na bliana thar thréimhse na Nollag. Scór blianta ó shin is cuimhin liom bheith ag fanacht leis na leabhair spóirt ó Shasana agus Meiriceá ar na seilfeanna sna siopaí leabhar i dtreo dheireadh mhí na Samhna. Is beag leabhar faoi na spóirt  Ghaelacha a bhíodh ann an uair sin seachas corrcheann anois is arís.

Ach anois bíonn leabhair a bhaineann le cúrsaí Chumann Lúthchleas Gael againn gach bliain agus iad sna siopaí níos luaithe gach fómhar.

Bhíos i gcathair Phort Láirge seachtain ó shin áit ar seoladh beathaisnéis iar-réalt iomána an chontae, Ken McGrath. Bhí slua mór i láthair in Óstán Tower don ócáid.

Dar ndóigh bhí an-mheas ar Ken mar imreoir le linn a thréimhse fada mar imreoir agus tá an meas céanna i gcónaí air agus cúpla mórfhadhb phearsanta ag cur as dó ó d’éirigh sé as an imirt dá chontae.

Tá cuid maith leabhar spóirt léite agam le deich mbliana anuas, a bhformhór ar an dul céanna agus iad leamh go leor ó thaobh ábhair de, agus an iomad ar fad den chur síos ar chluichí iontu.

Ní hamhlaidh do leabhar McGrath Hand on Heart, mar tá i bhfad níos mó ná sin ann.

Tá cur síos cuimsitheach ar an ngéarchéim eacnamaíochta a thug ar Ken a shiopa spórt a dhúnadh. Nach  bocht scéal é gur thosaigh an  fhadhb sin  i ndiaidh na tréimhse ba mheasa ina shaol iomána agus, dar ndóigh, b’in an léasadh a fuaireadar ó Chill Chainnigh i gCluiche Ceannais na hÉireann in 2008. D’éirigh leis an siopa a choimeád oscailte go dtí 2011 ach ansin bhí air comhartha a chrochadh san fhuinneog ‘Sladmhargadh dúnta’ agus b’in deireadh leis sin. 

Ach níor tháinig deireadh leis an drochrath ná an mí-ádh. Dhá bhliain ina dhiaidh sin agus aimsir na Nollag ann, bhí Ken san ospidéal agus rith fola san inchinn á chrá. Dar ndóigh níorbh é sin deireadh an mhí-áidh mar obráid chroí an chéad dúshlán eile a bhí roimhe lena choinneáil ina bheatha. Ní gá a rá go bhfuil scéal suimiúil le haithris ag Ken agus ní spórt amháin atá ina leabhar.

Is fear óg fós é ach tá go leor den saol feicthe aige go dtí seo. Is léir ó bheith ag caint leis go dtuigeann sé go bhfuil an dara seans faighte aige. Is léir freisin go dtuigeann an fear uasal seo go bhfuil an t–ádh air as an dara seans sin a fháil.

Is oth leis nár bhuaigh sé bonn sinsir na hÉireann ach taobh amuigh de sin bhuaigh sé beagnach gach gradam sinsir eile a bhí le buachan.

Tá sé ag tabhairt faoi chonair nua sa spórt anois agus é ina bhainisteoir sinsir ar a chlub baile, Cnoc Sióin.

Tá scéal suimiúil Ken go dtí seo scríofa go beacht, simplí, ag an iriseoir Michael Moynihan sa leabhar seo . 

B’fhiú go mór an leabhar a bheith sa stoca maidin Nollaig nó maidin Lá Samhna fiú.  

Fág freagra ar 'Cur síos beacht ar shaol suimiúil Ken McGrath'