‘Cur i gcéill é a cheapadh go mbeidh Bord Údarás na Gaeltachta saor ón bpolaitíocht’ – Seán Kyne

Dúirt an Seanadóir Seán Kyne go mbeadh sé níos fearr dá mbeadh baill an Bhoird go hiomlán neamhspleách ach creideann sé nach féidir tionchar na bpáirtithe polaitiúla a sheachaint nuair a bheidh toghchán i gceist

‘Cur i gcéill é a cheapadh go mbeidh Bord Údarás na Gaeltachta saor ón bpolaitíocht’ – Seán Kyne

Tá ráite ag iar-aire stáit Gaeltachta go bhfuil sé míréadúil a bheith ag súil go mbeadh Bord Údarás na Gaeltachta neamhspleách ón bpolaitíocht nuair a thabharfar ar ais toghchán an Bhoird.

Dúirt an Seanadóir Seán Kyne go mbeadh sé níos fearr dá mbeadh baill an Bhoird go hiomlán neamhspleách, ach gurb í fírinne an scéil nach mbeifear in ann tionchar na bpáirtithe polaitiúla a sheachaint nuair a bheidh toghchán ann arís an bhliain seo chugainn.

Bhí an Seanadóir Kyne ag labhairt i dTeach Laighean an tseachtain seo, áit a raibh plé á dhéanamh ar an reachtaíocht atá le tabhairt isteach chun toghchán an Údaráis a thabhairt ar ais.

Dúirt an gníomhaí pobail Donncha Ó hÉallaithe go raibh an seanBhord, sular cuireadh deireadh leis na toghcháin in 2012, éirithe “rópholaitiúil” agus gur “b[h]eag nár scrios sé an tÚdarás”.

Dúirt Ó hÉallaithe go mbíodh córas an aoire ag Fianna Fáil agus Fine Gael lena chinntiú go vótálfadh comhaltaí bord de réir mhianta na bpáirtithe.

Thacaigh sé agus roinnt mhaith eile a bhí ag an gcruinniú, polaiteoirí ina measc, leis an bhforáil atá i gceannteideal an Bhille um Údarás na Gaeltachta (Leasú) 2022 nach mbeadh cead ag comhairleoirí contae nó polaiteoirí eile seasamh do thoghchán an Údaráis.

Dúirt Ó hÉallaithe go raibh sé ag iarraidh go mbeadh baill an Bhoird dírithe go hiomlán ar obair an Bhoird ar fud na Gaeltachta seachas a bheith ag cuimhneamh air mar “chéim pholaitiúil”.

Cé gur aontaigh an Seanadóir Seán Kyne leis an ngníomhaí pobail gurbh fhearr go mbeadh baill an Bhoird go hiomlán neamhspleách ó thionchar na bpáirtithe polaitiúla, dúirt sé nach dtarlódh a leithéid.

“Sílim go bhfuil tú ag lorg rud éigin nach féidir a fháil, sin é go mbeadh Bord [ann] ar son mhuintir na háite, mhuintir na Gaeltachta, a bheadh sórt neamhspleách ón bpolaitíocht agus ón gcóras polaitíochta. An chaoi go bhfuil rudaí faoi láthair, ní féidir sin a fháil,” a dúirt an Seanadóir Kyne.

Dúirt sé go bhféadfadh nach mbeidh na páirtithe polaitiúla luaite ar na páipéir bhallóide nuair a fhillfidh toghchán an Údaráis ach gur “cur i gcéill” a bheadh ann a rá go mbeadh na hiarrthóirí ar fad neamhspleách.

“Beidh coinbhinsiún ag Fianna Fáil, beidh coinbhinsiún ag Fine Gael, beidh coinbhinsiún ag Sinn Féin…chun daoine a ainmniú agus a chur os comhair mhuintir na háite,” a dúirt Kyne.

“B’fhearr liomsa dá mbeadh chuile rud neamhspleách ó thaobh an Bhoird mar, i mo thuairim, is Bord Stáit é. Ní comhairle contae Bord Stáit, cosúil le Fiontar Éireann agus an IDA. Ba cheart go mbeadh níos mó cumhachtaí ag an Údarás le rudaí a athrú ach, mar atá faoi láthair, is cosúil le comhairle contae é nó comhairle cathrach.

“Beidh na páirtithe ag ainmniú daoine agus… i mo thuairim, bheadh sé níos fearr [lógónna na bpáirtithe] a chur ar an bpáipéar vótála seachas a bheith ag leanúint ar aghaidh le cur i gcéill.”

Mar fhreagra ar an méid a bhí le rá ag Donncha Ó hÉallaithe maidir le tionchar na bpáirtithe ar bhaill Bhord an Údaráis, dúirt Aindrias Moynihan, an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil, a chaith seal ina bhall ar an bBord, nár tugadh treoir dó riamh maidir le vóta a chaitheamh.

Bhí neamhspleáchas an Bhoird ar cheann de roinnt gnéithe den bhille a pléadh ag cruinniú a bhí ag Coiste Gaeilge an Oireachtais an tseachtain seo.

Bhí an scrúdú Gaeilge atá beartaithe d’iarrthóirí, ionadaíocht na gceantar Gaeltachta ar Bhord an Údaráis, agus cé a bheadh in ann seasamh don toghchán i measc na n-ábhar eile a pléadh.

Tá ráite ag Aire na Gaeltachta Catherine Martin go bhfuil sí ag iarraidh toghchán an Údaráis a reáchtáil an bhliain seo chugainn idir deireadh an earraigh is tús an tsamhraidh.

Deir Cathaoirleach Choiste na Gaeilge, Aengus Ó Snodaigh, go bhfuil súil aige an scrúdú réamhreachtaíochta atá le déanamh ag a choiste a chur i gcrích faoi dheireadh na míosa seo chugainn agus go mbeadh an reachtaíocht rite faoi dheireadh na bliana.

Fág freagra ar '‘Cur i gcéill é a cheapadh go mbeidh Bord Údarás na Gaeltachta saor ón bpolaitíocht’ – Seán Kyne'