Cur i bhfeidhm ‘córasach’ na Straitéise 20 Bliain geallta i ‘gclár rialtais’ FG agus na neamhspleách

Gealltar sa 'Programme for Partnership' go leagfaidh an rialtas nua béim ar chruthú fostaíochta i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta agus go ndéanfar níos mó infheistíochta sa Ghaeilge

Mattie McGrath TD agus baill de Chomhghuaillíocht Neamhspleách na Tuaithe lasmuigh de Thithe an Rialtais inniu  Pictiúr:Sam Boal/Rollingnews.ie
Mattie McGrath TD agus baill de Chomhghuaillíocht Neamhspleách na Tuaithe lasmuigh de Thithe an Rialtais inniu  Pictiúr:Sam Boal/Rollingnews.ie

Tá cur i bhfeidhm ‘córasach’ na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge luaite sa phlécháipéis rialtais atá aontaithe ag Fine Gael agus Teachtaí Dála neamhspleácha mar chuid de na cainteanna atá ar siúl maidir le bunú rialtas nua.

Déanfar an ceathrú hiarracht amárach sa Dáil Taoiseach a thoghadh agus rialtas nua a chur ar bun.

Agus tacaíocht Fhianna Fáil acu tá Fine Gael ag brath anois ar thacaíocht Teachtaí Dála neamhspleácha chun rialtas mionlaigh a bhunú.

Sa cháipéis A Programme for Partnership deirtear gur ghá don chéad rialtas eile an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a chur i bhfeidhm agus cur le líon na ndaoine a labhraíonn Gaeilge gach lá. Deirtear chomh maith go gcaithfidh an rialtas nua a chinntiú go mbeidh an Ghaeilge ‘níos feiceálaí’ agus níos lárnaí ‘sa tsochaí’ mar theanga labhartha agus ar chomharthaíocht phoiblí.

Gealltar sa cháipéis go leagfaidh an rialtas nua béim ar chruthú fostaíochta i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta.

Spreagfaí tuismitheoirí le leas a bhaint as an réamhscolaíocht lán-Ghaeilge sa Ghaeltacht agus lasmuigh di.

Gealltar chomh maith go n-aithneoidh an rialtas nua an tábhacht atá le stádas na Gaeilge mar theanga oifigiúil agus oibre san Aontas Eorpach.

Mar a luadh sa cháipéis a d’aontaigh Fianna Fáil agus Fine Gael, gealltar sa cháipéis nua seo chomh maith go ndéanfaí níos mó infheistíochta sa Ghaeilge.

 

Fág freagra ar 'Cur i bhfeidhm ‘córasach’ na Straitéise 20 Bliain geallta i ‘gclár rialtais’ FG agus na neamhspleách'

  • Fearn

    Athchúrsáil na ngeallta gan bhrí.

    Nach raibh am acu bréaga úra achumadh?