Cur chuige nua ag teastáil ó Naomh Conall más leo foireann chumasach Ghaoth Dobhair a shárú

Tá foireann Mhachaire Gathlán ag iarraidh Corn an Dochtúra Mhic Uidhir a thabhairt leo don dara bliain as a chéile, gaisce nach bhfuil déanta i nDún na nGall le deich mbliana anuas.

Cur chuige nua ag teastáil ó Naomh Conall más leo foireann chumasach Ghaoth Dobhair a shárú

Má cheap imreoirí agus lucht bainistíochta Ghaoth Dobhair nár léiríodh dóthain measa orthu roimh a gcluiche leathcheannais i gcoinne Chill Charthaigh, ní féidir leo an gearán céanna a dhéanamh inniu.

Cé gurb iad Gaoth Dobhair a bhuaigh craobh an chontae agus Craobh Uladh anuraidh, ba iad Cill Charthaigh a bhí mar rogha na coitiantachta don chluiche leathcheannais sin. Ní raibh Gaoth Dobhair i mbarr a maitheasa roimhe sin sa chraobh ach thug siad taispeántas an-láidir uathu an lá sin i mBealach Féich nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Chill Charthaigh le seacht bpointe.

Is iad Gaoth Dobhair anois rogha láidir na n-údar agus iad ag dul chun páirce i gcoinne Naomh Conall sa chluiche ceannais agus foireann Mhachaire Gathlán ag iarraidh Corn an Dochtúra Mhic Uidhir a thabhairt leo don dara bliain as a chéile, gaisce nach bhfuil déanta i nDún na nGall le deich mbliana anuas.

Ní féidir talamh slán a dhéanamh de go mbeidh an bua acu, áfach. Tá Naomh Conall ar cheann de na foirne is fearr sa chontae le blianta fada. Tá an cluiche ceannais bainte amach acu don tríú bliain as a chéile agus don seachtú huair le deich mbliana anuas.

Tá taithí na mblianta ag Anthony Thompson, Leo McLoone, Eoin Waide, Brendan McDyer agus a leithéidí ach tá imreoirí nua tagtha chun cinn le blianta beaga anuas chomh maith, ina measc Eoghan McGettigan, Jeaic Mac Ceallabhuí agus Ethan O’Donnell.

Is féidir an rud céanna a rá faoi Ghaoth Dobhair, áfach. Thosaigh Christopher McFadden, Neil McGee, Eamon McGee, Dónal McBride agus Kevin Cassidy i gcluiche ceannais an chontae trí bliana déag ó shin ach níl aon amhras ach go bhfuil spreagadh iontach tugtha dóibh ag an scata mór imreoirí atá tar éis teacht isteach le cúpla bliain anuas.

Bhí níos mó ná deichniúr d’fhoireann Ghaoth Dobhair a bhuaigh Craobh Faoi-21 Uladh ag tús na bliana seo caite mar chuid den scuad a bhuaigh craobh na sinsear anuraidh.

Fuair siad an ceann is fearr ar Naomh Conall an lá sin, 0-17 in aghaidh 1-7, agus is iomaí uair a casadh na foirne seo ar a chéile le gairid. Is é cluiche an lae inniu an cúigiú cluiche craoibhe a imreofar ó 2016.

Bhuaigh Naomh Conall péire acu sin, cluiche leathcheannais 2017 ina measc, ach is ag Gaoth Dobhair a bhí an lámh in uachtar le gairid. Chomh maith leis an mbua sin sa chluiche ceannais in 2018, bhuaigh siad ar Naomh Conall i gcluiche i mbabhta na ngrúpaí chomh maith.

Thug Gaoth Dobhair taispeántas ceannasach sa chluiche leathcheannais i gcoinne Chill Charthaigh coicís ó shin ach beidh dúshlán de chineál eile rompu tráthnóna. Bíonn Cill Charthaigh ag brath go mór ar an choisíocht atá acu timpeall lár na páirce chun scóranna a chruthú, ach tá Naomh Conall beagán níos láidre agus ní bhíonn drogall orthu leas a bhaint as ‘an modh díreach’ nuair is gá.

Níl fir Ghaoth Dobhair ar na peileadóirí is airde sa chontae agus cé gur buntáiste é sin do Naomh Conall, tá foireann Mhachaire Gathlán iontach láidir agus ní ghéillfidh siad orlach tráthnóna.

Bhain Naomh Conall úsáid as stíl chosantach sa chluiche ceannais anuraidh ach níor oibrigh an stíl sin ar chor ar bith dóibh agus seans go mbeidh orthu cur chuige nua a úsáid tráthnóna.

Tá an oiread sin imreoirí maithe ag Gaoth Dobhair, áfach, go bhfuil siad in ann úsáid a bhaint as beagnach aon stíl imeartha is mian leo. Bíonn siad breá sásta seilbh a choinneáil ar an liathróid agus fanacht go dtí go mbíonn bearna i gcosaint an fhreasúra nó tá siad in ann scóranna a fháil ar an bhfrithionsaí chomh maith. Má theastaíonn uathu an modh díreach a úsáid, tá Kevin Cassidy in ann aige sin chomh maith.

Agus cúpla cluiche ceannais caillte as a chéile ag Naomh Conall, beidh siad ar a ndícheall ag iarraidh an beart a dhéanamh tráthnóna ach beidh sé deacair acu i gcoinne fhoireann chumasach Ghaoth Dobhair.

Cluiche Ceannais Chraobh Shinisr Peile Dhún na nGall

Gaoth Dobhair v Naomh Conaill – Páirc Mhic Cumhaill, 3.30pm (Beo ar TG4)

Fág freagra ar 'Cur chuige nua ag teastáil ó Naomh Conall más leo foireann chumasach Ghaoth Dobhair a shárú'