Cur chuige ‘níos uaillmhianaí’ ag TG4 don mhórphobal ná mar atá acu do phobal na Gaeilge – tuarascáil

De réir tuarascála a cuireadh faoi bhráid an Aire Cumarsáide le déanaí is léir ó athruithe ar sceideal TG4 an ‘bhéim’ nua atáthar a chur ar an lucht féachana náisiúnta

Cur chuige ‘níos uaillmhianaí’ ag TG4 don mhórphobal ná mar atá acu do phobal na Gaeilge – tuarascáil

Tá TG4 “níos uaillmhianaí” maidir lena lucht féachana náisiúnta ná mar atá siad maidir le pobal na Gaeilge, nó a gcroí-lucht féachana, de réir tuarascáil a rinneadh don BAI.

De réir na tuarascála, Annual Review of Funding for Public Service Broadcasters, 2017, a cuireadh faoi bhráid an Aire Cumarsáide le déanaí agus a bhfuil cóip di faighte ag Tuairisc.ie, is léir ó athruithe ar sceideal TG4 an “bhéim” nua atáthar a chur ar an lucht féachana náisiúnta.

Cé nach dtugtar aon bhreithiúnas sa tuarascáil ar straitéis ‘twin pole’  TG4 nach raibh ach ina thús nuair a bhí an tuarascáil á scríobh, deirtear gurb é nádúr na straitéise sin nach mbeidh de rogha ag TG4 ach “trade-offs” a dhéanamh.

Is é atá i gceist le straitéis ‘twin pole’  TG4 ná go ndéanfaí cláir go speisialta do dhá chineál lucht féachana ar leith – an croíphobal nó pobal na Gaeilge agus an lucht féachana náisiúnta nó mórphobal an Bhéarla.

Is é is aidhm don straitéis, a deir TG4 féin, ná “atógáil a dhéanamh” ar “an aird” a bhíonn ag an lucht féachana náisiúnta ar TG4 agus a chinntiú go mbíonn ardmheas ag pobal na Gaeilge ar sholáthar an stáisiúin.

De réir na tuarascála neamhspleáiche nua, a rinne Communications Chambers don BAI, bíonn an tóir chéanna nach mór ag pobal na Gaeilge ar na cláir a dhírítear ar an bpobal náisiúnta is a bhíonn ag mórphobal an Bhéarla.

Maítear sa tuarascáil gur ag féachaint ar chláir don phobal náisiúnta a bhíonn pobal na Gaeilge 82% den am a thugann siad ag féachaint ar TG4.

De réir na tuarascála, d’éirigh le TG4 a spriocanna craolta féin a shárú i gcás na n-uaireanta craolta a cuireadh ar fáil don lucht féachana náisiúnta, rud a chabhraigh a mhaítear leis an ardú ar sciar lucht féachana an stáisiúin.

Uaireanta breise spóirt agus siamsaíochta ba chúis leis na spriocanna don lucht féachana náisiúnta a bheith sáraithe.

Os a choinne sin, deirtear nár baineadh amach na spriocanna maidir le huaireanta a chloig don chroíphobal féachana. Craoladh níos lú clár ná mar a bhí beartaithe do phobal na Gaeilge i réimsí na siamsaíochta, na drámaíochta agus sobaldrámaíochta agus cúrsaí reatha agus nuachta. Sáraíodh an sprioc maidir le cláir Ghaeilge do pháistí ach deirtear gur athchraoladh faoi ndeara sin.

“Is léir gur cuid den straitéis dhébheannach iad an t-ábhar don lucht féachana náisiúnta agus an t-ábhar don chroíphobal Gaeilge. Mar sin féin, tá an chuma air go bhfuil nuacht agus cúrsaí reatha agus drámaíocht i gcroílár chúram seirbhíse poiblí TG4. Údar imní go raibh an soláthar uaireanta craolta […] faoi bhun na sprice,” a deirtear sa tuarascáil.

De réir na tuarascála bliantúla is déanaí ó TG4 féin, bhí níos lú ná aon trian den ábhar a craoladh ar an stáisiún anuraidh dírithe ar phobal na Gaeilge. Deir TG4 gur in olcas a rachaidh an scéal mura gcuirtear maoiniú breise ar fáil don stáisiún.

Thit céatadán na n-uaireanta an chloig a bhí dírithe ar lucht féachana na Gaeilge 14% in 2018 i gcomparáid le 2017.

Tacaíonn na comhairleoirí a rinne an tuarascáil d’Údarás Craolacháin na hÉireann le héileamh an BAI go gcuirfí €6 milliún breise ar fáil do TG4, cé go ndeir siad go mb’fhéidir go mbeadh beagáinín níos lú ná sin ag teastáil i bhfianaise chomh maith is atá ag éirí leis an stáisiún ar an mbuiséad atá aige.

Deirtear sa tuarascáil gurbh údar misnigh do TG4 an bhliain mhaith a bhí ag an stáisiún in 2017. “Ní hamháin gur éirigh le TG4 a ioncam tráchtála a mhéadú, ach d’éirigh leo chomh maith a sciar den lucht féachana a mhéadú cé go raibh laghdú 3% ar a gcaiteachas ar chláir,” a deirtear.

Rinne TG4 níos fearr ná mar a rinne sé an bhliain roimhe sin agus ná mar a bhí leagtha amach i bplean an stáisiúin féin.

Ní raibh torthaí an stáisiúin maidir lena soláthar ar líne chomh dearfach céanna, a deirtear.

Deirtear go bhfuil dúshlán mór roimh TG4 maidir le daoine óga a mhealladh chuig an stáisiún agus chuig a soláthar digiteach.

Moltar gur chóir do TG4 a bheith níos uaillmhianaí ó thaobh a spriocanna lucht féachana ar ardáin eile más leo cúiteamh a dhéanamh ar an laghdú atá ag teacht ar líon na ndaoine a bhíonn ag féachaint ar chláir de réir mar a chraoltar ar an teilifís féin iad. Mura n-éiríonn leo an laghdú sin a chúiteamh d’fhéadfadh TG4 a bheith i mbaol amach anseo, a deirtear.

Aithnítear sa tuarascáil freisin go bhfuil dúshlán ar leith roimh TG4 maidir le daoine idir 15-34 bliain d’aois a mhealladh.

Deirtear nach aon dóithín an grúpa sin a mhealladh agus oiread tóir orthu, ach maítear go léiríonn figiúirí TG4 go bhfuil an stáisiún ‘managing decline’ san aoisghrúpa sin.

Cé go bhfuil laghdú ag teacht ar líon na ndaoine san aoisghrúpa sin a bhíonn ag breathnú ar an teilifís, deirtear go bhfuil an laghdú níos measa i gcás TG4. Sampla an-soiléir é TG4 den dúshlán atá roimh gach craoltóir seirbhíse poiblí agus iad ag iarraidh daoine óga a mhealladh, a deirtear.

Fág freagra ar 'Cur chuige ‘níos uaillmhianaí’ ag TG4 don mhórphobal ná mar atá acu do phobal na Gaeilge – tuarascáil'