Cur chuige díchéillí ag Stormont agus glas béil curtha ar Phríomh-Chonstábla an PSNI

Is léir gur ceapadh gur chuir Jon Boutcher a shúil thar a chuid nuair a scríobh sé chuig Príomh-Aire na Breataine faoin easpa maoinithe atá ag cur as don PSNI

Cur chuige díchéillí ag Stormont agus glas béil curtha ar Phríomh-Chonstábla an PSNI

Príomh-Chonstábla an PSNI Jon Boutcher agus Príomh-Aire na Breataine Keir Starmer. Pic: Simon Dawson / No 10 Downing Street

Is gearr go mbeidh Jon Boutcher bliain i gceannas ar an PSNI. Tugadh le fios nuair a roghnaíodh é go mbeadh sé ina shlánaitheoir ag an tseirbhís phóilíneachta a bhí in ísle brí. Anois tá sé féin agus Roinn Cirt Stormont in adharca a chéile agus sciolladh faighte aige faoi mhaoiniú do phóilíneacht a iarraidh ón bPríomh-Aire.

Tá a dhícheall déanta ag Boutcher go seasta chun acmhainní agus buiséad oiriúnach don ngnó a éileamh. Ón lá a ceapadh é tharraing sé aird go mion minic ar na heasnaimh atá ag cur as don PSNI, poll ollmhór sa mbuiséad agus, dá thairbhe sin, easpa foirne. Tá líon na foirne 1,200 faoi bhun an 7,500 a moladh i leasuithe Patten. Nuair a chuirtear san áireamh go mbíonn na céadta póilín breoite nó ar dhualgais speisialta is ionann sin agus an PSNI ag feidhmiú le 80% den bhallraíocht a síltear atá riachtanach. Is léir go mbeadh brú mór ar sholáthar don bpobal ó sheirbhís atá d’uireasa duine as gach cúigear.

Ní fear é Boutcher a bhfuil faitíos air a thuairimí a nochtadh. Feictear dó gurb é a dhualgas an PSNI, ar thug sé “sméar mhullaigh Chomhaontú Aoine an Chéasta” uirthi, a chosaint agus an tseirbhís a fhorbairt ar mhaithe leis an bpobal.

Rinne sé a chuid gearán agus aighneachtaí a chur os comhair Bhord na bPóilíní (a fhostóir) ag seisiúin phríobháideacha agus seisiúin phoiblí. Rinne sé gearán leis an Roinn Cirt agus leis an bhFeidhmeannas in Stormont ó d’fhill siad i mbliana.

Le gairid, dúirt sé go poiblí go raibh an PSNI tréigthe ag na húdaráis; mhaígh sé go raibh easnamh £140 milliún ar bhuiséad na bliana seo agus gur dócha nach bhféadfaí róchaitheamh a sheachaint. I ndiaidh an olltoghcháin, chuir sé an Príomh-Aire nua Keir Starmer ar an eolas faoin gcás.

Agus b’in é an lasair sa bharrach, is cosúil. Scríobh Ardrúnaí na Roinne Cirt chuig an bPríomh-Chonstábla ag cur in iúl dó gur bhain sé d’údarás an Aire (agus an Fheidhmeannais) nuair a scríobh sé ag an bPríomh-Aire. Chóipeáil an rúnaí Hugh Widdis a litir, ag moladh glas béil don bPríomh-Chonstábla, chuig na chéad-airí agus na LeasChéad-Airí, aire a roinne féin Naomi Long, gach ball den choiste Cirt in Stormont, Bord na bPóilíní agus – abair é – an Príomh-Aire Keir Starmer.

Sa litir, chuir an rúnaí in iúl go raibh rialacha ann a chaithfear a chomhlíonadh maidir le déileáil le rialtas na Breataine faoi mhaoiniú. Dúirt sé gur chun umhlaíocht don socrú daonlathach i dTuaisceart Éireann go háirithe údarás na n-airí i rialtas díláraithe a chinntiú a chaithfear cloí leis na cleachtais. Ba léir gur ceapadh go raibh Boutcher ag cur súil thar a chuid. Nach goilliúnach na créatúir iad.?

Bhí fainic san litir freisin faoi dhualgas mar oifigeach cuntasaíochta – gan a dhul thar bhuiséad. Ceart go leor. Baineann sé sin leis an dlí. Ach tá airí cloiste againn ag rá nach leor a mbuiséid agus go sárófar iad; má scríobhann ard-rúnaithe chucu, ní chuirtear cóipeanna amach ina slaodanna.

Cé a thógfadh ar Jon Boutcher é a cheapadh gur uirísliú a bhí i gceist. In ionad tacú lena éileamh, bhí Stormont ag rá leis gur fúthu féin amháin atá agus bhí siad ag cinntiú go mbeadh a fhios ag lear mór daoine go raibh cáineadh á dhéanamh.

Thacaigh an tAire Cirt Naomi Long lena rúnaí ag rá go raibh dualgas ar oifigeach cuntais (Boutcher sa gcás seo) cloí leis an mbuiséad a shocraigh Stormont. Dúirt sí go raibh an litir “cuí” ach gur údar díomá é gur sceitheadh í. An gceapann éinne nach bhfaighfear amach faoi litir a gcuirtear cóipeanna di ag scata mór daoine, go háirithe litir chomh conspóideach sin?

Tharla sé seo tráth a raibh an Príomh-Aire Keir Starmer ar chuairt ómóis chuig an PSNI i ndiaidh na gcíréibeacha inar gortaíodh póilíní. Chosain na círéibeacha ciníocha £9 milliún ar an PSNI, airgead a d’iarr Boutcher ó Westminster ina litir chuig Keir Starmer.

Coicís ó shin, leag an Príomh-Chonstábla amach a dhualgais reachtúla mar leanas:

Seirbhís phóilíneachta éifeachtach a sholáthar do gach éinne. É sin a dhéanamh, le neamhspleáchas oibríochtúil ach de réir a dhualgais mar oifigeach cuntasaíochta – ‘dualgais a thuigim go maith’. Faoi Alt 32 d’Acht Póilíneachta Tuaisceart Éireann 2000, ní mór dó agus don tseirbhís beatha agus réadmhaoin a chosaint, ord a choinneáil, stop a chur le coireanna agus, nuair a dhéantar coir, gníomhú chun an dlí a chur ar an gciontóir.

Thacaigh Bord na bPóilíní leis an bPríomh-Chonstábla. Aighneas leis an bhFeidhmeannas is ea é seo, achrann gan ghá a thiomsaigh Stormont. Nárbh fhearr go mór gach glór a bheith ag fógairt ar Westminster go bhfuil drochbhail ar an PSNI mar nach féidir daoine a earcú ná cóir leighis a chur ar bhaill atá breoite cheal airgid. Beidh an chéad chruinniú den Tionól ar siúl ar an 9 Meán Fómhair. “Tá siad ar saoire,” arsa Boutcher “ach beidh mise ag fanacht orthu nuair a fhillfidh siad.” An mbeidh sé de chiall ag an roinn an ghoimh a bhaint as an iomarbhá roimhe sin?

Fág freagra ar 'Cur chuige díchéillí ag Stormont agus glas béil curtha ar Phríomh-Chonstábla an PSNI'