Cúpla stát cinniúnach i Stáit Aontaithe Mheiriceá a shocróidh cé a bheidh i gceannas ar an Seanad agus an Chomhdháil

Laghdú mór ar chumhacht na nDaonlathach sa dá bhliain atá fágtha ag Biden sa Teach Bán a bheidh ann má bhaineann na Poblachtánaigh an Seanad nó an Chomhdháil díobh sna toghcháin lár téarma

Cúpla stát cinniúnach i Stáit Aontaithe Mheiriceá a shocróidh cé a bheidh i gceannas ar an Seanad agus an Chomhdháil

Is é is dóichí gur cúpla stát cinniúnach a shocróidh sna toghcháin lár téarma inniu cé acu ag Poblachtánaigh nó Daonlathaigh a bheidh ceannas ar Theach na nIonadaithe agus ar an Seanad.

Beidh na céadta toghchán ar siúl ar fud na Stát Aontaithe ach meastar gur gan dua a thoghfar cuid mhaith de na hiarrthóirí sin. Is cúpla rás géar a shocróidh ar deireadh cé aige a bheidh ceannas sa dá theach Rialtais. Is ag an bPáirtí Daonlathach atá an ceannas sa dá theach faoi láthair.

Laghdú mór ar chumhacht na nDaonlathach a bheadh ann sa dá bhliain atá fágtha ag Biden sa Teach Bán dá mbainfeadh na Poblachtánaigh an Seanad ná an Chomhdháil díobh.

Tá an dá pháirtí sáinnithe ag 50-50 sa Seanad faoi láthair ach tugann vóta réitigh an Leas-Uachtaráin Kamala Harris na Daonlathaigh as an tsáinn. Tá 100 ball sa Seanad, beirt ionadaithe as gach ceann den 50 stát.

Téarma 6 bliana a bhíonn ag seanadóirí agus tá toghchán ann do 34 de na suíocháin sin i mbliana.

De réir nóis ní go maith a théann na toghcháin lár téarma don pháirtí ag a mbíonn an uachtaránacht mar go n-ídíonn an pobal a míshásamh leis an Uachtarán reatha ar iarrthóirí a pháirtí, rud a théann chun tairbhe an pháirtí eile, ar ndóigh.

Is iad na Daonlathaigh atá i gceannas i dTeach na nIonadaithe faoi láthair, tá vóta ag 435 feisire agus tá 222 acu sin ag na Daonlathaigh agus 213 ag na Poblachtánaigh. Ní bhíonn ach téarma dhá bhliain ag na hIonadaithe agus mar sin tá toghchán ann do gach ceann den 435 suíochán sin.

Má chailleann an Páirtí Daonlathach ceannas ar thithe na Comhdhála, ná fiú ar cheann amháin féin acu, gabhfaidh sé crua ar an Uachtarán Joe Biden aon reachtaíocht, nó cuid an bheagáin di, a rith sa dá bhliain atá fágtha aige sa Teach Bán.

Formhór mór den 435 suíochán i dTeach na nIonadaithe, tá siad dílis daingean ag páirtí amháin nó an ceann eile. Measann lucht pobalbhreithe nach bhfuil ach thart ar 30 suíochán a d’fhéadfadh a ghabháil chuig ceachtar páirtí agus na cinn chinniúnacha sin i Pennsylvania, California, Ohio agus Carolina Thuaidh.

Meastar go bhféadfadh ceithre shuíochán Seanaid, as an 35 ar fad, a bheith corrach go maith agus dul ceachtar taobh – Nevada, Arizona, Georgia agus Pennsylvania.

Is iad na húdair imní is mó a léiríodh sna díospóireachtaí toghchánaíochta an boilsciú atá ag ardú as cuimse, an buille a thug an Covid-19 d’eacnamaíocht na tíre agus ceisteanna sóisialta amhail an éagothroime chiníoch agus an ginmhilleadh.

Má éiríonn leis na Daonlathaigh greim a choinneáil ar a gceannas sa dá Theach, beidh an tUachtarán Biden in ann gníomhú ar na pleananna atá fógartha aige le déileáil leis an athrú aeráide, forbairt a dhéanamh ar na cláir cúram sláinte, úinéireacht gunnaí a rialú agus cearta ginmhillte a chosaint. Má fhaigheann na Poblachtánaigh ceannas ar cheachtar teach, beidh ar a gcumas stad iomlán a chur leis an gclár oibre sin. Beidh siad in ann chomh maith smacht a fháil ar gach coiste fiosrúcháin, an ceann faoi léigear an Chaipeatóil ar an 6 Eanáir 2021 san áireamh.

Coinneofar súil an-ghéar go deo ar conas a dhéanfaidh na hiarrthóirí sin a bhfuil beannacht an iar-uachtaráin Donald Trump acu mar d’fhéadfadh na toghcháin lár téarma seo éachtaint a thabhairt dúinn ar iarrthóir an Pháirtí Phoblachtánaigh sa rás don Teach Bán in 2024.

Fág freagra ar 'Cúpla stát cinniúnach i Stáit Aontaithe Mheiriceá a shocróidh cé a bheidh i gceannas ar an Seanad agus an Chomhdháil'