Cúpla rud fós le socrú sa bhabhta deireanach den URC

Tá trí cinn d’fhoirne na hÉireann cáilithe do na babhtaí ceathrú ceannais ach caithfidh na Muimhnigh agus na hUltaigh bua a fháil an deireadh seachtaine seo más leo imirt sa bhaile sa chéad bhabhta eile

Cúpla rud fós le socrú sa bhabhta deireanach den URC

Damien de Allende (Cuige Mumhan) agus imreoirí de chuid Chúige Laighean. Pic: INPHO/Ryan Byrne

Beidh na cluichí deiridh de réamhbhabhtaí an URC á n-imirt an deireadh seachtaine seo agus gan le socrú anois ach cé aige a bheidh buntáiste an bhaile sna cluichí ceathrú ceannais a bheas á n-imirt faoi cheann coicíse. 

Maidir lena bhfuil i ndán d’fhoirne na tíre seo, tá a fhios againn cheana féin gurb é an cluiche amárach an ceann deiridh a bheas á imirt ag Cúige Chonnacht sa gcomórtas. Tá siad suite i bhfad siar, iad sa dara háit déag ar thábla an chomórtais agus ní féidir leo an t-ochtú háit a bhaint amach le háit sna cluichí ceathrú ceannais a chinntiú. Cén bhrí, ach seans maith go mbeidh ar a gcumas bua le pointe bónais a aimsiú agus iad sa mbaile i gcoinne Zebre na hIodáile, foireann nár bhuaigh ach cluiche amháin as seacht n-iarracht déag go dtí seo. Dála an scéil, seo é an cluiche deiridh a bheas á imirt ar pháirc an Bhóthair Bhig mar atá eolas againne air. Cuirfear tús le staid nua a thógáil ar an suíomh céanna an tseachtain seo chugainn. 

Tá na trí chúige eile suite san ochtú háit nó níos airde ar an tábla agus iad cinnte dá gcuid áiteanna sna cluichí ceannais. Go deimhin tá curaidh an chomórtais, Cúige Laighean, a bhfuil 62 pointe acu, suite ar bharr an tábla, iad in áit nach féidir le haon fhoireann eile a bhaint amach ag an tráth seo. Ciallaíonn sin go bhfuil foireann Leo Cullen cinnte go mbeidh buntáiste an bhaile acu sa gcluiche ceathrú ceannais, fiú má chailleann siad i gcoinne na Mumhan amárach. Ní iontas ar bith mar sin go bhfuil Cullen ag cur foireann dara rogha chun páirce don chluiche seo agus leathshúil aige ar chluiche ceannais Chorn na gCuradh a bheas á imirt i Marseille faoi cheann seachtaine. 

Ní hionann an cás ag na Muimhnigh. Tá siad sa dara háit le 56 pointe faoi láthair ach níl ach trí phointe iad féin agus na ceithre fhoireann atá taobh thiar díobh. Ciallaíonn sin go gcaithfidh siad dul ar thóir bua, agus b’fhéidir ceann le ceithre úd, más leo cluiche ceathrú ceannais baile a chinntiú. Sin brú, go háirithe agus iad ag imirt as baile, fiú más i gcoinne foireann réasúnta lag ó Chúige Laighean atá siad. 

Tá na hUltaigh sa mbád céanna ach amháin gur acu atá buntáiste an bhaile anocht agus iad i gcoinne na Sharks, foireann atá sa tríú háit agus iad pointe amháin chun cinn ar na hUltaigh, dream atá sa gcúigiú háit le 55 pointe. Beidh an dá fhoireann seo ar a míle dícheall ar thóir bua chun cluiche ceathrú ceannais baile a chinntiú. Beidh an-chluiche againn i mBéal Feirste agus cé gur deacair toradh a thuar, is le foireann an bhaile atá chuile bhuntáiste ag an tráth seo. 

Tá na deacrachtaí céanna ag na Stormers agus na Bulls ón Afraic Theas. Má bhíonn bua acu beidh siad san áireamh do chluiche ceathrú ceannais baile, ag brath ar thorthaí eile. Tá Glaschú agus Dún Éideann cinnte go mbeidh siad fós sa gcomórtas faoi cheann coicíse ach níl seans ar chluiche baile acu. 

Seans gur chúis náire do na Breatnaigh nár éirigh le haon fhoireann ón tír sin áit sa gcéad bhabhta eile a bhaint amach. Ní haon dea-scéala é sin do thodhchaí an chomórtais ach oiread.  

Fág freagra ar 'Cúpla rud fós le socrú sa bhabhta deireanach den URC'