Cúpla drochscéal don turcaí an Nollaig seo

B’fhéidir go bhfuil sé in am athmhachnamh a dhéanamh ar an tuairim nach Nollaig a bheadh inti gan feoil turcaí ar an mbord

Cúpla drochscéal don turcaí an Nollaig seo

Ní dea-scéala é sin faoi na turcaithe agus muid ag teannadh le dinnéar na Nollag. Na turcaithe i Muineachán ar tugadh faoi deara go raibh fliú na n-éan orthu atá i gceist agam.

Ar fheirm i ndeisceart an chontae a bhí siad, feirm a bhfuil 30,000 turcaí á dtógáil uirthi.

Cúpla lá ina dhiaidh frítheadh amach go raibh an fliú ar thuilleadh turcaithe sa gcontae.

Cuireadh cosc ar éanlaith a aistriú as an an gceantar atá i gceist agus d’ordaigh údaráis Thuaisceart Éireann go gcoinneofaí istigh na héanlaith clóis ar fad.

Ní ar na turcaithe amháin atá an fliú seo ach ar éanacha fiáine i seacht gcontae eile freisin.

Fliú é a scaipeann go scioptha i measc éanacha ach deir na heolaithe linn nach bhfuil aon chontúirt mhór ann go dtolgódh daoine é.

Ach an mbeidh turcaithe gann an Nollaig seo? Má scaipeann an fliú ina measc go tréan caithfear an t-uafás acu a chur chun báis agus a chur i dtalamh nó a dhó.

Tógann Ger McMyler 3,000 turcaí chuile bhliain ar a fheirm in aice le Maigh Nuad. Is é a chuireann turcaithe ar fáil don dinnéar a eagraíonn Ardmhéara Bhaile Átha Cliath chuile Nollaig i gcomhair an dream atá gan teach gan áras. Tá a dhóthain féin d’imní air faoi láthair.

Nuair a chuala mé faoin bhfeirm atá ag Ger chuimhnigh mé ar an am ar thug dream againn cuairt eolais ar Ghaeltacht na Mí as Údarás na Gaeltachta.

Tionscail an cheantair a theastaigh uainn a fheiceáil.

Ar cheann acu bhí tionscal a bhí ag fear a bhí ag ullmhú feoil turcaí d’óstáin agus do bhialanna.

Mhínigh sé dhúinn go mbíonn seacht gcineál feoil turcaí ann.

D’fhiafraigh mise de cá raibh sé ag fáil na dturcaithe?

‘As an Iodáil,’ ar seisean

‘Nach sílfeá go bhfuil machaire breá na Mí an-fheiliúnach le turcaithe a thógáil air?’ arsa mise.

‘Tá freisin,’ ar seisean, ‘nach raibh feilm turcaithe agam féin amach an bóthar ach b’éigean dom é a dhúnadh de bharr rialacha agus coinníollacha.’

‘Nach iad na rialacha céanna atá acu san Iodáil, rialacha Aontas na hEorpa?’ arsa mise.

‘Is iad,’ ar seisean go cráite, ‘ach an gcuireann na hIodálaigh i bhfeidhm iad?’

Tharlódh sé go gcaithfí neart turcaithe eile a thabhairt as an Iodáil go hÉirinn as seo go Nollaig má leathann fliú na n-éan tuilleadh sa tír seo.

Cibé faoi na turcaithe a bheith gann is í sláinte an phobail is tábhachtaí ar deireadh thiar. Tá barántas tugtha ag lucht leighis nach gá dhúinn a bheith buartha faoi na cásanna a tugadh faoi deara i Muineachán ach féach an dochar a rinne fliú Hong Cong.

Ar an 19 Bealtaine 1997 chuir an fliú gasúr trí bliana chun báis i Hong Cong. Sular cuireadh an ráig sin faoi chois bhásaigh cúigear eile agus b’éigean 1.6 milliún éan a chur de leataobh.

Idir 1997 agus 2005 chlaochlaigh an víreas agus chuir sé 62 duine eile chun báis san Áise.

Ní dócha mar sin féin go maolóidh na scéalta seo dúil daoine i bhfeoil turcaí. Nuair a rinneadh suirbhéireacht i Sasana riar blianta ó shin dúirt 80% den dream a ceistíodh nach Nollaig a bheadh inti gan feoil turcaí a bheith ar an mbord Lá Nollag.

B’fhéidir go bhfuil sé in am athmhachnamh a dhéanamh ar an tuairim sin an Nollaig seo.

Fág freagra ar 'Cúpla drochscéal don turcaí an Nollaig seo'

  • Níall

    Nollaig gan turcaí, nollaig gan anam 😄

  • Des O Murchu

    Na dearmad na piosai blasta ata laistigh den turcai a fhail, cocail go mall, yummy yummy!