Tá cuóta Gaeilgeoirí i measc iarrthóirí toghcháin ar na rúin a phléifear ag Ard-Fheis Shinn Féin an deireadh seachtaine seo.
Cumann Martin/Tracey in Oirthear Bhéal Feirste atá ag moladh gur chóir do Shinn Féin polasaí “idirdhealú dearfach” a chur i bhfeidhm lena chinntiú go mbíonn cuóta de Ghaeilgeoirí ag seasamh do gach fóram ina mbíonn baill tofa an pháirtí: An Dáil, an Seanad, Tionól Stormont, agus na húdaráis áitiúla ar fud na hÉireann.
Moltar freisin go mbeadh a leithéid de struchtúr i bhfeidhm thaobh istigh den pháirtí féin “go háirithe” ag leibhéal na hArd-Chomhairle.
Tá a leithéid de chuóta i bhfeidhm ag páirtithe éagsúla sa tír maidir le líon na mban a sheasann do thoghcháin éagsúla.
Tá an céatadán is mó cainteoirí Gaeilge ag Sinn Féin sa Seanad, sa Dáil agus i dTionól Stormont.
Tá ceithre mholadh eile ar chlár na hArd-Fheise a bhaineann le cúrsaí Gaeilge. Is faoi chúrsaí Gaeilge taobh istigh den pháirtí féin péire acu, ceann amháin a bhaineann le húsáid na Gaeilge sa Dáil agus ceann ginearálta ón Ard-Chomhairle faoi chúrsaí Gaeilge.
Moltar i rún de chuid Chomhairle Ceantair Bhaile Átha Cliath Láir Theas go mbeadh “gach eolas agus bileog toghcháin” a chuirfidh Sinn Féin amach dátheangach agus go mbeadh ábhar a scaiptear i gceantair Ghaeltachta curtha in oiriúint do chanúint an cheantair sin.
De réir an rúin bheadh an Ghaeilge “ar gach clár cumainn ag gach cruinniú” fiú mura ndéantar gnó an chumainn i nGaeilge.
Tugann an Ard-Chomhairle aitheantas ina rún sin don obair atá déanta ag baill an pháirtí agus ag gníomhaithe Gaeilge atá i mbun feachtais ar son Achta Gaeilge ó thuaidh le bliain anuas.
“Tá Sinn Féin tiomanta do dhul chun cinn na Gaeilge, dá hathbhunú mar cheann de na príomhtheangacha labhartha in Éirinn agus do chur i bhfeidhm cearta do Ghaeilgeoirí,” a maítear sa rún.
Moltar go nglacfaí leis an gcáipéis de chuid an pháirtí Tír gan Teanga Tír gan Anam mar pholasaí.
Moltar i rún eile go dtabharfaí aitheantas do bhunú na chéad Dála ar an 21 Eanáir 1919 trí ghnó na Dála a dhéanamh go hiomlán i nGaeilge in 2019, mar a rinneadh an chéad lá sin.
Anuas ar na rúin Ghaeilge atá ar chlár na hArd-Fheise, beidh an Seanadóir Niall Ó Donnghaile ag labhairt faoin éileamh ar Acht Gaeilge ó thuaidh agus ar an bhfeachtas atá ar bun faoi láthair reachtaíocht teanga a bhaint amach.
‘I dtreo Éire Aontaithe’ téama na hArd-Fheise atá ar siúl san RDS i mBaile Átha Cliath.
Fág freagra ar 'Cuóta d’iarrthóirí toghcháin le Gaeilge mar rún ag Ard-Fheis Shinn Féin'