Cuntas suaite snasta ar ghníomhartha buile an Night Stalker

Díríonn an coirscéal fírinneach is déanaí ó Netflix ar shlad dúnmharaithe Richard Ramirez i 1985

Cuntas suaite snasta ar ghníomhartha buile an Night Stalker

Bhí Richard Ramirez ar dhuine de na dúnmharfóirí sraithe is míchlúití  i Meiriceá, agus ar fud an domhain b’fhéidir. Gníomhartha buile is foréigin ar aon dul le David Berkowitz (Son of Sam) agus Ted Bundy. Idir Lá le Pádraig 1985 agus deireadh mhí Lúnasa na bliana céanna bhí sé ag marú, ag éigniú, ag ionsaí agus ag robáil gan taise gan trócaire. Thosaigh na meáin ag rith le brothall agus bhí an pobal sceimhlithe ina mbeatha. 

Sa tsraith ceithre chlár Night Stalker: The Hunt for a Serial Killer (Netflix) tugtar cuntas ar an tréimhse chorraitheach sin. Ba iad na bleachtairí Gil Carrillo agus Frank Salerno a bhí ar thosach cadhnaíochta sa tseilg agus siad siúd atá i lár an aonaigh sa tsraith seo.

Is beag trácht a dhéantar ar shaol Ramirez, a óige mhífheidhmiúil san áireamh. Luaitear an t-athair foréigneach a cheanglaíodh an Ramirez óg de chros i reilig thar oíche go minic mar phionós. Bhí a fhear gaoil, Mike, mar laoch aige agus chuir sé siúd fé dhraíocht é le scéalta foréigin ó chogadh Vítneam. Go deimhin bhí Ramirez féin i láthair nuair a dhein Mike a bhean chéile a lámhach san aghaidh. Ní dhéantar aon chíoradh ar thionchar na n-eachtraí sin ar an bhfear óg nó conas mar a shleamhnaigh sé i dtreo an fhoréigin bhrúidiúil. Eagla ar mheitheal an chláir go gcuirfí ina leith go rabhthas ag déanamh leithscéil nó ag cothú dáimhe. 

Ba é an t-ógánach Gil is túisce a cheap go raibh dúnmharfóir sraithe ar an bhfód agus d’inis an fear céanna dúinn go raibh doicheall ar a chomhghleacaithe glacadh lena thuairim is iad ag magadh faoi fiú. An chúis leis ná nach raibh aon phatrún le cur chuige Ramirez, nó An Night Stalker, faoi mar a bhaist na meáin air. Mharaigh sé idir óg agus aosta, idir fhir agus mhná. D’fhuadaigh sé, d’éignigh sé, agus i gcásanna áirithe scaoil sé daoine chun siúil. Lena chois sin ar fad d’úsáid sé gunnaí, sceana, uirlisí agus ceangail le daoine a chur den saol. Meascán mearaí ceart a d’fhág bleachtairí ag tochas a gcinn ar feadh i bhfad. 

Ba é Salerno a chur an tsúil ribe ar an Hillside Strangler sna seachtóidí déanacha. Níorbh fhada ná go raibh sé mar pháirtí ag Gil. Páirtnéireacht chorr ba ea í a deirtear linn, an seanfhondúir beagfhoclach proifisiúnta taobh leis an ógánach cuideachtúil. Tá Gil ag tarrac ar sheachtó anois agus tá na ceithre scór slánaithe ag Salerno. Tugann an bheirt cuntas cuimsitheach ar an tréimhse agus iad ag caint go hionraic lán mothúchán faoi gcás a fhágann lorg orthu go dtí an lá atá inniu ann.

Iad beirt gafa leis an gcás, róghafa b’fhéidir. An déistin ag éirí thiar as a ndúthracht. Ag tabhairt faoi na blúiríní beaga fianaise go cáiréiseach agus pictiúr á chur le chéile acu píosa ar phíosa.

Ceann de láidreachtaí an tsaothair ná go labhraítear le híobartaigh a tháinig slán agus muintir na n-íobartach a cuireadh den saol. Duine den chéad dream acu sin is ea Anastasia Hronas agus d’fhéadfaí clár ann féin a dhéanamh ar an mbean chróga ar leith seo. Ní raibh sí ach sé bliana d’aois nuair a d’fhuadaigh agus d’ionsaigh Ramirez í. Scaoileadh saor í agus ina dhiaidh sí ní hamháin gur éirigh léi é a aithint i líne ach bhí sí sásta fianaise a thabhairt os comhair cúirte lena chinntiú go dtiocfadh daoine eile slán. Ag deireadh na sraithe fógraíonn sí féin go bhfuil sí tagtha slán agus nár lig agus nach ligfidh sí don eachtra bhrúidiúil sin a saol a chur ó mhaith. 

Cé go gcuaigh an saothar thar fóir ar uairibh ina chuid iarrachtaí atmaisféar tuarúil a chruthú (seatanna fadálacha de fhrancaigh, cait agus cuileoga á mbá) is saothar cráite, snasta é seo. 

Ní bheidh an goile ag cách dó, áfach.

Fág freagra ar 'Cuntas suaite snasta ar ghníomhartha buile an Night Stalker'