It is not those who can inflict the most but those who can endure the most who will conquer.
Sé an ráiteas cáiliúil úd le Terence MacSwiney a chuir clabhsúr le clár faisnéise nua faoi stailc ocrais 74 lá Mhéara Chorcaí i 1920. An sprioc a bhí ag 74 Days: The Hunger Strike of Terence MacSwiney (RTÉ1, Dé Céadaoin) ná léargas a thabhairt ar staid fhisiciúil agus intinne MacSwiney mar aon le cuntas a sholáthar ar an gcorraíl pholaitiúil agus an foréigean sa tír. Lena chois sin deineadh cíoradh ar an tslí gur tarraingíodh aird an domhain ar chruachás an Chorcaígh agus, dá réir sin ar Chogadh Saoirse na hÉireann.
Is í an scoláire Sarah-Anne Buckley a bhí mar láithreoir againn agus dhein sí sin a threorú go cumasach trí na téamaí sin. Bailíodh meitheal bhreá de chloigne cainte le chéile agus dheineadar cur síos is anailís ghrinn ar imeachtaí suaite na tréimhse. Lena chois sin baineadh úsáid as míreanna beaga athchruthaithe agus grafaicí le codanna den scéal a insint.
Bhí cúrsaí suaite go maith nuair a gabhadh MacSwiney; lámhachadh a réamhtheachtaí mar Mhéara Chorcaí, Tomás MacCurtain, tamall roimhe sin. Cuirtear abhaile orainn arís agus arís eile go raibh an stailc ocrais agus bás MacSwiney ar cheann de na heachtraí ba chinniúnaí i rith Chogadh na Saoirse. Deirtear linn gurbh iad na sé mhí tar éis a bháis an tréimhse ab fhuiltí sa Chogadh. Is i rith an ama sin a maraíodh 70% díobh siúd a cuireadh den saol i gCogadh na Saoirse. Go deimhin is sna seachtainí tar éis a bháis a tharla marú Kevin Barry, luíochán Chill Mhichíl, loscadh Chorcaí agus eachtraí fuilteacha Dhomhnach na Fola.
Chuaigh Buckley i mbun cainte leis an síceolaí cliniciúil Eddie Murphy agus an Dr. Phil Kieran le héachtaint a fháil ar staid intinne agus cholainne MacSwiney i rith na tréimhse suaite sin. D’úsáid siad nótaí leighis comhaimseartha, a choinnigh an lucht leighis a bhí ag déanamh cúraim do MacSwiney, mar bhunús lena gcuid cainte. Baineadh úsáid as grafaicí agus tuiscintí eolaíochtaí an lae inniu le léamh a dhéanamh ar dhrochstaid an stailceora ocrais. Ní raibh aon locht agam ar an gcuid seo den chlár ach ar shlí bhíos ag súil lena thuilleadh ós na míreanna seo. Ní raibh aon chor nó léamh úrnua ann, dar liom.
Is mó de bhlas a fuaireas ar an gcomhthéacs polaitiúil a thug na cloigne cainte éagsúla dúinn ag cur síos ar an tslí gur tharraing gníomhartha MacSwiney aird an domhain ar chás na hÉireann agus gur fágadh na Sasanaigh i sáinn. Go deimhin nuair a cailleadh MacSwiney ghabh na Sasanaigh an chónra agus sheol siad díreach go Corcaigh í le deis bholscaireachta, sochraid i mBaile Átha Cliath, a cheilt ar na Gaeil. Bhí sochraid acu mar sin féin d’uireasa na cónra.
Deineadh trácht ar stuaim, ar dhiongbháilteacht agus ar ghliceas mhuintir MacSwiney. D’éirigh lena dheirfiúracha Mary agus Annie mar aon lena bhean Muriel na meáin a láimhseáil go cliste le scéal MacSwiney agus Chogadh an Saoirse a scaipeadh ar fud an domhain. Luadh go raibh an stailc ocrais ina hábhar inspioráide agus ábhar spreagtha ag leithéidí Nelson Mandela, Mahatma Gandhi agus Ho Chi Minh mar aon le muintir Thír na mBascach, na Catalóine agus na Palaistíne.
Ina theannta sin tráchtadh ar an troscadh i dtraidisiún na nGael agus tagraíodh do stailceanna ocrais Thuaisceart Éireann sna hochtóidí agus Laurence McKeown ag labhairt go tomhaiste faoina thaithí féin.
Saothar stuama a thugann cuntas ar bhás suaite fhear ar leith agus an chumhacht a bhaineann leis an gcomhrac neamhfhoréigneach.
John M.O`Donoghue
“It is not those who can inflict the most but those who can endure the most who will conquer.
Cork was the anvil on which the British Empire perished in Ireland.”
An-chlár, laoch agus gaiscíoch mhór Cogadh na Saoirse ab ea Traolach MacSuibhne, Ard Méara Chathair Corcaí. Ba cheart do muintir na cathrach a bheith an-bhrodúil as.
Ní de thimpiste a dtugtar contae na reibiliúnaithe ar muintir Corcaí.
Níl mé claonta mar is Ciarraíoch mallaithe mise.
In aimsir seo an Covid beidh orainn mar tír alan a fhulaingt sara a mbeidh an bua againn.
Ní mór duinn eiseamláir Mhic Suibhne a leanúint agus Corcaíoch igceannas na tíre chun ár mbó a chur thar abhainn.