Tá scéalta beatha seisear Gael eile atá imithe ar shlí na fírinne curtha leis an mBunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge ainm.ie. Tá breis agus 1,800 beathaisnéis ar an suíomh a bhaineann leis an tréimhse ó 1560 go dtí an lá atá inniu ann.
Is iad an seisear is deireanaí a cuireadh leis an mbunachar: an dealbhóir Cliodhna Cussen, a bhásaigh in 2022; an tOllamh Breandán Ó Doibhlin, a bhásaigh in 2023; an bhean drámaí Cairméal Uí Bholghuidhir, a bhásaigh in 2023; an cumadóir Mícheál Ó Suilleabháin, a bhásaigh in 2018; an dlíodóir Séamus de Napier, a bhásaigh in 2008; agus an craoltóir Bríd Ní Chualáin, a bhásaigh in 2021.
Ba as an gCaisleán Nua i gcontae Luimnigh í Cliodhna Cussen. Bhí sí ar dhuine de bhunaitheoirí Chumann Dealbhóirí na hÉireann agus foilsíodh 26 leabhar léi, idir úrscéalta agus chnuasaigh filíochta. Bhí sí pósta le Pádraig Ó Snodaigh a bhásaigh ag tús na bliana agus ba í máthair an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh, na gceoltóirí Rónán agus Rossa Uí Shnodaigh, an t-údar Colm Ó Snodaigh, Fergus Ó Snodaigh agus Cormac Ó Snodaigh.
Bhí Breandán Ó Doibhlin ina ollamh le Nuatheangacha i gColáiste Phádraig, Má Nuad. Foilsíodh breis agus 300 saothar uaidh, úrscéalta, ailt agus aistriúcháin ina measc. Ba bhall gníomhach é den fhoireann a d’aistrigh An Bíobla Naofa i 1981 agus bhí sé lárnach san fheachtas chun an Centre Culturel Irlandais a bhunú i bPáras in 2002.
‘Banríon na Scoildrámaíochta’ a thugtaí ar Chairméal Uí Bholguidhir, a thug seirbhís dhílis dheonach don Chumann Scoildrámaíochta ar feadh beagnach dhá scór bliain. Bhíodh drámaí istigh ar an gcomórtas aici gach bliain agus foilsíodh dráma dá cuid – ‘Bróga briste draíochta’ – in Tríocha Dráma do Dhaltaí Bunscoile (1989).
D’fhág Mícheál Ó Súilleabháin lorg láidir ar chúrsaí ceoil in Éirinn. Ba é an chéad Ollamh le Ceol a ceapadh in Ollscoil Luimnigh agus bhunaigh sé Ionad na nAmhrán i bpáirt le Lillis Ó Laoire chun taighde a spreagadh ar an amhránaíocht i nGaeilge agus i mBéarla. Chum sé Aifreann traidisiúnta Gaelach dar teideal Missa Gadelica.
Chaith Bríd Ní Chualáin breis agus 30 bliain ag obair le RTÉ Raidió na Gaeltachta i gceannáras an stáisiúin i gCasla. D’fhág sí oidhreacht ghairmiúil shuntasach ina diaidh agus d’oibrigh sí ar iliomad clár i gcaitheamh a saoil. Chomhordaigh sí sraith clár do dhaltaí meánscoile iClub agus stiúir sí comhghleacaithe i stiúideonna Dhoirí Beaga agus Baile na nGall. Chaith sí na sé bliana deiridh dá saol oibre ag léiriú agus ag craoladh ar Nuacht a hAon.
Bhí Séamus de Napier páirteach i mbunú Iontaobhas Ultach in 1989, a chuir an Ghaeilge chun cinn i measc díograiseoirí is Protastúnaigh Uladh. Ceapadh ina Mháistir Fómhais ar Ardchúirt Thuaisceart Éireann ó 1990 go 2007. Foilsíodh dhá úrscéal leis, Balbh go mailíseach (1991) agus Druid do bhéal, ‘Bhéal Feirste (1997) faoina ainm cleite Alec Bán Mac Conaill.
Is iad Eilís Ní Anluain, Tracey Ní Mhaonaigh, Seán Mac Labhraí agus Lillis Ó Laoire a sholáthair na cuntais ar bheathaí an tseisir. Bunaíodh painéal comheagarthóirí in 2013 faoi stiúir Chló Iar-Chonnacht leis na beathaisnéisí a scríobh. I measc na ndaoine eile atá ag plé leo tá Mártan Ó Ciardha, Máire Zepf, agus Gráinne Ní Mhuirí.
Fág freagra ar 'Cuntas beathaisnéise seisear Gael eile curtha le ainm.ie'