Cuntas beathaisnéise seachtar Gael eile curtha le ainm.ie

Ar an gcúigear a bhfuil cuntas nua ar a saol foilsithe ar ainm.ie, tá na t-aisteoir Tom Sailí Ó Flaithearta agus an tOllamh Breandán Ó Madagáin

Cuntas beathaisnéise seachtar Gael eile curtha le ainm.ie

Tá scéalta beatha seachtar Gael eile atá imithe ar shlí na fírinne curtha leis an mBunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge.

I measc an tseachtair a bhfuil cuntas nua ar a saol foilsithe ar ainm.ie, tá an t-aisteoir aitheanta ó Chonamara, Tom Sailí Ó Flaithearta (1931-2021); an dochtúir agus gníomhaí teanga ó chontae an Dúin, Ruairí Ó Bléine (1931-2022); an ceanglóir leabhar Séamus Ó Muirí (1928-1992); agus an sagart agus údar Anraí Mac Giolla Chomhaill (1940-2021).

Cuireadh chomh maith le ainm.ie le déanaí cuntas ar Bhreandán Ó Madagáin (1932-2020), an mórscoláire Gaeilge agus ceoleolaí; an múinteoir agus scríbhneoir ó Bhéal Feirste,  Brian Ó Maoileoin (1936-2003); agus ar an aisteoir agus craoltóir Peadar Ó Cúláin (1952-2023).

Is iad Mártan Ó Ciardha, Máire Zepf, Gráinne Ní Mhuirí, Seán Mac Labhraí agus Lillis Ó Laoire a sholáthair na cuntais ar bheathaí an tseachtair thuasluaite.

Tá breis is 1,800 beathaisnéis ar fáil ar ainm.ie atá faoi chúram Fiontar agus Scoil na Gaeilge, DCU, Cló Iar-Chonnacht, Diarmuid Breathnach, nach maireann, agus Máire Ní Mhurchú, údair na naoi n-imleabhar sa tsraith Beathaisnéis ar a bhfuil an bunachar bunaithe.

Fág freagra ar 'Cuntas beathaisnéise seachtar Gael eile curtha le ainm.ie'